Rialú Dóiteáin & Foirgníochta

Táillí na Seirbhíse Dóiteáin

De réir fhorálacha Alt 35 (3) de na hAchtanna um Sheirbhísí Dóiteáin, 1981 agus 2003, an tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais) (Uimh. 2), 1983 agus an tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 2000,  Cuirfidh Comhairle Contae Chorcaí na muirir seo a leanas i bhfeidhm:

1. Oibríochtúil:

Cineál Teagmhais

Cineál Muirir

Ráta (1)

Dóiteáin Simléir Tís

Muirear Ginearálta

€ 250

Teagmhais Bóthar-Bhunaithe

In aghaidh na huaire in aghaidh na Briogáide Dóiteáin

€ 480 (2)

Aláram Dóiteáin Uathoibríoch / Aonocsaíd Charbóin (CO) Gan Dóiteáin

In aghaidh na huaire

 

€ 480 (3)

 

Gach Tine / Teagmhais Eile (4)

In aghaidh na huaire in aghaidh na Briogáide Dóiteáin

€ 660

 Nótaí

  • Is é uair an chloig amháin an táille íosta glaonna. Is é an muirear uasta as teagmhais ar bhóthar nó dóiteán tí ná €1,500
  • Costas arna chionroinnt go cothrom ar gach páirtí lena mbaineann.
  • Baineann sé seo leis an 2ú gníomhachtú aláraim nó le gníomhachtú aláraim ina dhiaidh sin i dtréimhse 12 mhí
  • Cuimsíonn sé teagmhais tí in áitribh phríobháideacha, ar cíos nó úinéir-áitithe

(Gearrtar glaonna ar cheantair eile de chuid an Údaráis Dóiteáin agus cuideachtaí Leath-Stáit ar an gcostas iarbhír chomh maith le costais riaracháin de 30%)

 

Ní bheidh aon mhuirir i gceist ar na nithe seo a leanas:

  • Nuair a bhíonn briogáid dóiteáin i láthair i gcás nach gcuirtear aon seirbhís ar fáil (ach amháin i gcás ina bhfreagraítear ar an dara - nó aon cheann ina dhiaidh sin in aon tréimhse 12 mhí - aláram bréagach nó ar aláram Dóiteáin Uathoibríoch gan dóiteán.
  • Teagmhais nuair nach féidir tairbhí na seirbhíse a chinneadh nó i gcás ina bhfaightear amach gur tharla an tine ar choimíneacht.
  • Teagmhais a bhaineann le féindhíobháil nó iarracht ar fhéinmharú.
  • Teagmhais inar tharla bás.
  • Má chuirtear an glao ar ceal ar an mbealach.
  • Aláram bréagach mailíseach, mura féidir an té a dhein an glaoch a aithint agus a bhilleáil.
  • Aláram bréagach le hintinn mhaith taobh thiar de.
  • Crainn tite ar bhóithre poiblí.
  • I gcás coirloscadh, mura féidir an coirloisceoir a shainaithint agus nó suíomhanna tráchtála ina bhfuil drochsheans go gclúdóidh árachas an sonrasc.
  • Áit ar goideadh feithicil.
  • Tarrtháil phearsanta nach bhfuil ar mhaoin tráchtála agus nach bhfuil bainteach le himbhualadh tráchta bóthair.
  • Sa chás go gcuirtear cúnamh ar fáil do Ghardaí nó don tSeirbhís Otharchairr.

Féadfar muirir a tharscaoileadh in aon chás ar leith nuair a bhíonn an tÚdarás Dóiteáin sásta go bhfuil gá leis an tarscaoileadh sin. Déileálfar le hiarratais ar tharscaoileadh ar bhonn aonair agus cúinsí pearsanta agus méid na muirear á gcur san áireamh.

Íoslódáil: Sceideal na dTáillí do Dheimhnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán (pdf)

2. Ceadúnú

An chéad iniúchadh

€ 200

Gach iniúchadh leantach

€ 150

Litir a eisiúint gan iniúchadh

€ 70

Tinreamh sa Chúirt Dúiche (i gContae Chorcaí)

€254

Tinreamh sa Chúirt Chuarda (i gContae Chorcaí)

€ 380

Tinreamh i gCúirt lasmuigh de Chontae Chorcaí

€ 635

 

3. Ceadúnú um Shubstaintí Contúirteacha

(a) Táillí Riaracháin:

Ceadúnas Nua / Athnuaite i gcóir Stóráil Bulc a Phróiseáil

€ 950

Ceadúnas Nua Miondíola Peitriliam a Phróiseáil

€ 570

Ceadúnas Miondíola Peitriliam a Athnuachan / Leasú / Aistriú

€ 165

Tástáil Bhrú finnéithe in aghaidh na cuairte

€254

 

(b) Táillí Reachtúla:

Toilleadh Stórála (Lítear)

Táille in aghaidh na bliana (3 bliana ar a mhéad)

Níos lú ná 500

€ 3.80

501 - 2,500

€ 7.60

2,501 - 5,000

€ 11.40

5,001 - 25,000

€ 15.20

25,001 - 50,000

€ 30.40

50,001 - 100,00

€ 45.60

100,001 - 250,000

€ 63.40

Níos mó ná 250,000

€ 126.90

 

Cineál Ceadúnais

Táille

Ceadúnas leasaithe (toilleadh stórála nach mó ná 25,000 lítear)

€ 3.80

Ceadúnas leasaithe (toilleadh stórála níos mó ná 25,000 lítear)

50% den táille reachtúil íoctha ag deonú an cheadúnais

Ceadúnas a Aistriú nó a Athsholáthar

€ 3.80

 

4. Teastais Sábháilteachta Dóiteáin / Teastais Rochtana Míchumais

Tá sceideal na dtáillí do Theastais Sábháilteachta Dóiteáin / Teastais Rochtana Míchumais srl. leagtha amach sa Chúigiú Sceideal de na Rialacháin um Rialú Foirgníochta 2009. Féadfar sceideal na dtáillí a híoslódáil anseo (pdf).

Is é an táille ar chóip de theastas ná €12.50 in aghaidh na cóipe.

 

5. Cosc Dóiteáin

Cigireacht ar iarratas ó úinéir na maoine (lena n-áirítear tuarascáil / litir)

€ 265