Léarscáileanna de Bhailte Stairiúla Chontae Chorcaí

D'fhorbair Rannóg Oidhreachta Chomhairle Contae Chorcaí sraith Léarscáileanna Baile Stairiúla do 15 mbaile agus sráidbhaile i gContae Chorcaí. Thosnaigh an tionscnamh in Iarthar Chorcaí ar dtús le 8 léarscáil a táirgeadh don réigiún sin, tá an tionscadal leathnaithe chun táirgeadh Léarscáileanna Baile Stairiúla a áireamh do bhailte An Ráth agus Baile Mhistéala, le pleananna chun léarscáileanna breise a tháirgeadh do bhailte stairiúla eile timpeall an Chontae.

Tá na léarscáileanna deartha le bheith ina dturas féin-threoraithe ar phríomhshuímh oidhreachta na bailte. I ngach ceann tá léaráidí áille de na príomhshuímh agus na foirgnimh in éineacht le stair ghairid. Tá siad mar chuid de straitéis de chuid Comhairle Contae Chorcaí chun aird a tharraingt ar an acmhainn oidhreachta saibhir atá le feiscint inár mbailte agus sráidbhailte i gContae Chorcaí.

Chun léarscáileanna a fheiscint agus a íoslódáil dein cliceáil ar an íomhá thíos: