Airgeadais

Conas is féidir liom Íoc?

An féidir liom mo rátaí a íoc go leictreonach/le Ríomhaistriú Airgid (RAA)?

Is féidir, is féidir leat do rátaí a íoc go leictreonach/le Ríomhaistriú Airgid. Seo a leanas sonraí Chuntas Bainc Chomhairle Contae Chorcaí le haghaidh íocaíochtaí Rátaí:

Ainm an Chuntais

Cork County Council - Rates

Banc

Banc AIB, 66 An Meal Theas, Corcaigh

Cód Sórtála an Bhainc

93 41 78

Uimhir Chuntas Bainc.

70405135

Uimh. IBAN 

IE13  AIBK  9341 7870 4051 35

BIC

AIBKIE2D

**Tá an Cuntas Bainc thuas le haghaidh íocaíochtaí Rátaí amháin. Ní féidir é a úsáid le haghaidh aon íocaíocht eile le Comhairle Contae Chorcaí**

Agus tú ag íoc le ríomhaistriú ní mór duit d'íocaíocht a mharcáil le huimhir (nó le huimhreacha) an chuntais rátaí.  De ghnáth, cuirfidh tú é sin isteach mar ‘Tagairt’ le bheith le feiceáil ar Ráiteas Bainc Chomhairle Contae Chorcaí agus ar do Ráiteas Bainc féin. Tá Uimh. do Chuntais Rátaí ar fáil ar do Bhille Rátaí/d'Fhógra Meabhrúcháin i bhfoirm 7 dhigit á leanúint ag na litreacha RA á leanúint ag 2 dhigit e.g. 6723456RA99

NB: Mura dtabharfar uimhir iomlán cruinn an chuntais rátaí, d'fheadfadh moill a bheith ann le híocaíocht a chur do shochar do chuntais rátaí.

Ba cheart duillín íocaíochta a sheoladh chuig an mBailitheoir Rátaí, Comhairle Contae Chorcaí, Oifig Bhailithe, Urlár 6, Halla an Chontae, Corcaigh nó ar ríomhphost chuig collection@corkcoco.ie

Níl rochtain agam ar íocaíochtaí RAA, an féidir liom mó rátaí a íoc ar bhealaí eile?

Mura bhfuil do rátaí á n-íoc agat le RAA, is féidir leat iad a íoc trí cheann de na modhanna íocaíochta seo a leanas a úsáid:

• Cárta Creidmheasa/Dochair - tá áis íoc ar ghuthán ar fáil ar 021 4285514, 9am go 4.30pm, Luan go hAoine

• Buanordú 

• Ar an láthair ag Oifig na nÍocaíochtaí, Bunurlár, Halla an Chontae, Corcaigh (taobh thiar den Lasc-chlár/Deasc Fáiltithe)

Cibé modh íocaíochta a úsáidtear, ní mór uimhir iomlán (nó uimhreacha iomlána) an chuntais rátaí a thabhairt. Tá Uimh. do Chuntais Rátaí ar fáil ar do Bhille Rátaí/d'Fhógra Meabhrúcháin i bhfoirm 7 dhigit á leanúint ag na litreacha RA á leanúint ag 2 dhigit e.g. 6723456RA99

NB: Mura dtabharfar uimhir iomlán cruinn an chuntais rátaí, d'fheadfadh moill a bheith ann le híocaíocht a chur do shochar do chuntais rátaí.