Seirbhísí Uisce agus Scéimeanna Fóirithinte Tuile

Grúpscéimeanna um Uisce a Sholáthar

Grúpscéimeanna um Uisce a Sholáthar



Bain úsáid as an nasc seo a leanas le do thoil chun comhairle a fháil ón Cónaidhm Náisiúnta do Ghrúpscéimeanna Uisce.

Déantar Grúpscéim Uisce a shainmhíniú mar:

Cásanna ina dtagann grúpa déanta suas de bheirt shealbhóir tí nó níos mó le chéile, a úsáideann córas dáileacháin uisce roinnte agus/nó córas cóireála uisce, a thagann ó fhoinse comhchoiteann, chun soláthar uisce a chur ar fáil dóibh féin in áit nach bhfuil soláthar dá shórt ann cheana (nó soláthar atá thar a bheith easnamhach).

Tá deontas de 85% den chostas faofa fé réir theorainn de €6,475.66 i leith gach ceangal tí, pé ar bith ceann is ísle, ar fáil do na hoibreacha uile atá incháilithe. Caithfidh grúpscéimeanna íosmhéid de 15% den chostas a íoc i leith oibreacha atá ceadaithe. Tá feidhm le deontais i gcomhair:

  • Scéimeanna nua
  • Sínte le scéimeanna nua nó scéimeanna atá ann cheana
  • Obair uasghrádaithe/athchóirithe
  • Athnuachan ar ionad atá ann cheana
  • Ceangail le soláthar poiblí.

Cuimsíonn oibreacha a meastar a bheith incháilithe, costais phleanála agus dheartha, tógáil, agus ionad meicniúil, taiscumair, nó líonraí dáileacháin a chur in ionad na gcinn atá ann. 



Má theastaíonn faisnéis uait faoi Ghrúpscéim Soláthair Uisce nua a bhunú, cliceáil le do thoil ar an nasc seo a leanas le haghaidh treoir maidir le conas é sin a dhéanamh: Grúpscéimeanna um Uisce a Sholáthar (pdf).