Oidhreacht agus Caomhnú

Seandálaíocht

Céard is Seandálaíocht ann?

Is éard atá sa tSeandálaíocht ná staidéar a dhéanamh ar an am atá caite trí shéadchomharthaí agus dhéantáin a bhailiú agus staidéar a dhéanamh orthu.

Tá réimse leathan láithreán seandálaíochta iontacha i gCorcaigh a théann 9000 bliain siar sa stair. Ar na láithreáin sin, tá: tuamaí réamhstairiúla, mianaigh, láithreáin deasghnáth, Liosanna agus mainistreacha Luath-Chríostaí, caisleáin mheánaoiseacha, eaglaisí, agus mainistreacha.

Séadchomharthaí

Tá níos mó ná 19,000 láithreán seandálaíochta aitheanta i gContae Chorcaí. Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta (SSN) de chuid na An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta atá freagrach as ár n-oidhreacht seandálaíochta a bhainistiú agus a chosaint. Taifeadtear gach séadchomhartha a bhfuil eolas air sa Taifid Láithreán agus Séadchomharthaí (TLS) atá ar fáil ar www.archaeology.ie. Ba cheart gach láithreán nua a thuairiscigh chuig an SSN. Féadfar é sin a dhéanamh leis an bhfoirm ábhartha a líonadh agus a chur isteach.

Déantáin

Aimsítear formhór na ndéantán le linn tochailt seandálaíochta, agus stóráiltear nó cuirtear ar taispeáint i músaeim shonraithe iad. Tá gach tochailt seandálaíochta ceadaithe ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta. Tá bunachar sonraí ina bhfuil cuntais achomair ar gach tochailt a rinneadh in Éirinn ó bhí 1970 ann ar fáil anseo.

Tá bailiúchán leathan déantán a aimsíodh i gContae Chorcaí ag Músaeim Chathair & Chontae Chorcaí agus ag Ard-Mhúsaem na hÉireann. Is leis an Stát gach deántán seandálaíochta a aimsítear agus ba cheart iad a thuairisciú d'Ard-Mhúsaem na hÉireann nó do mhúsaem áitiúil sonraithe laistigh de 96 uair an chloig dá n-aimsiú.

Oidhreacht Seandálaíochta a Chosaint

Tugtar cosaint do gach séadchomhartha de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930-2004. Féadfar breathnú ar an Acht sin, arna leasú, chomh maith le ar reachtaíocht agus comhairle eile ar an tseandálaíocht, anseo. Déantar foráil san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 - 2010, arna leasú, freisin maidir le hoidhreacht seandálaíocht a chosaint.

Taifead na Séadchomharthaí agus na Láithreán (TSL), a bunaíodh de réir alt 12 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1994, is mó a chuireann cosaint ar fáil. De réir na reachtaíochta sin, is gá réamhfhógra dhá mhí a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le haon oibreacha ag nó ar Shéadchomhartha taifeadta.

Séadchomharthaí Náisiúnta is ea iad roinnt séadchomharthaí, agus is gnách gur leis an Stát nó le hÚdarás Áitiúil iad nó go bhfuil siad faoina gcaomhnú nó go bhfuil ordú caomhnaithe orthu. Tá 168 láithreán i gContae Chorcaí atá ainmnithe mar Shéadchomharthaí Náisiúnta (ar fáil lena mbreathnú anseo). Tá Cead an Aire ag teastáil maidir le haon obair ag, nó, i ngar do Shéadchomhartha Náisiúnta. Tá Foirmeacha Fógra agus Chead an Aire ar fáil anseo.

Agus cósta agus uiscebhealai fairsinge aici, tá an-chuid oidhreachta seandálaíochta faoin uisce i gContae Chorcaí. Tugtar cosaint do bháid bhriste níos sine ná 100 bliain d'aois agus de dhéantáin a aimsítear faoin uisce leis an dlí.

Tá sé mídhleathach tochailt nó tumadh le haghaidh déantán áit ar bith sa stát nó ina fharraigí críche gan cead an Aire a fháil i scríbhinn.

