Rialú Dóiteáin & Foirgníochta

Dóite Rialaithe

Is baol mór dár bhfiadhúlra, do mhaoin, don bhonneagar, don chomhshaol agus do shaol an duine iad tinte neamhrialaithe. D'fhéadfaidís a bheith mar tharraingt shuntasach ar acmhainní na seirbhíse dóiteáin agus d'fhéadfaidís cur isteach ar ár gcumas freagairt d’imeachtaí eile mar imbhuailtí tráchta ar bhóithre nó dóiteáin tís.

Is cleachtas mídhleathach é dramhaíl a dhó agus is cion faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996, faoin Acht um Thruailliú Aeir 1987 agus faoi na Rialacháin um Bainistíocht Dramhaíola (Toirmeasc ar Dhiúscairt Dramhaíola le Dó) 2009 é.

Tá díolúine ann faoi na Rialacháin um Bainistíocht Dramhaíola (Toirmeasc ar Dhiúscairt Dramhaíola le Dó) 2009 a ligeann d’fheirmeoirí an méid seo a leanas a dhiúscairt trí iad a dhó: adhmad neamhchóireáilte / neamh-éillithe, crainn, gearrthóga, duilleoga, sceacha nó ábhair a ghineann cleachtais talmhaíochta.

De réir na rialachán, ní mór d’fheirmeoir fógra a thabhairt don údarás áitiúil roimh ré go bhfuil sé ar intinn acu dramhaíl ghlas talmhaíochta a dhó. Tá foirmeacha ‘Notice to Burn’ ar fáil le híoslódáil ar an nasc seo a leanas: Foirm 'Notice to Burn (pdf)'. Is féidir an fhoirm seo a fháil freisin ach í a iarraidh ó aonad frith-bhruscair Chomhairle Contae Chorcaí trí ríomhphost a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas antilitterunit@corkcoco.ie nó trí ghlaoch chuig 021/4285417 (9 rn-5in, Luan-Aoine).

Ina theannta sin, ní mór d’fheirmeoir glaoch ar 999112 díreach sula ndéantar dóite rialaithe chun a chinntiú nach ndéantar an tSeirbhís Dóiteáin a shlógadh gan ghá chun na tine mar thoradh ar ghlaonna ó dhaoine sa phobal. Ní ghlacfaidh an t-ionad glaonna éigeandála ach glaonna uathu siúd a chuir an t-údarás áitiúil ar an eolas dá réir agus atá i dteideal dramhaíl ghlas talmhaíochta a dhó. Caithfear glao leantach a dhéanamh ar chríochnú an dóite rialaithe.

Nóta: Más rud é go mbeadh ar na seirbhísí dóiteáin freastail ar theagmhais den sórt sin beidh muirear seirbhíse de €660 san uair in aghaidh na briogáide dóiteáin.

Níor cheart dramhaíl a eascraíonn as gníomhaíochtaí talmhaíochta a dhéanamh ach mar bheart deiridh tar éis cloí leis an ordlathas dramhaíola seo a leanas:

  1. Laghdaítear dramhaíl de réir an chleachtais talmhaíochta is fearr.
  2. Déantar dramhaíl a athúsáid nuair is féidir.
  3. Déantar dramhaíl a athchúrsáil trí stialladh agus a úsáid mar mhúirín nó mar shliseanna adhmaid.
  4. Déantar dramhaíl a shábháil le húsáid mar bhreosla nuair is féidir.

 

Ba cheart na réamhchúraimí sábháilteachta dóiteáin seo a leanas a mheas má tá gá le dóite rialaithe:

 

  • Ba chóir tús a chur le dóite chomh luath agus is féidir sa lá.
  • Ba chóir briseadh dóiteáin oiriúnach a dhéanamh timpeall an cheantair / na dramhaíola atá le dó.
  • Seiceáil réamhaisnéis aimsire agus ná dóigh i ndálaí an-tirim.
  • Más féidir, bíodh soláthar uisce soghluaiste leordhóthanach ar fáil.
  • Má théann tinte as smacht agus má tá siad i mbaol d’fhoirgnimh nó do choillearnacha, glaoigh ar an mBriogáid Dóiteáin láithreach trí dhiailiú 999112.
  • Sula bhfágann tú an limistéar, déan cinnte go bhfuil an tine múchta go hiomlán.

D’fhoilsigh an Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara ‘Cód Cleachtais Dóite Forordaithe’ atá ar fáil le híoslódáil ar an nasc seo a leanas: Cód Cleachtais Dóite Forordaithe - Éire.

Tabhair faoi deara go bhfuil sé mídhleathach faoin Acht um Fhiadhúlra 1976 aon fhásra beo a dhó idir 1 Márta agus 31 Lúnasa gach bliain.

 

Cad is féidir liom a dhéanamh chun tinte neamhrialaithe a chosc?

Is féidir le tinte neamhrialaithe tarlú mar gheall ar raon gníomhaíochta daonna ar nós toitíní, bruscar a dhumpáil, smacht a chailleadh ar bheárbaiciú nó ar thine chnámh, agus i líon beag cásanna tinte a thosnaithe d’aon ghnó.

Seo thíos liosta de na bearta is féidir a ghlacadh chun tinte neamhrialaithe a chosc: -

  • Ag caitheamh tobac - Agus tú ag tiomáint, ag siúl nó ar phicnic, déan cinnte go ndéantar toitíní agus ábhair chaitheamh tobac eile a mhúchadh go hiomlán agus go ndéantar iad a dhiúscairt go cúramach.
  • Beárbaiciú - Nuair a bhíonn beárbaiciú á lasadh, coimeád faoi mhaoirseacht dhlúth iad agus ná lig dóibh éirí as smacht. Déan cinnte go ndéantar iad a mhúchadh go hiomlán agus go ndéantar iad a dhiúscairt go cúramach tar éis iad a úsáid. Nóta - ar an gcuid is mó de na tailte tá sé mídhleathach aon tine, beárbaiciú san áireamh, a lasadh gan cead úinéir na talún.
  • Bruscar- Tabhair do bhruscar abhaile leat. Is féidir buidéal gloine fiú tine a thosnú.

 

Cad is féidir liom a dhéanamh chun mo mhaoin a chosaint?

Do dhuine ar bith a chónaíonn i limistéar ina bhfuil seans maith le tinte neamhrialaithe, ba cheart duit aon aiteann nó  fásra marbh a bhaint ó thimpeall ar fhoirgnimh, umair ola, fálta, foraoiseacht agus cuaillí d’fhonn crios inchosanta a choimeád agus an riosca caillteanais nó damáiste do mhaoin a laghdú.  Cliceáil ar an nasc seo a leanas le haghaidh tuilleadh comhairle: Prepare for Wildfire