Plean Forbartha Contae Chorcaí 2022-2028

Plean Forbartha Contae Chorcaí 2022

Ullmhaíodh Plean Forbartha Chontae Chorcaí 2022 de réir na gcéimeanna atá leagtha amach sna hAchtanna Pleanála agus Forbartha.

Ghlac Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Chorcaí le Plean Forbartha Chontae Chorcaí 2022 ag Cruinniú Iomlán na Comhairle a tionóladh Dé Luain 25 Aibreán 2022 agus tháinig sé i bhfeidhm Dé Luain 6 Meitheamh 2022. Táthar ag súil leis go mbeidh sé i bhfeidhm (faoi réir aon athruithe eatramhacha a d'fhéadfadh an Chomhairle a dhéanamh) go dtí 2028. 

Is plean forbartha sé bliana é don Chontae, ina ndéantar iarracht smaointeoireachta reatha Chomhairle Contae Chorcaí ar bheartas pleanála a leagan amach chomh beacht agus is féidir agus iad ag breathnú i dtreo bhliain na físe 2028. Leagtar amach sa phlean chomh maith an straitéis pleanála agus forbartha inbhuanaithe iomlán an chontae, nach mór di a bheith ag teacht le Creat Náisiúnta Pleanála 2018 agus le Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíocha Réigiún an Deiscirt agus le Plean Straitéiseach Cheantar Cathrach Chorcaí (MASP) 2020.

Beidh Plean Forbartha Chontae Chorcaí 2022 éagsúil ón bPhlean Forbartha Contae reatha i dtaca le dhá phríomhréimse:

Bainfidh sé le teorainn riaracháin nua an chontae, tar éis síneadh a chur le teorainn na Cathrach.

Tiocfaidh Plean Forbartha Chontae Chorcaí 2022, ó Luan 6 Meitheamh 2022, i gcomharba ar;

  • An bPlean Forbartha Contae, 2014.
  • Na 8 gcinn de Phleananna Ceantair Áitiúil na gCeantar Bardasach reatha in 2017.
  • Na 9 bPlean Forbartha Baile d’IarBhailte na Comhairle Baile.

Alt 31– Ordachán ón Aire maidir le Plean Forbartha Chontae Chorcaí 2022

Ar an 3 Meitheamh, 2022, chuir an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta in iúl do Chomhairle Contae Chorcaí go raibh sé ar intinn aige dréachtordú a eisiúint de bhun Alt 31 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) i ndáil le roinnt nithe sa Phlean Forbartha glactha do Chontae Chorcaí in 2022.

Mhair an Tréimhse Comhairliúcháin Phoiblí a bhaineann leis an Dréacht-Treoir ón Aire ón Aoine 17 Meitheamh 2022 ar feadh dhá sheachtain go dtí Dé hAoine 1 Iúil 2022. Ullmhaíodh agus foilsíodh Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar an 27 Iúil 2022 , faoi Alt 31(8) maidir le haighneachtaí a fuarthas le linn an chomhairliúcháin phoiblí.

D'eisigh an Aire Stáit le freagracht do Rialtais Áitiúil agus Pleanáil  Ord Deireanach de bhun Alt 31 den Acht Pleanáil & Forbairt 2000 (arna leasú)ar an gCéadaoin 28 Meán Fómhair 2022.

Dein cliceáil ar an nasc seo a leanas chun teacht ar fhaisnéis maidir le Dréacht-Treoir Alt 31 an Aire, lena n-áirítear Tuarascáil Alt 31(8) an Phríomhfheidhmeannaigh.

Déan cliceáil ar an nasc seo chun rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann le hAlt 31 - Ordachán ón Aire ar Plean Forbartha Contae Chorcaí 2022-2028.