Rialachas agus Riarachán

Brústocaireacht a Rialáil

An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015

Is Oifigigh Phoiblí ainmnithe iad gach Comhalta Tofa den Chomhairle, an Príomhfheidhmeannach agus Comhaltaí na Foirne Bainistíochta Sinsearaí faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.

Tagann an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2015. Déanann sé foráil go gcaithfidh daoine áirithe a bhíonn i mbun imeachtaí brústocaireachta clárú leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus go gcuirfidh siad eolas ar fáil maidir lena n-imeachtaí brústocaireachta.

 Is é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a choinneoidh an Clár Brústocaireachta agus beidh fáil ag an bpobal air ag www.lobbying.ie

Ináirithe ar an gClár Brústocaireachta beidh eolas maidir le:

Cé atá i mbun na brústocaireachta?

Cén duine a bhfuiltear ag déanamh na brústocaireachta thar a cheann?

Na saincheisteanna atá i gceist leis an mbrústocaireacht.

Cén toradh a bhfuil súil leis ón mbrústocaireacht?

Cé air a bhfuil an bhrústocaireacht dírithe?

Oifigigh Phoiblí ainmnithe:

Is oifigeach poiblí ainmnithe é an té a bhfuil brústocaireacht á déanamh air.

Cuimsíonn siad:

Airí agus Airí Stáit

Teachtaí Dála agus Seanadóirí

FPEnna do thoghcheantair sa Stát seo

Comhaltaí d'údaráis áitiúla

Comhairleoirí Speisialta

Ard-Rúnaithe agus Rúnaithe Cúnta sa Státseirbhís

Príomhoifigigh Feidhmiúcháin agus Stiúrthóirí Seirbhíse in Údaráis Áitiúla

Treoirlínte do Oifigigh Phoiblí ainmnithe

Tuilleadh eolais:

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 ag www.lobbying.ie

Tá cód d'arb ainm 'Cód Trédhearcacht' ullmhaithe agus foilsithe ag Aire an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe . Leagann an cód seo amach conas gur b'fheidir leis na comhlachtai phoibli chuí , cosúil le na grúpaí comhairle don t-Aire, a chuid gno a dhéanamh i slí tredhearcadh. Má tá na comohlachtaí ag cloí  i gceart leis an Cód Trédhearcacht' beadh díolúine orthu ó thaobh cumarsáide ón riachtanas do a bheith cláraithe agus ag tuairisciú ar gníomhaiochtaí Brústocaireachta.

Féach an liosta thíos i gcomhair Oifigigh Phoiblí Ainmnithe Chomhairle Contae Chorcaí.



Le haghaidh Oifigigh Phoiblí Ainmnithe Chomhairle Contae Chorcaí féach an liosta thíos:

Liosta de na "Comhlachtaí Ábhartha" a chloíonn leis an gCód Trédhearcachta: