Boithre Agus Iompar

Ceadúnais Tiomána

Ní eisíonn Comhairle Contae Chorcaí Ceadúnais Tiomána ná Ceadúnais Foghlaimeora a thuilleadh.  Déanfar aon iarratas ar cheadúnas a fhaigheann Oifig Mótarchánach Chorcaí a sheoladh ar ais láithreach bonn go dtí an seoltóir.

Is í an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS) a dhéileálann le hiarratais anois.  Is féidir teagmháil a dhéanamh léi ar (0761) 087880 nó ag www.ndls.ie.

Seo a leanas na háiteanna a bhfuil Oifigí na seirbhíse suite i gCorcaigh

  • Aonad Tráchtála 1, Halla Copley, Sráid Uí Choitéir, taobh le Sráid Copley, Cathair Chorcaí
  • 1ú Urlár, Marglanna Comharchumainn Chorcaí, Bóthar na Maí, An Sciobairín, Contae Chorcaí
  • 2ú Urlár, 17 Cearnóg an Mhargaidh, Mala, Contae Chorcaí