Rialachas agus Riarachán

Saoráil Faisnéise (SF)

Rinneadh an reachtaíocht reatha ar Shaoráil Faisnéise (SF) a achtú agus cuireadh i bhfeidhm é ar údaráis áitiúla i mí Dheireadh Fómhair 2014. Déanann an tAcht um Shaoráil Faisnéise foráil go mbeidh na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine:

  • An ceart chun taifid oifigiúla atá i seilbh Ranna Rialtais nó comhlachtaí poiblí eile, mar a dheimhníonn an tAcht, a rochtain
  • An ceart le heolas pearsanta atá coinnithe a bhaineann leo a cheartú nó nuashonrú a dhéanamh air nuair nach bhfuil an t-eolas sin iomlán, nó nuair atá sé mícheart nó míthreorach
  • An ceart go n-inseofaí na cúiseanna dóibh faoi chinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí agus a chuireann isteach orthu.

Tá iarratas ar Shaoráil Faisnéise saor in aisce. Chun iarratas ar Shaoráil Faisnéise a dhéanamh, íoslódáil agus comhlánaigh an fhoirm chuí i mBéarla, nó i nGaeilge agus seol í chuig:



An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise,

Comhairle Contae Chorcaí

Urlár 14,

Halla an Chontae,

Corcaigh.

Reachtaíocht

Is féidir leat na hachtanna a íoslódáil i bhformáid PDF ach na naisc thíos a roghnú:

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997

An tAcht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014

Alt 15 agus Alt 16

Éilítear le hAlt 15 agus Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 go bhfoilseofaí aon ábhar a bhaineann le feidhm na reachtaíochta agus le hOifig an Choimisinéara Faisnéise, chomh maith le treoirlínte ar sheirbhísí a chuirtear ar fáil, an bealach le leas a bhaint astu agus na cineálacha taifead atá i seilbh comhlachtaí poiblí.

Is féidir lámhleabhair Ailt 15 agus Ailt 16 a rochtain trí na naisc thíos a leanúint:

Lámhleabhar Ailt 15 (Treoir ar Struchtúr, Eagraíocht, Feidhmeanna, Cumhachtaí, Dualgais, Taifid & Seirbhísí a chuireann Oifig an Choimisinéara Faisnéise ar fáil)

Lámhleabhar Ailt 16 (Treoir ar Rialacha, Modhanna Oibre, Cleachtais, Treoirlínte agus Léirithe a úsáideann Oifig an Choimisinéara Faisnéise)

Tuilleadh eolais

Is féidir leat iarratas ar Shaoráil Faisnéise a dhéanamh tríd an (Fhoirm Iarratais SF i nGaeilge) a úsáid.

Tá míniú tugtha ar chuspóir na nAchtanna SF san Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, mar a leanas:

''Acht dá chumasú do dhaoine den phobal rochtain a fháil, a mhéid

i gcomhréir le leas an phobail agus leis an gceart chun príobháideachta, ,

ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí agus dá chumasú do dhaoine

go gceartófar faisnéis phearsanta a bhaineann leo agus atá i

seilbh na gcomhlachtaí sin...'

Tá An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 deartha chun ligean do bhaill den phobal ceart rochtana a bheith acu ar an eolas atá stóráilte fúthu ag comhlachtaí nó gníomhaireachtaí poiblí, nó go bhfuil sé sin i leas an phobail. Tá faoi na hAchtanna seo cothromaíocht a dhéanamh idir an ceart faisnéise seo agus an ceart príobháideachais a bhfuil gach duine i dteideal a bheith acu. Is féidir é seo a bhaint amach trí eisceachtaí áirithe a dhéanamh do na cineálacha agus leibhéal faisnéise a iarrtar.

Tá scóip na nAchtanna an-leathan. Is féidir leat na cineálacha taifead seo a leanas atá á gcoimeád ag ranna rialtais agus ag comhlachtaí rialtais a lorg:

  • Taifid a bhaineann leat féin go pearsanta.
  • Gach taifead eile a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreán, 1998.

Is féidir leis an taifead a bheith ag tagairt do cháipéis páipéir, eolas a bheadh coinnithe ar ríomhaire, asphriontaí, léarscáileanna, pleananna, micreascannán, micrifís, ábhar chlosamhairc, agus mar sin de.

