Rialú Dóiteáin & Foirgníochta

Oibríochtaí na Seirbhíse Dóiteáin

Cuireann muid seirbhís dóiteáin agus tarrthála ar fáil ó fiche haon stáisiún, atá suite ar fud an chontae. Cuimsíonn glaonna éigeandála dóiteáin baile agus tráchtála, imbhuailte ar bhóithre, tinte aitinn, teagmhais cheimiceacha agus eachtraí ghuaiseacha eile laistigh den chontae.

Tá an tseirbhís roinnte i gceithre roinn geografach agus tá na ceanncheathrúna roinne i mBeanntraí, i Mala, i Mainistir na Corann agus i gCarraig Uí Leighin. Tá freagracht ag Oifigeach Dóiteáin Feidhmiúcháin Sinsearach as gach roinn agus cabhraíonn Phríomhoifigeach Dóiteáin Cúnta leis/léi maidir le hábhair oibriúcháin seirbhíse laistigh den roinn sin. Déanann Oifigigh Stáisiúin aonaracha agus Oifigí fostáisiúin maoirseacht ar obair na seirbhíse a sholáthraíonn gach stáisiún dóiteáin don phobal.

Bíonn deichniúr nó dhá chomhraiceoir déag dóiteáin ar áirithíocht le gach stáisiún dóiteáin a rith. Tá 214 comhraiceoir dóiteáin páirtaimseartha tiomanta ag obair do Rannóg Dóiteáin Chontae Chorcaí.

Déanann gach comhraiceoir dóiteáin atá earcaithe cúrsa earcaíochta trí seachtaine ar bhunscileanna comhrac dóiteáin agus imbhuailte ar bhóithre. Leanann cúrsa coicíse ar úsáid ghairis análaithe agus cúrsa dhá lá ar Iompar Dóiteáin Rannáin é seo. Bíonn oícheanta druile ag comhraiceoirí dóiteáin ar áirithíocht gach seachtain ag gach stáisiún dóiteáin áitiúil mar thraenáil leanúnach.

Déanann comhraiceoirí dóiteáin traenáil speisialaithe freisin i ngGarchabhair Oibre, i gCéad Fhreagróir Leighis, i bhFeasacht Uisce, in Oiliúint ar Ábhar Guaiseach agus in Oiliúint ar Imbhuailte ar Bhóithre. Déanann comhraiceoirí dóiteáin traenáil athnuachana freisin sna hábhair sin chun a scileanna a choimeád agus a fheabhsú.

Déanann Oifigigh Stáisiúin agus Oifigigh Fostáisiúin Cúrsaí speisialaithe Ceannais agus Comhordaithe Oifigeach chun a scileanna a fhorbairt agus a fheabhsú. Cáilíonn roinnt oifigeach mar theagascóirí i ndisiplíní áirithe rud a chuireann ar a gcumas traenáil a thabhairt ar bhonn Stáisiúin agus ar Fud an Chontae faoi seach.

Cork County Council Map of Fire Stations (jpg)