Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

FBManna cinn scríbe

Is í an aidhm atá leis an tionscadal ná feabhas a chur ar iomaíocht na FBManna in earnáil na turasóireachta atá mar thairbhithe ar na cláir príomhshrutha (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa ach go háirithe) trí thacú le na cláir sin a úsáid trí bheartais bainistíochta sprice a chur i bhfeidhm.

Beidh an tionscadal bunaithe ar thaithí a roinnt, agus aithneoidh sé agus aistreoidh sé beartais nó uirlisí críche maithe a d'fhorbair Údaráis Bainistíochta agus tiomnaithe do bhainistíocht chinn scríbe turasóireachta, le fócas láidir ar rannpháirtíocht na FBManna sa phróiseas áitiúil dhéanamh cinntí. Aistreofar beartais chuí ansin i measc na bpáirtithe tionscadail.

Is iad na príomh aschuir agus torthaí a mbeidh súil leo ná;

  • Aithint agus iniúchadh bheartas nó uirlisí le forbairt nó le haistriú chun na spriocanna thuasluaite a bhaint amach
  • Moltaí a chruthú sa réimse seo a bheidh dírithe ar pháirtithe leasmhara poiblí
  • Aistriú iarbhír bheartas agus/nó chleachtas chun feabhas a chur ar fheidhmiúchán chláir príomhshrutha i réigiúin na bpáirtithe

Cuimsíonn an chuibhreannas páirtithe ón Fhrainc, ón Iodáil, ó Mhálta, ón Fhionlainn, ó Laitvia agus ón tSlóivéin.

Is tionscadal cúig bliana é seo, a ndíríonn an chéad trí bliana de (Céim 1) ar mhalartú taithí agus ar ullmhú plean gníomhaíochta ina dhiaidh sin agus an dá bhliain deiridh (Céim 2) caite ar chur i bhfeidhm an phlean gníomhaíochta agus athrú beartais a bhaint amach . Tá an tionscadal i gCéim 2 faoi láthair ag díriú ar phlean gníomhaíochta an tionscadail a chur i bhfeidhm d’fhonn tionchar a imirt ar fhorbairt beartais sa todhchaí.

Déanann Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) ón Aontas Eorpach comhaoiniú ar Thionscadal Chinn Scríbe FBManna trí Chlár Interreg Europe.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar láithreán gréasáin an tionscadail - interregeurope.eu

Destination SMEs Logo