Airgeadais

Oifig Seirbhís Phoist na Mótarchánach

Tá Aonad Poist na Mótarchánach tiomnaithe ag Comhairle Contae Chorcaí a chuireann seirbhís phoist d'ardchaighdeán ar fáil.  In 2019, rinneadh 95% de na hiarratais chearta a phróiseáil agus a sheoladh ar ais an lá céanna a fuarthas iad.

Eisíonn an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt foirm athnuachana mótarchánach RF100B roinnt seachtaine roimh dháta athnuachana na mótarchánach.  Bíonn clúdach litreach RÉÁMHÍOCTHA in éineacht léi seo ar mhaithe le héascaíocht.

Ná déan dearmad na rudaí seo a leanas a sheoladh:

  • Foirm Mótarchánach comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag an iarrthóir.  Ní gá Deimhniú TNC ná Deimhniú Ródacmhainneachta a sheoladh isteach.
  • An táille chuí
  • Ní mór riaráistí a íoc as aon mhí atá imithe thart ón dáta cánach nó ceannacháin is déanaí.  Ní mór an Fhoirm Athnuachana RF100A (pdf) i scríbhinn a chomhlánú sa chás sin. Chun sonraí a fháil faoi Rátaí Mótarchánach, breathnaigh ar an nasc seo
  • Teastaíonn RF111A Foirm Dhearbhaithe Earraí Amháin (pdf) comhlánaithe agus Duillín Meáchain do Mheáchan gan Ualach uainn más é an chéad uair atá an iarrthóir ag cur cánach ar fheithicil earraí a bhfuil Ollmheáchan Feithicle 3,500kg nó níos lú uirthi (earraí éadroma).  Teastaíonn Deimhniú Árachais uainn freisin a dheimhníonn go bhfuil an fheithicil faoi árachas chun earraí a iompar agus tú i mbun trádála nó gnó. Ní mór don fheithicil Deimhniú Ródacmhainneachta reatha a bheith aici freisin (ní gá é seo a sheoladh isteach leis an iarratas).
  • Is féidir athrú úinéireachta a phróiseáil in éineacht le hiarratas cánach no le Dearbhú Eisbhóthair Reachtach.
  • Má tá aon Athrú ar Shonraí le déanamh, éilítear RF111 (pdf) agus ba cheart an Deimhniú Cláraithe a sheoladh isteach ionas gur féidir an t-athrú a nuashonrú agus Deimhniú nua a eisiúint.

Modhanna Íocaíochta:

  • Cárta Creidmheasa / Dochair
  • Ordú Airgid / Ordú Poist
  • Dréacht Bainc
  • Seic

NÁ SEOL AIRGEAD TIRIM TRÍD AN bPOST!

Ba cheart Seiceanna/Orduithe Poist/Orduithe Airgid/Dréachtaí Bainc a dhéanamh iníoctha le Comhairle Contae Chorcaí agus a chrosáil chuig Motor Tax A/C.

Má tá tú ag íoc le cárta, bí cinnte go bhfuil uimhir do chárta ceart (16 uimhir de ghnáth), chomh maith leis an dáta éaga agus síniú shealbhóir an chárta.