Cáin ar Thalamh Criosaithe Cónaithe

Thug an Rialtas an Cháin ar Thalamh Criosaithe Cónaithe isteach i mBuiséad 2022 faoi Chuid 22A den Acht Comhdhlúite Cánacha (ACC), 1997, leis an Acht Airgeadais, 2021.
Is é príomhchuspóir na cánach ar thalamh forbraíochta criosaithe cónaithe ná spreagadh a thabhairt do thalamh forbraíochta cónaithe criosaithe agus seirbhísithe a ghníomhachtú go tráthúil le haghaidh tithíochta, seachas ioncam a bhailiú.
Tá sé i gceist leis an mbeart gníomhachtú a dhéanamh ar na ceadanna pleanála agus na criosanna atá ann cheana ina gceadaítear tithíocht agus i gcás ina bhfuil an talamh ceangailte le seirbhísí, nó ina bhfuil rochtain aige ar sheirbhísí, ach go bhfuil sé fós neamhfhorbartha. Tá sé i gceist go príomha tionchar a imirt ar iompar i dtreo aschur tithíochta méadaithe. Ar an gcéad dul síos, déanfar oibriú an bhirt trí léarscáileanna a ullmhú a shainaithníonn talamh a thagann laistigh de raon feidhme na cánach, de bhua criosú agus seirbhísiú cuí.
Chun riachtanais an Achta Airgeadais, 2021 arna leagan amach ag an Rialtas, a chomhlíonadh, d’ullmhaigh Comhairle Contae Chorcaí Dréachtléarscáil na Cánach ar Thalamh Criosaithe Cónaithe ina sainaithnítear na tailte atá i raon feidhme na cánach laistigh dá limistéar feidhme.
Ní bheidh maoine cónaithe ná a gcúirtealáiste cónaithe, d’ainneoin iad a bheith ar an dréachtléarscáil, inmhuirir i leith na cánach ar thalamh criosaithe cónaithe.
Is iad na Coimisinéirí Ioncaim, seachas Comhairle Contae Chorcaí, a dhéanfaidh an beart cánach a riar. Ní mór do Chomhairle Contae Chorcaí an léarscáil ábhartha a fhoilsiú agus comhairliúchán poiblí a dhéanamh ar an léarscáil.
Tugtar cuireadh d’aighneachtaí nó tuairimí maidir le Dréachtléarscáil na Cánach ar Thalamh Criosaithe Cónaithe ó úinéirí talún/daoine den phobal le linn na tréimhse ón Máirt an 1 Samhain 2022 go dtí Meán oíche Dé Domhnaigh an 1 Eanáir 2023 iar cheann den dá bhealach seo a leanas:
- On-line 'Déan Aighneacht' agus na treoracha atá curtha ar fáil a leanúint. [Laghdaigh ceangaltáin mhóra chun aon fhadhbanna teicniúla a sheachaint].
NÓ
- I scríbhinn chuig an bPleanálaí Sinsearach, Aonad Beartais Pleanála, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 13, Halla an Chontae, Corcaigh. Ba cheart “Aighneacht chuig Dréachtléarscáil na Cánach ar Thalamh Criosaithe Cónaithe” a bheith mar cheannteideal ar gach aighneacht cruachóipe.
Tá gach doiciméad ábhartha a bhaineann leis an gcéim seo den phróiseas leagtha amach faoi Céim a hAon de Dhréachtléarscáil na Cánach ar Thalamh Criosaithe Cónaithe (CTCC) thíos.

Dréachtléarscáil na Cánach ar Thalamh Criosaithe Cónaithe (CTCC)

Déan Aighneacht

Féach ar Aighneachtaí
Useful Links
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta – Cáin ar Thalamh Chriosaithe Cónaithe
Cáin ar Thalamh Criosaithe Cónaithe – Treoirlínte d’Údaráis Phleanála, Meitheamh 2022
Residential Zoned Land Tax, Your Questions Answered
Plean Forbartha Contae Chorcaí 2022-2028
Sonraí Teagmhála
Déan teagmháil le Comhairle Contae Chorcaí ag Teil: 021 4824306 nó Ríomhphost: rzlt@corkcoco.ie