Tá Comhairle Contae Chorcaí tiomanta d'oidhreacht seandálaíochta an chontae a chosaint lenár raon leathan gníomhaíochta agus lenár mbeartais agus cuspóirí éagsúla sa Phlean Forbartha Contae, sna Pleananna Ceantair Áitiúil, sa chlár um Fhoirgnimh a Chaomhnú, i dtionscadail an Phlean Oidhreacht agus i ndoiciméid straitéiseacha eile.

Seandálaíocht agus an Próiseas pleanála

Déantar gach iarratas pleanála a scagadh agus a mheas maidir lena thionchar ar na láithreáin seandálaíochta atá ar eolas agus lena Chriosanna Acmhainneachta SeandálaíochtaSeo an ceantar ina d'fhéadfadh seandálaíocht fhodhromchla a bheith ann. Má tá do láithreán beartaithe íogair ar sheandálaíocht, d'fhéadfaí go gcuirfear de cheangal ort seandálaí a fhostú chun tabhairt faoi mheasúnacht tionchair ar sheandálaíochta nó chun monatóireacht a dhéanamh ar na hoibreacha talún.

Is féidir leat dul i dteagmháil leis an Seandálaí Contae chun comhairle réamhphleanála a fháil. D'fhéadfadh Comhairle Contae Chorcaí coinníollacha a bhaineann le seandálaíocht a chur ar iarratais phleanála aonair bunaithe ar mholtaí an tSeandálaí Contae agus Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta.

Cá háit ar féidir liom dul i dteagmháil le seandálaí?

Tá eolaire seandálaithe ar fáil ar a suíomh gréasáin ag Institiúid Seandálaithe na hÉireann.

Seandálaíocht agus Oideachas

Cothaíonn Comhairle Contae Chorcaí cur chun cinn oidhreacht seandálaíochta an chontae agus oideachas uirthi. San acmhainn oideachais Archaeology in the Classroom, tá ceachtanna ar gach gné d'oidhreacht seandálaíochta do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna araon. Tá sé ar fáil ar líne ag www.itsabouttime.ie.

Tá roinnt speisialtóirí oidhreachta i gCorcaigh atá toilteanach cuairt a thabhairt ar scoil faoin Scéim um Oidhreacht i Scoileanna, a reáchtálann an Chomhairle Oidhreachta

Reiligí Stairiúla

Tá baint ag formhór na reiligí stairiúla le heaglaisí meánaoiseacha. Tá siad sin faoi chúram Chomhairle Contae Chorcaí nó Chomhlachtaí eaglaise, agus tugtar cosaint dóibh faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930-1994.

An Coiste Comhairleach um Shéadchomharthaí Stairiúla (CCSS)

Bunaíodh an CCSS de réir Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 d'fhonn comhairle agus cúnamh a chur ar fáil maidir le séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus a chosaint i ngach contae na hÉirinn. Comhaltaí Tofa, speisialtóirí a dtugtar cuireadh dóibh agus oifigigh ábhartha Údarás Áitiúil atá air. Tá an grúpa páirteach i réimse leathan gníomhaíochtaí agus tugann sé treoir agus comhairle d'Fhoireann Oibreacha Caomhantais na Comhairle, a bhfuil roinnt tionscadal caomhnaithe curtha i gcrích aici. Cinnteoidh na tionscadail sin go gcaomhnófar foirgnimh thábhachtacha de chuid na Meánaoise go fadtéarmach. Rinneadh oibreacha le déanaí ag Mainistir Bhaile an Droichid, Bealach Átha, Cill Dairbre agus Séipéal Mholaga .

