Pobal

Plean Áiti úil Geilleagrach agus Pobail (PÁEP)

Bunaíodh na Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil (CFPÁnna) mar chuid den Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014 i ngach limistéar údaráis áitiúil.

Is í aidhm na CFPÁnna ná pleanáil straitéiseach a chur chun cinn agus gníomhaíochtaí forbartha áitiúla agus pobail a chomhordú. Tá comhaltaí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach ar na CFPÁnna, lena n-áirítear comhaltaí agus oifigigh ó na hÚdaráis Áitiúla, gníomhaireachtaí stáit, agus ionadaithe forbartha áitiúla agus pobail ón earnáil phríobháideach.

Feidhmeanna

Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna na CFPÁnna:

  • Na gnéithe pobail a ullmhú do Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (PÁEP) 6 bliana
  • Gnéithe pobail an PÁEP a chur i bhfeidhm, nó socruithe a dhéanamh chun iad a chur i bhfeidhm
  • Monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an PÁEP
  • Cur i bhfeidhm na gclár forbartha áitiúla agus pobail a chomhordú, a bhainistiú agus a mhaoirsiú, mar shampla: SICAP agus an Clár um Fhorbairt Tuaithe
  • Comhordú a fheabhsú agus dúbláil oibre nach gá a laghdú
  • Dréacht de ghnéithe eacnamaíochta an PÁEP a mheas agus ráiteas a ghlacadh ina leith
  • Tuarascáil bhliantúil a ullmhú

Bhunaigh Comhairle Contae Chorcaí trí Choiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (CFPÁ) atá ar chomhréim le teorainneacha riaracháin rialtas áitiúil Thuaisceart, Dheisceart agus Iarthar Chorcaí. Féadann gach CFPÁ idir seachtar agus naonúr déag gcomhaltaí a bheith acu. Ní mór go mbeadh meascán d'ionadaithe ó na hearnálacha poiblí agus príobháideacha ann, le formhór na gcomhaltaí ag teacht ón earnáil phríobháideach.

Ballraíocht

Féach 'Achoimre ar an Doiciméad' thíos le haghaidh sonraí ballraíochta.

Cláir Oibre agus Miontuairiscí Cruinnithe

Coistí Forbartha Pobail Áitiúla

LCDP Logo (png)