Eolas ar Athrú Teorainneacha Chorcaí

I mí Eanáir 2019, glacadh le reachtaíocht a chur deireadh leis an athbhreithniú ar shocruithe theorainn Rialtais Áitiúil i gCorcaigh. 

Ciallaíonn sé sin go n-athróidh d'údaráis áitiúil ó Chomhairle Contae Chorcaí go Comhairle Cathrach Chorcaí ón 31 Bealtaine 2019, más cónaitheoir, gnólacht nó cuid de phobal thú laistigh den cheantar athraithe. Mar chuid den cheantar athraithe, tá Baile an Chollaigh, an Bhlarnan, Teamhair, Gleann Maghair, Dúglas, Donnybrook, An Ghráinseach, Gort Phroinsias, Baile an Róistigh agus An Tóchar. 

Tá an-chuid obair ullmhúcháin déanta ag Príomhfheidhmeannaigh an dá Chomhairle agus a bhfoirne le bliain anuas, chun athrú níos mó ná 400 seirbhís lena mbaineann thart ar 85,000 saoránach ó cheantar riaracháin an Chontae go ceantar riaracháin na Cathrach a phleanáil agus a ullmhú.

 Mar chuid den athrú seo, aistreofar 203 bhall foirne ó Chomhairle Contae Chorcaí go Comhairle Cathrach Chorcaí. Reáchtáladh cruinnithe fada fairsing idir an dá Chomhairle le hullmhú le haghaidh na seirbhísí a aistriú gan fadhb. 

Tá feidhm ag na hathruithe seo ón 31 Bealtaine 2019

 

Coigeartú Teorann Léarscáileanna Adobe PDF

Coigeartú Teorainn Chathair Chorcaí 2019 Adobe PDF le Séala (pdf)

Coigeartú Teorainn Chathair Chorcaí 2019 Adobe PDF (pdf)

Coigeartú Teorann Chontae Chorcaí 2019 Adobe PDF le Séala (pdf)

Coigeartú Teorann Chontae Chorcaí 2019 Adobe PDF (pdf)

Ceisteanna / Fiosrúcháin:

Má bhíonn ceisteanna agat faoin tionchar a d'fhéadfadh an leathnú teorann a bheith ortsa, déan teagmháil linn ar na huimhreacha seo a leanas le linn uaireanta oifige:

Línte Eolais um Leathnú Teorann:

Comhairle Contae Chorcaí: 021 4285054

Comhairle Cathrach Chorcaí: 021 4924444