Rialachas agus Riarachán

Cód Caiteachais Phoiblí

Tá sé mar oibleagáid ar gach comhlacht poiblí Éireannach cúram a ghlacadh le cistí poiblí, agus a chinntiú go bhfuiltear ag fáil an luacha is fearr ar airgead nuair atáthar ag caitheamh nó ag infheistiú an airgid phoiblí.

Is é an Cód Caiteachais Phoiblí an tsraith rialacha agus nósanna imeachta a bhfuil feidhm leo chun a chinntiú go seastar leis na caighdeáin sin thar raon sheirbhís phoiblí na hÉireann.

Tiomsaíonn Comhairle Contae Chorcaí Tuarascáil Ráthaithe Caighdeáin an Chód Caiteachais Phoiblí ar bhonn bliantúil. Is féidir na tuarascálacha is deireanaí a fháil faoi na naisc seo a leanas:

Tuairisceán Chód Caiteachais Phoiblí Chomhairle Contae Chorcaí, 2020 (pdf)

Is féidir an liostú fardail mhaoinithe tionlacain a fháil faoi na naisc seo a leanas:

Liostú Fardal Caipitil, 2020 (pdf)

Liostú Fardal Ioncaim, 2020 (pdf)

Tá eolas achomair foilsithe ag Comhairle Contae Chorcaí ar líne maidir le gach soláthar os cionn €10 milliún mar chuid den phróisis Ráthaithe Caighdeáin. Tá an liostú le fáil thíos.

  • Tithíocht Shóisialta Charraig Uí Leighin Chill na gCléireach
  • Tithíocht Shóisialta Chloich na Coillte
  • Tithíocht Lándéanta Bhaile an Fheintéaraigh
  • Tithíocht Shóisialta Mhainistir na Corann Choill na Mainistreach
  • Poulavone Baile an Chollaigh
  • Feabhsúchán Chéim 4 Inis Sionnach
  • N28 – Bóthar Chorcaí-Rinn an Scidígh
  • Bóthar Bhaile Bhuirne - Mhaigh Chromtha
  • Scéim Draenála na hAighlinne
  • Scéim mheasúnaithe agus bhainistíochta riosca i gcás tuilte na Glaise Buí
  • Scéim mheasúnaithe agus bhainistíochta riosca i gcás tuilte Dúglais