Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

Liúntais Tís

An bhfuil laghdú ann maidir le cuid d'áitreabh atá in Úsáid Tís?

Tugtar liúntas barúlach d'aon trian den Luacháil Inrátaithe do réadmhaoin atá ina réadmhaoin tís i bpáirt agus ina réadmhaoin tráchtála i bpáirt. Tá an faoiseamh sin faoi réir uasliúntas €22.86 LI.    Má mheasann tú go bhfuil tú i dteideal liúntas tís a fháil, ba cheart duit iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig Rannóg na Rátaí, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 6, Halla an Chontae, Corcaigh. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait ar an ábhar seo, déan teagmháil le Rannóg na Rátaí ar 021 4285268 agus tabhair uimhir do chuntais rátaí.



San áireamh le Luachálacha Inrátaithe ar réadmhaoine, a rinneadh luacháil orthu ó bhí Bealtaine 2002 ann, tá luacháil ar ghnéithe tráchtála na réadmaoine amháin. Dá bhrí sin, ní thugtar liúntais tís maidir le réadmhaoine den chineál sin seachas i gcás go bhfuil cúinsí athraithe ón am dheireanach a rinneadh luacháil orthu.

Céard faoi má mheasaim nach bhfuil mo liúntas tís leordhóthanach? 

Má tá tú míshásta le do liúntas nó má mheasann tú nach bhfuil do liúntas barúlach leordhóthanach, is féidir leat iarratas a chur faoi bhráid an Choimisinéara Luachála anseo chun do Luacháil inrátaithe a leithroinnt ar a ghnéithe tís agus tráchtála. Ba cheart na fhoirm chomhlánaithe a chur ar ais go dtí Rannóg na Rátaí lena cur isteach chuig an Oifig Luachála.

Séanadh: Treoir amháin atá san fhaisnéis a chuirtear ar fáil thuas, agus níl sí beartaithe mar léirmhíniú críochnúil dlíthiúil ar an reachtaíocht rialaitheach ábhartha.