Rialú Dóiteáin & Foirgníochta

Iarratais ar Rialú Tógála (Deimhnithe Sábháilteachta Dóiteáin, Deimhnithe Rochtana Míchumais, Cúitimh/ Maolaithe)

Tabhair fé deara le do thoil go bhfuil éifeacht le hiarratais a chur isteach ar Dheimhnithe Sábháilteachta Dóiteáin, Deimhnithe Sábháilteachta Dóiteáin Athbhreithnithe, Deimhnithe le tabhairt chun rialtachta, Deimhnithe Rochtana Míchumais, Deimhnithe Rochtana Míchumais Athbhreithnithe, Cúitimh agus Maolaithe ón Luan 13ú Iúil 2020 tríd an gCóras Bainistíochta um Rialú Foirgníochta (BCMS).

Muna bhfuil an Córas Bainistíochta um Rialú Foirgníochta úsáidte agat roimhe seo chun Fógraí Tosaithe / Fógraí 7 Lá nó Deimhnithe Comhlíonta ar Chríochnú a chur isteach, beidh ort clárú le haghaidh cuntas BCMS d’fhonn rochtain a fháil ar an tsaoráid aighneachta ar líne.

Téir chuig BCMS le do thoil agus úsáid an rogha 'Cláraigh' chun clárú le haghaidh cuntas. Postálfar gach físeán teagaisc ar chainéal YouTube na hOifige Náisiúnta um Rialú Foirgníochta. Déan tagairt le do thoil don chomhairle seo a leanas (pdf) maidir le hiarratais a chur isteach ar an BCMS.

Deimhnithe Sábháilteachta Dóiteáin

Céard is deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán ann?

Bronnann údarás um rialú foirgníochta Deimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán. Deimhníonn sé go bhfuil dearadh an fhoirgnimh nó na hoibreacha ag comhlíonadh riachtanas chuid B den Dara Sceideal de na Rialacháin Foirgníochta, 1997-2014. Tá an cinneadh seo bunaithe ar na pleananna, na cáipéisí agus an t-eolas a cuireadh isteach chuig an údarás leis an iarratas. B'fhéidir go mbronnfaí deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán le coinníollacha nó gan coinníollacha, nó b'fhéidir go ndéanfaí é a dhiúltú.

An dteastaíonn deimhniú sábháilteachta uaim?

Cé is moite de thithe agus foirgnimh thalmhaíochta áirithe bíonn deimhniú sábháilteachta riachtanach go ginearálta le haghaidh foirgnimh nua, ar a n-áirítear árasáin. Bíonn deimhniú riachtanach freisin i gcomhair athruithe ábhartha maidir le húsáid agus athruithe agus méaduithe áirithe ar fhoirgnimh. Ní mór deimhniú sábháilteachta a fháil sula dtosaítear ar an obair.

Cá bhfaighidh mé deimhniú sábháilteachta?

Sula dtosnaíonn tú ar aon obair nó sula ndéanann tú athrú ábhartha ar úsáid, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar dheimhniú sábháilteachta dóiteáin ar dtús. Déantar iarratais ar líne tríd an BCMS agus caithfidh an méid seo a leanas a bheith iontu:

  • Pleananna, ríomhanna agus sonraíochtaí ar oibreacha nó ar fhoirgníocht
  • Sonraí ar nádúr agus ar mhéid na húsáide atá i gceist, agus nuair is cuí úsáid an fhoirgnimh faoi láthair
  • An táille cuí, bunaithe ar achar urláir (tá sonraí le fáil ó d'údarás áitiúil)
  • Tuairisc theicniúil a léiríonn go gcomhlíonfaidh an dearadh Cuid B den Dara Sceideal de na Na Rialacháin Foirgníochta

Is féidir leis an údarás diúltú d'aon iarratas nach gcuimsíonn iad sin thuas mar neamhbhailí.

Cén fhad ar chóir go dtógfadh sé deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán a fháil?

