Oidhreacht agus Caomhnú

Oidhreacht Chultúrtha

Cad is Oidhreacht Chultúrtha ann?

Is ionann Oidhreacht Chultúrtha agus an leagáid ó thaobh déantán agus aitreabúidí dobhraite, luachanna, agus traidisiúin grúpa nó sochaí a fhágann na glúnta romhainn, agus a chaomhnaíonn an ghlúin seo do na glúnta atá le teacht..

An Oidhreacht Chultúrtha i gContae Chorcaí

Is cuid d'Oidhreacht Chultúrtha shainiúil agus éagsúil é Contae Chorcaí. Tá dhá ceantar Gaeltachta sa Chontae: Oileán Chléire agus Múscraí; is gné lárnach an Ghaeilge agus na traidisiúin Ghaelacha, amhail an ceol, an spórt, agus an litríocht i saol an chontae. Tá clú agus cáil ar Chorcaí as an iliomad féilte a cheiliúrann cultúr sa réigiún, lena n-áirítear Féile Scéalaíochta Oileán Chléire, Féile na Meánaoise san Eochaill, agus Féile Bia Bhaile Mhistéala.

An tAonad Oidhreachta agus an Oidhreacht Chultúrtha:

Tá tacaíocht tugtha ag an Aonad Oidhreachta do roinnt tionscadal agus tionscnamh éagsúla i réimse na hOidhreachta Cultúrtha le himeacht na mblianta. Cuimsíonn siad seo tionscadail bhéaloidis, Lá Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir in 2009, agus taispeántas faoi Staidéir Áitiúla i gCorcaí a eagraíodh ag an am céanna le Seachtain na hOidhreachta in 2007.

Reachtaíocht:

An tAcht um Fhorais Chultúir Náisiúnta, 1997

An tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986

an tAcht um Chlárú Sibhialta, 2004

Naisc Úsáideacha:

Cultúr Éireann

Oidhreacht Chultúrtha Éireann

An Chartlann Náisiúnta

Suíomh Gréasáin Oidhreacht Chorcaí