Oidhreacht agus Caomhnú

Plean Oidhreachta do Ghaeltacht Mhúscraí

Plean Oidhreachta Mhúscraí - Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí trí mheán na Gaeilge

Curtha leis an 21/01/19

Tá Comhairle Contae Chorcaí, le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta, agus, i bpáirt le Research and Dig agus Acadamh Fódhla, tar éis tabhairt faoi phlean caomhnaithe, bainistíochta agus léirmhínithe chun tábhacht Ghaeltacht Mhúscraí a fhiosrú agus chun na bealaí a chabhróidh lena hoidhreachta a chosaint agus a chur chun cinn san am atá le teacht a shocrú. Mar chuid den tionscadal, a raibh cuid mhór comhairliúcháin mar chuid de, rinne iniúchadh iomlánaíoch ar shároidhreacht an cheantair, agus aithníodh roinnt smaointe a d'fhéadfaí tabhairt fúthu chun oidhreacht an cheantair a chaomhnú agus a chur chun cinn. Le linn an tionscadail agus trí chéim fhada chomhairliúcháin agus aighneachtaí, fuarthas an-chuid moltaí agus smaointe den scoth a cuimsíodh sa phlean. Tá tuairimí deiridh á lorg anois ar an leagan Gaeilge den phlean, atá ar fáil ar líne in éineacht leis an leagan Béarla: (Don leagan Gaeilge, cliceáil anseo agus tá an leagan Béarla ar fáil anseo).  Cuirtear fáilte roimh aon aighneacht go dtí Dé hAoine 15 Feabhra 2019 agus is féidir aighneacht a chur isteach trí ríomhphost a sheoladh chuig conor.nelligan@corkcoco.ie. Táthar ag súil go gcuirfear Plean Oidhreachta Múscraí i gcrích agus go seolfar é go gairid ina dhiaidh sin.

Curtha leis an 26/06/17

Tá Comhairle Contae Chorcaí, le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta, agus, i bpáirt le Research and Dig agus Acadamh Fódhla, tar éis tabhairt faoi phlean caomhnaithe, bainistíochta agus léirmhínithe chun tábhacht Ghaeltacht Mhúscraí agus na bealaí inar féidir a hoidhreachta a chosaint agus a chur chun cinn san am atá le teacht a fhiosrú. Mar chuid den tionscadal, a raibh cuid mhór comhairliúcháin mar chuid de, rinne iniúchadh iomlánaíoch ar shároidhreacht an cheantair, agus aithníodh roinnt gníomhartha a d'fhéadfaí tabhairt fúthu chun oidhreacht Mhúscraí a chaomhnú agus, go deimhin, a chur chun cinn. Tá an doiciméad nach mór críochnaithe anois agus reáchtálfar dhá chruinniú comhairliúcháin poiblí an tseachtain seo chugainn chun inneachar an Dréachtphlean a phlé agus chun aon mholadh agus tuairim a mheas. Reáchtálfar an chéad oíche díospóireachta in The Mills, Baile Bhúirne, Dé Céadaoin 5 Iúil ón 18:30 agus reáchtálfar an dara ócáid ag an am céanna Déardaoin 6 Iúil sa Chlubtheach. C.L.G. i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Beidh fáilte roimh gach duine freastal ar na hócáidí agus féadfar aon tuairim/smaoineamh agus mholadh ar an bplean trí chéile a sheoladh ar ríomhphost chuig cork.heritage@corkcoco.ie go dtí Dé Luain 24 Iúil 2017. Tá an Dréachtphlean ar fáil lena mbreathnú ach cliceáil anseo (nuashonraithe Samhain 2017 - anseo)