Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

Tionscadal Delta Lady

Tá maoiniú bronnta ar Chomhairle Contae Chorcaí do Thionscadal nua INTERREG EUROPE. Tá an Chomhairle ag obair go dlúth le na páirtithe áitiúla Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus le páirtithe ón Ísiltír, ón Fhrainc, ón Spáinn, ón Rómáin agus  ón Iodáil ar an tionscadal dar teideal DELTA Lady – Floating Cultures in River Deltas.

Is tionscadal forbartha gheilleagrach go bunúsach é DELTA Lady, a dhéanfaidh €206,000 a infheistiú i réigiún Chorcaí. Aithníonn Comhairle Contae Chorcaí nach bhfuil feidhmiú seirbhísí éiceachórais ach i staid luath forbartha in Éirinn agus nach bhfuil sé fós mar phríomhshruth do phróisis dhéanta cinntí beartas. Is é an dúshlán atá ann ná sampla praiticiúil a thabhairt ar an mbealach ar féidir seirbhísí éiceachórais a úsáid chun an gá le éiceachórais a chaomhnú a cheangal leis an ngá le fás agus jabanna a chinntiú.

Beidh an tionscadal dírithe ar an Abha Mhór agus ar a deilt agus tá sé bunaithe in aice le baile Eochaille i gContae Chorcaí. Tabharfaidh Coláiste na hOllscoile Corcaigh (UCC) agus Comhairle Contae Chorcaí (CCC) cur chuige comhoibríoch le gnímh nua a mhíniú a bhainfidh úsáid as seirbhísí éiceachórais an deilt d'fhorbairt gheilleagrach. Tabharfaidh sé sin eiseamláir don réigiún a chuirfidh bonn eolais faoi bheartas réigiúnach agus a chuirfidh feabhas ar rialachas dá réir. 

Is é sprioc fhoriomlán Delta Lady ná uirlisí beartas a fheabhsú chun na cumais le húsáid a bhaint as seirbhísí éiceachórais na deilte a chothú d'fhorbairt gheilleagrach réigiúnach agus dá réir sin, forbairt gheilleagrach (díriú) a neartú bunaithe ar úsáid cháilíochtaí áitiúla, chultúrtha agus nádúrtha . 

Tá na fo-spriocanna seo a leanas i gceist:

  1. Malairt a dhéanamh ar thaithí trí sheirbhísí éicea-chórais na deilte d'fhorbairt gheilleagrach inbhuanaithe a úsáid 
  2. Uirlisí beartas a chothaíonn cumais le na sheirbhísí éicea-chórais d'fhorbairt gheilleagrach na deilte a mhíniú
  3. Cláir a chruthú chun forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí éicea-chórais na deilte agus ar an-úsáid d'fhorbairt gheilleagrach.
  4. Forbairt ar chomhoibriú tras-Eorpach ar bheartais atá dírithe ar cháilíochtaí nádúrtha agus chultúrtha na deilte d'fhorbairt gheilleagrach a chothú.

Tá an cur chuige a tógadh bunaithe ar mhalairt thaithí mar phróiseas foghlamtha idir-réigiúnach i measc na n-eagraíochtaí atá i gcomhpháirtíocht agus a bhfoirne, i measc na bpáirtithe leasmhara sna réigiúin comhpháirtíochta agus i measc ghníomhaithe eile beartas réigiúnacha san Eoraip. Is iad seo a leanas príomhghnéithe chur chuige an tionscadail:

Grúpaí Páirtithe Leasmhara Réigiúnach

Socraíonn gach réigiún suas Grúpa Páirtithe Leasmhara Réigiúnach (GPR) de ghníomhaithe cuí i réimse sheirbhísí éicea-chórais na deilte agus a n-úsáid d'fhorbairt gheilleagrach. Cuirfear na socruithe oibre do gach grúpa in oiriúint don chomhthéacs réigiúnach ach beidh na príomhghnéithe mar a chéile. Tagann na GPRanna le chéile ar a laghad faoi dhó sa bhliain chun foghlaim faoi na cleachtais idir-réigiúnach, chun an bealach chun iad a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs réigiúnach a iniúchadh agus oibriú faoi choinne pleananna gníomhaíochta réigiúnacha. Is féidir le foghrúpaí atá níos lú oibriú níos treise ar fothéamaí nó ar thascanna. Tá tionscadal GPR bunaithe agus tá sé tosaithe ag obair ar shamplaí chleachtais is fearr sa réigiún. 

Ag aithint cleachtas roimhe seo

Ba chóir ceist faoin rud a bhí mícheart sna deilte a chur mar cheist beartais maidir le gníomhaíochtaí luachmhara a ghiniúint bunaithe ar cháilíochtaí cultúrtha agus nádúrtha na deilte. Tá straitéisí éagsúla ar fáil cheana, amhail imeachtaí cultúrtha i ndeilt an Loire agus spóirt uisce i ndeilt Frisia. Is féidir tuilleadh a bheith ann bunaithe ar an oidhreacht áitiúil nádúrtha agus chultúrtha. 

Tá an fócas freisin ar mhalairt shaineolais faoi ghnímh san am a caitheadh, faoi chumais agus tionscnaimh, chomh maith le ceapadh beartais réigiúnach atá dírithe ar sheirbhísí éicea-chórais na deilte a úsáid d'fhorbairt gheilleagrach réigiúnach.

Athbhreithnithe Piaraí

Eagrófar athbhreithnithe piaraí i ngach réigiún comhpháirtí mar mhodh éifeachtach d'fhonn beartas a fhoghlaim ag leibhéal comhpháirtí agus páirtí leasmhar. Tabharfaidh saineolaithe ó na réigiúin comhpháirtí cuairt ar réigiún comhpháirtí óstach chun anailís a dhéanamh ar staid agus ar na dúshláin a bhaineann le saincheist an tionscadail agus molfaidh siad idirbhearta chun feabhas a chur ar bheartas sprioctha réigiún an óstaigh. Próiseas foghlamtha é a mbeidh tairbhe ann don dá dhream; géaróidh na saineolaí atá ar cuairt eolas agus cumais na réigiún óstach. 

Seimineáir agus Comhdhálacha Foghlamtha Beartas

Eagrófar sé Sheimineár Foghlamtha Beartas Idir-réigiúnach agus beidh comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara in ann malairt agus foghlaim faoi na beartais agus cleachtais ábhartha agus taithí ó athbhreithnithe piaraí agus próiseas pleanála gnímh a roinnt lena linn. Eagróidh muid comhdhálacha poiblí ag deireadh chéim 1 agus 2 chun gníomhaíochtaí agus aschuir tionscadail (Céim 1) agus na torthaí iarbhír ó na pleananna gnímh a bheidh curtha i bhfeidhm (Céim 2) a chur i láthair. Rithfear na seimineáir agus na comhdhálacha i gcomhar le comhdhálacha nó féilte atá sa réimse cheana chun an scaipeadh is fearr a fháil. Beidh rannpháirtíocht oscailte do gach gníomhaí a bhfuil spéis acu ann. Beidh muid rannpháirteach sna gníomhaíochtaí ardáin foghlamtha beartais a chuirfidh le hobair Ardáin INTERREG Europe mar a éilítear.

Pleananna Gnímh

Oibreoidh gach comhpháirtí níos dlúithe le GPR le linn an tionscadail chun an méid a foghlaimíodh ó athbhreithnithe piaraí, ó seimineáir agus ó idirghníomhaíocht réigiúnach a chomhtháthú isteach i bPleananna Gnímh a cuireadh in oiriúint le beartais agus tionscnaimh bheartas réigiúnach a chur i bhfeidhm d'fhonn seirbhísí éicea-chórais na ndeilte atá dírithe ar cháilíochtaí nádúrtha agus chultúrtha na deilte d'fhorbairt gheilleagrach a fhorbairt agus a úsáid.

Delta Lady Logo