Rogha Láithreán seandálaíochta ar féidir cuairt a thabhairt orthu i ngach Ceantar Bardasach (CB)

CB Cheann Toirc/Mhala

Mainistir Agaistíneach an Bhaile Bhig

Mainistir Phroinsiasach Chill na Mallach

Caisleán, teach agus diméin Mhala

Caisleán Cheann Toirc

Séipéal, tobar beannaithe agus leaca croise Thulach Léis

Caisleán Lios Cearúill

Caisleán Chill Bhláin

Baile stairiúil Áth Trasna

Baile stairiúil Chill na Mallach

Baile stairiúil Mhala

CB Mhainistir Fhear Maí

Mainistir Agaistíneach Bhaile an Droichid, Caisleán Bhaile an Róistigh

Séipéal Áth Cros, Cill Dairbhre

Séipéal agus Tobar Beannaithe Bhrí Ghabhann, Baile an Mhistéalaigh

Séipéal an Bhaile Nua

Séipéal Chill Dairbhre

Séipéal Chill Aonamra, Mainistir Fhear Maí

Mainistir agus Séipéal Doiminiceach Chaisleán Uí Liatháin

Caisleán Chonaithe

Séipéil agus Tobar Beannaithe na Cúile, Caisleán Ó Liatháin

Tuama Dingeach Leaba Chaillí, Gleannúir

Séipéal agus Leaca Uaighe Leaba Mologa

Teach agus diméin Dhún ar Aill

Mainistir agus droichead Chaisleán Ghleannúir

Dún cnoic agus Carn an Chairn, Mainistir Fhear Maí

Baile stairiúil Mhainistir Fhear Maí

Baile stairiúil an Rátha

CB Iarthar Chorcaí

Liagchiorcal an Droma Bhig, Cuan Dor

Liagchiorcal na Caolchoille

Gallán Chill na Ruán, Beanntraí

Caiseal Chnoc Droma, Baile an Chaisleáin

Tuama dingeach altóra, An Scoil

Mainistir Phroinsiasach, Inis Arcáin

Mainistir Phroinsiasach, Tigh Molaige 

Tírdhreach Mianadóireachta na nAilichí – Rian iarsmalainne timpeall ar na tithe innill, na harmlanna agus an sráidbhaile mianadóireachta

Séipéal agus reilig Mhainistir na Sruthrach, An Sciobairín

Cloigtheach Chinn Eich, Baile Chaisleáin Chinn Eich

Cloigtheach Bhaile na Carraige, Dún Mánmhaí

Séipéal Naomh Ciarán, Ceann Cléire

Baile stairiúil Ros Ó gCairbre

Baile stairiúil an Sciobairín

Baile stairiúil Chloich na Coillte

CB na Blárnan/Mhaigh Chromtha

Mainistir Phroinsiasach Chill Chré, Na hUamhanna

Droichead Charraig an Droichid

Mainistir, séipéal, tobar beannaithe, clocháin, oilithreacht Bhaile Bhuirne

Caisleán na Blarnan

Daingean Cahirvagliair, An Caipín

Liagchiorcal Chnoc na Cille, Sráid an Mhuilinn

Baile stairiúil Mhaigh Chromtha

CB Dhroichead na Bandan/Chionn tSáile

Daingean Rinn Chorráin, Cionn tSáile

An Seandaingean, Cionn tSáile

Daingean Camden Meagher, Bun an Tábhairne

Túr Comhartha, An Seancheann

Baile stairiúil Dhroichead na Bandan

Baile stairiúil Chionn tSáile

Baile stairiúil Inis Eonáin

CB an Chóibh

Dún an Mhistéalaigh Inis Píc, An Cóbh

Caisleán Chúirt an Bharraigh, Carraig Uí Thuathail

Séipéal agus Reilig Chluain Meala, An Cóbh

Reilig Dhún Pheadair, Gleann an Phréacháin

CB Oirthear Chorcaí

Séipéal Chill Chríodáin, Baile na Martra

Ardeaglais agus cloigtheach Chluana

Caisleán agus teach Bhaile na Martra

Baile stairiúil Bhaile na Martra

Baile stairiúil Mhainistir na Corann

Baile stairiúil Chluana

Bailte stairiúla Eochaille

CB Bhaile an Chollaigh /Charraig Uí Leighin

Muilinn Phúdar Gunna Bhaile an Chollaigh

Reilig Chill Muire, An Pasáiste

Carn Chora Binne.