'Taiscéal Corcaigh' Aip

Cuardaigh ‘Explore Cork’ san App Store nó Google Play agus íoslódáil an aip saor in aisce le haghaidh bealach éasca agus áisiúil chun do chéad chuairt eile ar Chorcaigh a phleanáil nó chun nithe is díol spéise atá ar do leac an dorais féin a aimsiú. Tá an aip ‘Explore Cork’ SAOR IN AISCE ar fáil ar do bhrabhsálaí gréasáin chomh maith.

D’fhorbair Comhairle Contae Chorcaí an aip ‘Explore Cork’, aip uathúil turasóireachta ilfhreastail, ina bhfuil níos mó ná 850 áit le feiscint agus rudaí le déanamh ar fud Chorcaí.

Tá an aip saor in aisce, agus tá sí ar fáil anois i gceithre theanga (Gaeilge, Béarla, Fraincis & Gearmáinis), an chéad aip dá leithéid ag aon Údarás Áitiúil in Éirinn.

Bain triail as an bhfeidhm ‘Céard atá gar dom?’ le gníomhaíochtaí turasóireachta in aice láimhe a bhrabhsáil i 18 gcatagóir nó bain úsáid as rannán conairí tiomnaithe na haipe chun faisnéis fhairsing a fheiscint maidir le go leor conairí siúil iontacha i gContae Chorcaí.

Treoir maidir le húsáid aip ‘Explore Cork’ Chomhairle Contae Chorcaí.

Cibé duine áitiúil thú, ag nochtadh seoid atá i bhfolach den chéad uair, nó cuairteoir ag pleanáil turais go Corcaigh, tá  sé ar fad ar fáil ar ‘Explore Cork’ ach cnaipe a bhrú.