Airgeadais

Feithiclí a bhfuil a Ré Caite

Cuireann rialacháin maidir le Feithiclí a bhfuil a Ré Caite a tugadh isteach ar an 1 Eanáir 2007 táirgeoirí (déantúsóirí/iompórtálaithe), lucht díchóimeála carranna/áiseanna scrapála feithiclí agus úinéirí carranna faoi oibleagáid a chinntiú go bhfuil feithiclí díthruaillithe agus díchóimeáilte ar dhóigh nach gcuireann ár dtimpeallacht ná sláinte an duine i mbaol.

Ní mór Carranna Paisinéirí agus Feithiclí Tráchtála Éadroma (DGVW 3,500 kg nó níos lú) a bhfuil sé i gceist iad a scriosadh a thabhairt go dtí Áis Chóireála Údaraithe (ÁCÚ).   Caithfidh an ÁCÚ glacadh leis an bhfeithicil gan táille a ghearradh agus eiseoidh siad Deimhniú Scriosta duit a dhearbhóidh go ndéanfar d'fheithicil a dhíthruailliú agus a dhíchóimeáil ar bhealach at sábháilte ó thaobh an chomhshaoil.  Cuirfidh an ÁCÚ scéala chuig Aonad Cláraithe Feithiclí na Roinne Iompair, Turasóireachta agus Spóirt i Sionainn, Contae an Chláir, agus déanfar scriosadh d'fheithicil a thaifead sa Chomhad Feithiclí Náisiúnta.  An t-aon doiciméad amháin ar gá duit a thabhairt don ÁCÚ ná an Deimhniú Cláraithe Feithiclí nó an (Log)leabhar Cláraithe don fheithicil atá á scriosadh.

Níor cheart duit déileáil ach le ÁCÚnna údaraithe nuair atá tú ag fáil réidh le do sheanfheithicil mar gurbh iad sin amháin ar féidir leo Deimhnithe Scriosta a eisiúint. (Seo a leanas sonraí faoi na ÁCÚnna atá i gCorcaigh)

Déan Cliceáil Ar An Nasc I Gcóir Áiseanna Cóireála Údaraithe I Gcorcaigh Mar Atá Sé Ó Eanáir 2020 (pdf)

D'fheithiclí nach bhfuil faoi réir riachtanais na Rialachán um Bainistiú Dramhaíola (Feithiclí a bhfuil a Ré Caite) 2006 (.i. feithiclí DGVW os cionn 3,500kg) ba cheart duit fógra de scrapáil/scriosadh na feithicle a sheoladh chuig:

  • Aonad Cláraithe Feithiclí, An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Sionainn, Contae an Chláir, in éineacht le  Deimhniú Cláraithe/Ceadúnaithe don fheithicil.   Déanfar an fheithicil a chlárú mar fheithicil scrapáilte sa Chomhad Náisiúnta Feithiclí.  (Feithiclí Cláraithe tar éis 1993)
  • An Oifig Mótarchánach in éineacht leis na (Log)leabhair Cláraithe.  Déanfar an fheithicil a chlárú mar fheithicil scrapáilte sa Chomhad Náisiúnta Feithiclí. (Feithiclí a Cláraíodh roimh 1993)