Rialachas agus Riarachán

Eitic agus Rialú

Ár bhFís

“Contae atá saibhir, comhbhách agus mórtasach, a bhfuil leas saoránach agus pobal i gcroílár gach rud a dhéanaimid agus go dtugtar luach agus ómós dár n-acmhainní nádúrtha"

Tiomantas Chomhairle Contae Chorcaí do Shaoránaigh (pdf)

Ár nAidhm

“barr feabhais a spreagadh i soláthar seirbhíse a fhreagraíonn do riachtanais agus ionchais ár saoránach"

Straitéis Seirbhíse Custaiméara Chomhairle Contae Chorcaí (pdf)

 

Cuireann na 31 Chomhairle Contae agus Cathrach réimse leathan seirbhísí ar fáil ar fud na hÉireann. Is féidir leis na seirbhísí sin tionchar a bheith acu ar do shaol ó lá go lá agus ináirithe orthu tá tithíocht, iompar, pleanáil, leabharlanna, conláistí, bainistíocht comhshaoil, seirbhísí dóiteáin agus éigeandála, bonneagar, forbairt pobail agus eacnamaíochta. Déanann comhairleoirí atá tofa plé ar sholáthar na seirbhísí sin ag cruinnithe míosúla na Comhairle Cathrach nó Contae. Tá na cruinnithe sin ar oscailt don phobal.

Cliceáil an nasc a leanann chun tuairisc iomlán a fháil ar Tháscairí Feidhmíochta CNMI na nÚdarás Áitiúil.

Físghrafaicí tháscairí feidhmíochta Chomhairle Contae Chorcaí atá liostaithe thíos:

Físghrafaic Tháscairí Feidhmíochta Chomhairle Contae Chorcaí 2015 pdf)

 

An tAcht um Nochtuithe Cosanta 2014

Éilíonn Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014 go bhfoilseofar tuairisc gach bliain a bhaineann leis an líon nochtuithe cosanta a rinneadh le linn na bliana roimhe sin agus go bhfoilseofar eolas maidir le haon ghníomh a rinneadh mar fhreagra ar aon nochtadh cosanta a rinneadh.

An tAcht um Nochtuithe Cosanta 2014 (pdf)

Beartas Eatramhach um Nochtuithe Cosanta

Beartas um Nochtuithe Cosanta Tuarascáil Bhliantúil 2016 (pdf)

Beartas um Nochtuithe Cosanta Tuarascáil Bhliantúil 2017 (pdf)

Beartas um Nochtuithe Cosanta Tuarascáil Bhliantúil 2018 (pdf)

Beartas um Nochtuithe Cosanta Tuarascáil Bhliantúil 2019 (pdf)

Beartas um Nochtuithe Cosanta Tuarascáil Bhliantúil 2020 (pdf)

Cruinnithe, Cláir Oibre, Miontuairiscí, Costais agus Íocaíochtaí Comhaltaí Tofa

 

Déanannan Seirbhís Iniúchta Rialtais Áitiúil mionscrúdú neamhspleách ar mhaoirseacht airgeadais na n-údarás áitiúil agus comhlachtaí áitiúla eile.

Is é an ról atá acu ná:

  • iniúchadh a dhéanamh ar chomhlachtaí rialtais áitiúil de réir an Chóid reachtúil um Chleachtais Iniúchóireachta, agus ar an mbealach sin na caighdeáin maoirseachta airgeadais agus freagracht phoiblí is airde a chothú.
  • bualadh faoi iniúchtaí ar Luach ar Airgead, na torthaí a thagann uathu a fhoilsiú agus ar an mbealach sin cabhrú le húdaráis áitiúla an luach is fearr a fháil ar airgead.

Comhairle Contae Chorcaí - Tuarascáil Iniúchta 2020 

Comhairle Contae Chorcaí - Tuarascáil Iniúchta 2019 

Comhairle Contae Chorcaí - Tuarascáil Iniúchta 2018 

Comhairle Contae Chorcaí - Tuarascáil Iniúchta 2017 

Comhairle Contae Chorcaí - Tuarascáil Iniúchta 2016 

Féach ar an nasc seo a leanas i gcóir an: Polasaí Rioscaí Bainistíochta (pdf)

Cuireann Cuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, Alt 171 mar dhualgas ar chomhaltaí tofa agus céimeanna áirithe foirne den Chomhairle dearbhú scríofa bliantúil a mbeidh sonraí dá "leasuithe is gá a fhógairt" ináirithe orthu a ullmhú agus a chur ar fáil don chlár eitice, laistigh de bhrí Alt 175 den Acht.  

Mar riail ginearálta, déanann an creat seo foráil go bhfuil sé mar dhualgas ar gach comhairleoir agus fostaí údaráis áitiúil caighdeáin chuí ionracais, iompair agus cúraim a choimeád ar mhaithe le leas an phobail. Leagann an fhoirm dearbhaithe bhliantúil fhorordaithe amach liosta na "leasuithe is gá a fhógairt" a éilíonn an tAcht.  Mar threoir ghinearálta, bíonn gabháltais talún nó réadmhaoin eile, scairshealbha, stiúrthóireachtaí agus aon chonradh gnó le húdarás áitiúil ináirithe orthu. Faoin Acht, éilítear ar chomhaltaí tofa agus fostaithe ábhartha sonraí a nochtadh maidir le gach ábhar e.g. pleanáil agus forbairt, a d'fhéadfadh teacht aníos scaití agus a mbeadh leas tairbheach acu ann.

Ní mór foirmeacha comhlánta a chur isteach gach bliain ar dháta nach déanaí ná an lá deireanach de mhí Feabhra agus is cion é faillí a dhéanamh de réir an Achta. Tá aon duine den phobal in ann na taifid sin a fheiceáil ag Ceanncheathrú Chomhairle Contae Chorcaí, Halla an Chontae, Corcaigh trí theagmháil a dhéanamh le corporateservices@corkcoco.ie.