Airgeadais

Mótarcharbháin

Chun Cáin a chur ar mhótarcharbhán beidh na rudaí seo a leanas ag teastáil uait:

  • Foirm Iarratais comhlánaithe agus sínithe go hiomlán
  • Ainm do Chuideachta Árachais, Uimhir do Pholasaí agus dáta éaga an Árachais.
  • An Táille Cheart – Is féidir íoc le seic (iníoctha le Comhairle Contae Chorcaí), hairgead tirim, hordú poist, hordú airgid, cárta creidmheasa nó dochair. Ná seol airgead tirim tríd an bpost riamh.
  • Deimhniú Ródacmhainneachta (DRA) i gcás inarb infheidhme.

Ní mór mótarcharbháin a thástáil ar an gceathrú chothrom lae a rinneadh iad a chlárú don chéad uair agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin go dtí go bhfuil an fheithicil deich mbliana d'aois; ina dhiaidh sin beidh tástáil bhliantúil riachtanach.

Tá mótarcharbháin a cláraíodh roimh 1980 díolmhaithe ó thástáil.

Is féidir tuilleadh eolais faoi thástáil a fháil ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA).