Airgeadais

Athrú Úinéireachta

Tá sé de dhualgas ar an díoltóir a chinntiú go bhfuil an páipéarachas ar fad comhlánaithe mar is cuí agus é a sheoladh ar aghaidh chuig an oifig chuí.

  • Feithiclí a cláraíodh tar éis an 1 Eanáir 1993

Más rud é gur cláraíodh d'fheithicil tar éis an 1 Eanáir 1993, ní mór duit an mhír athrú úinéireachta den Deimhniú Cláraithe Feithicle (DCF) nó den Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle a chomhlánú i leith na feithicle.  Ba cheart é sin a sheoladh chuig an Aonad Cláraithe Feithicle, Sionainn, Contae an Chláir).  Gheobhaidh an t-úinéir nua DCF ina ainm in am trátha.

  • Feithiclí a cláraíodh roimh an 1 Eanáir 1993

Más rud é gur cláraíodh d'fheithicil roimh an 1 Eanáir 1993, ba cheart duit Foirm um Athrú Úinéireachta (RF200) a chomhlánú agus a sheoladh isteach chuig d'Oifig Mótarchánach áitiúil.  Ba cheart duit a chinntiú go bhfuil an fhoirm sínithe ag an díoltóir agus ag an gceannaitheoir agus go bhfuil Dáta an Díolacháin le feiceáil go soiléir.  Taifead ainm agus seoladh an úinéara nua sa (Log)leabhar Cláraithe agus cuir faoi iamh é leis an bhfoirm RF200.  

  • Úinéireacht Feithicle a Aistriú chug Mótardhéileálaí

I gcás feithiclí a cláraíodh tar éis an 1 Eanáir 1993, ní mór don cheannaitheoir agus don díoltóir araon Foirm RF105 a chomhlánú  agus a sheoladh ar aghaidh chuig an Aonad Cláraithe Feithicle, Sionainn, Contae an Chláir.

I gcás feithiclí a cláraíodh roimh an 1 Eanáir 1993, ní mór RF200 a chomhlánú in éineacht leis an Mótardhéileálaí.  Coinnigh Cuid C de RF200

San dá chás sin, tugtar an Deimhniú Cláraithe Feithicle/Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle/Logleabhar don Mótardhéileálaí.

  • Úinéir Reatha Básaithe

Áit a bhfuil an díoltóir básaithe, ní mór litir ó Sheiceadóir an Uachta nó ó Dhlíodóir a thaispeánann go bhfuil an ceart ag an ceannaitheoir seilbh a bheith aige ar an bhfeithicil a chur leis an (Log)leabhar Cláraithe/Deimhniú Cláraithe Feithicle/Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle VRC/VLC (agus a sheoladh isteach chuig an Oifig Mótarchánach)

Áit nach bhfuil (Log)eabhar Cláraithe/Deimhniú Cláraithe Feithicle/Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle ar fáil nó nach féidir é a chur ar fáil, is féidir leis an duine atá ag ceannach na feithicle dearbhú a dhéanamh (ar féidir é a fháil ón Aonad Cláraithe Feithicle, Sionainn/Oifig Mótarchánach) atá mionnaithe os comhair Choimisinéir Mionnaí nó os comhair Aturnae Cleachtach.  Ní mór go gcuirfí an litir thuasluaite ó Sheiceadóir an Uachta nó ó Aturnae in éineacht leis an Dearbhú Reachtach.

  • Feithicil nár Cláraíodh Riamh Roimhe seo

Nuair a chuirtear cáin ar fheithicil nua don chéad uair, eisíonn an tAonad Cláraithe Feithiclí, Sionainn, Contae an Chláir, Deimhniú Cláraithe Feithicle don Úinéir Cláraithe. 

Chun úinéireacht feithicle nár cláraíodh riamh a athrú (.i. feithicil nach bhfuil Deimhniú Cláraithe/ (Log)leabhar Cláraithe aici), seol fógra den aistriú a bhfuil dáta díolacháin comhaontaithe sonraithe air agus é sínithe ag an gceannaitheoir agus ag an díoltóir chuig an oifig chuí.   Ba cheart go gcuimseodh an fógra sin Cláruimhir Feithicle, Uimhir Fonnaidh na Feithicle (VIN), ainm agus seoladh an úinéara reatha agus ainm agus seoladh an úinéara nua. 

Le haghaidh feithiclí a cláraíodh tar éis 1993, seol an fógra chuig an Aonad Cláraithe Feithiclí, Sionainn, Contae an Chláir.  Le haghaidh feithiclí a cláraíodh roimh 1993, seol an fógra chuig an Oifig Mótarchánach (is féidir Foirm RF200 a úsáid).   Má tá an t-athrú úinéireachta á dhéanamh in éineacht le cáin a chur ar an bhfeithicil, is féidir an fógra maidir le haistriú gach feithicle a sheoladh isteach chuig an Oifig Mótarchánach lena phróiseáil leis an Iarratas Cánach.