Airgeadais

Rátaí / Riaráistí Mótarchánach

Is féidir rátaí Mótarchánach a fháil ar an suíomh gréasáin Mótarcháin ar Líne.  

Gearrtar Riaráistí Mótarchánach:

  • Más rud é go bhfuil mí amháin nó níos mó imithe thart idir deireadh do dhiosca cánach nó do Dhearbhú Eisbhóthair Reachtach is déanaí agus an mhí inar mhaith leat cáin a chur ar d'fheithicil.
  • Más rud é go bhfuil mí amháin nó níos mó imithe ó ceannaíodh feithicil nach raibh diosca cánach reatha aici nó nár comhlánaíodh Dearbhú Eisbhóthair Reachtach laistigh de 21 ó ceannaíodh an fheithicil.
  • Má cheannaíonn tú feithicil i gcatagóir nach bhfuil sé de theideal agat a cheannach (m.sh. míchumasaithe/oileán/tacsaí) d'fhéadfaí riaráistí a ghearradh más rud é go bhfuil mí amháin nó níos mó imithe thart ón dáta a ceannaíodh an fheithicil is cuma cibé an bhfuil an diosca cánach reatha don chatagóir sin nó nach bhfuil.

Gearrtar riaráistí Mótarchánach ag 1/10ú den Ráta Bliantúil (gan Cent a chur san áireamh)

Eisítear admháil Riaráiste nuair a íoctar na riaráistí.