Is é an tréimhse reachtúil a thugtar d'údarás um rialú foirgníochta chun deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán a phróiseáil ná dhá mhí. Mar sin féin, caithfear an t-eolas go léir a chur ar fáil don údarás, sa chaoi go mbeidh dóthain eolais acu chun cinneadh a dhéanamh, sula dtosaíonn an tréimhse reachtúil. Más rud é nach bhfuil an cháipéisíocht iomlán, cuirfidh sé seo moill ar an iarratas.

Ar féidir liom achomharc a dhéanamh má dhiúltaítear deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán a thabhairt dom?

Is féidir leat achomharc a dhéanamh ar chinneadh an údaráis um rialú foirgníochta laistigh de mhí ón am ar tugadh an cinneadh. Cuirtear sonraí den phróiseas achomhairc agus an táille a bhaineann leis amach le aon chinneadh a dhéanann an t-údarás.

Deimhnithe Rochtana Míchumais

De réir Airteagal 20D de na Rialacháin um Rialú Foirgníochta 1997, arna leasú, agus tú ag déanamh iarratas ar dheimhniú rochtana míchumais, beidh cibé pleananna (lena n-áirítear plean suímh nó leagan amach) agus sonraí eile is gá chun na rudaí a leanas a dhéanamh:

  • Cur síos agus Sainaithint a dhéanamh ar na hoibreacha nó an foirgneamh lena mbaineann an t-iarratas,
  • Cur ar chumas an údaráis rialaithe foirgníochta measúnú a dhéanamh, cibé an gcomhlíonfadh na hoibreacha nó an foirgneamh sin, de réir na bpleananna sin agus sonraí eile, le ceanglais Chuid M den Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin Fhoirgníochta,
  • Cineál agus méid na húsáide beartaithe a shainaithint agus, nuair is iomchuí, an úsáid atá ann cheana as an bhfoirgneamh lena mbaineann

Braithfidh a mhéid a bheidh pleananna, mionsonraí agus sonraíochtaí riachtanach chun comhlíonadh le Cuid M de na Rialacháin Fhoirgníochta a thaispeáint ar chineál, méid agus castacht an fhoirgnimh lena mbaineann. Déantar iarratais ar líne tríd an BCMS agus caithfidh an méid seo a leanas a bheith iontu: -

  • Tuarascáil iomlán chuimsitheach a luaitear chun go bheith sé comhfhreagrach le huimhreacha clásal de Chuid M an Doiciméad Treorach Teicniúil (féach ar na formáidí tuarascála samplacha thíos);
  • Sraith líníochtaí a chlúdaíonn gach réimse inrochtaineachta;
  • Pleananna urláir, líníochtaí trasghearrthacha, líníochtaí de gach ingearchló agus líníochtaí mionsonraithe eile de réir mar is cuí. (Scála 1: 100 ar a laghad);
  • Plean leagan amach láithreáin (Scála 1: 500 ar a laghad) leis an méid seo a leanas léirithe: -

         - Suíomh gach pointe rochtana feithiclí agus coisithe, bealaí isteach, bóithre chuig an láithreán, gach bealach le fánaí /                     céimeanna;

         - Gach bealach isteach chuig an bhfoirgneamh chomh maith leis an bpríomhbhealach isteach ar an láithreán lena bheith                 aibhsithe;

         - Gach spás páirceála ar an láthair lena n-áirítear limistéir atá leagtha síos ónar féidir le duine tuirlingt ó fheithicil;

  • Léarscáil Suímh (Scála 1: 2500 nó 1: 1000);
  • An táille iomchuí. (Nóta: ba chóir go mbeadh gach foirgneamh fé réir iarratais agus táille ar leithligh).

Is féidir cinneadh an údaráis rialaithe foirgníochta a achomharc chuig An Bórd Pleanála laistigh de mhí ón gcinneadh. Seoltar sonraí fén bpróiseas achomhairc agus an táille le gach cinneadh ón údarás.

Formáid Shamplach do thuarascáil Deimhnithe Rochtana Míchumais - Aonaid chónaithe

Formáid Shamplach do thuarascáil Deimhnithe Rochtana Míchumais - Aonaid Neamhchónaithe