Is féidir leat eolas atá i seilbh comhlachtaí poiblí agus Airí ina gcáil mar cheannasaithe Ranna a lorg. Is féidir leat taifid a bhaineann le hábhair rannach a raibh airí, airí stáit, a gcomhairleoirí agus státseirbhísigh páirteach iontu a lorg. Mar sin féin, tá roinnt díolúintí ann inar féidir diúltú d'iarratais ar eolas.

Tugann díolúintí aird ar raon leathan réimsí agus, nuair is cuí, tugann siad tairiscint ar rúndacht i leith ábhar amhail iad seo a leanas:

  • Cáipéisí comh-aireachta, faisnéis agus taifid a bhaineann leis ó choistí áirithe.
  • Breithniúcháin agus idirbheartaíocht comhlachtaí poiblí.
  • Taifid a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, le caidrimh idirnáisiúnta, agus le Tuaisceart Éireann.
  • Taifid a bhféadfaí dochar a dhéanamh do leas an Stáit dá scaoilfí amach iad.
  • Eolas tríú páirtí, amhail eolas a fuarthas faoi rún, eolas pearsanta agus eolas a bheadh íogair ó thaobh tráchtála de.
  • Taifid atá faoi réir phribhléid ghairmiúil dlíthiúil, agus ábhair áirithe a bhaineann leis na cúirteanna, leis an Oireachtas agus le binsí.
  • Taifid a bhaineann le taighde agus le hacmhainní nádúrtha.

Níl na díolúintí sin deartha ach chun eolas a chosaint sa chás is go mbeadh seans maith go ndéanfaí dochar dá bharr d'aon ábhar a bhainfeadh leis. Ní bhíonn feidhm leis an gcuid is mó de na díolúintí más rud é, tríd is tríd, go ndéantar freastal níos fearr ar leas an phobail trí rochtain a thabhairt ar na taifid.

Tagraíonn eolas pearsanta d'eolas faoi dhuine nach mbeadh ar eolas de ghnáth faoin duine sin ach amháin aige féin agus ag a mhuintir. Tá eolas ináirithe ann freisin a bheadh i seilbh chomhlacht phoiblí faoi dhuine leis an tuiscint go mbeadh sé coinnithe faoi rún. Tugann na hAchtanna roinnt samplaí ar cad a mheasfaí mar eolas pearsanta.

Tá roinn cosaintí san Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 maidir le heolas pearsanta a scaoileadh amach. Orthu sin tá sé de riachtanas ar an gcomhlacht phoiblí dul i gcomhairle leis an té a mbaineann an t-eolas leis sula scaoilfí é chuig tríú páirtí. Más rud é go mbeartaíonn an comhlacht poiblí an t-eolas a scaoileadh fós chuig tríú páirtí, is féidir leis an duine achomharc a dhéanamh i dtaobh an chinnidh seo chuig an gCoimisinéir Faisnéise.

I gcás páipéar beartais agus taifead dá sórt, is le taifid a cruthaíodh ón 21 Aibreán 1998 ar aghaidh a bhíonn feidhm leis na hAchtanna de ghnáth. Is féidir taifead a cruthaíodh roimh an dáta sin a rochtain má tá gá leis le hábhar a cruthaíodh níos deireanaí a thuiscint, nó má dhéanann an tAire Airgeadais rialacháin le rochtain a dhéanamh ar thaifid níos luaithe. Tríd is tríd, tá sé de cheart agat eolas pearsanta a bhaineann leat féin a fháil, is cuma cén uair a cruthaíodh é.

I dtús báire, is é ceann an chomhlachta phoiblí chuí a dhéanann cinntí ar iarratais faoi na hAchtanna. An t-aire cuí a dhéanann na cinntí i gcás gur roinn rialtais atá i gceist. Mar sin féin, tá sé dodhéanta ag an Aire gach iarratas a fhaigheann roinn a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ina leith, mar go gcaitear déileáil le hiarratais de ghnáth laistigh de cheithre seachtaine. Dá bharr seo, déanann na hAchtanna foráil ar dhéanamh cinntí ar iarratais a tharmligean. Más rud é gur oifigeach faoi tharmligean a dhéanann an chéad chinneadh le hiarratas a dhiúltú, is féidir leat achomharc a dhéanamh ar dtús trí athbhreithniú inmheánach laistigh den roinn, le hoifigeach níos sinsearaí nó le hAire na roinne ar chuir tú an t-iarratas chuici.

Is féidir.

Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh ar iarratas ar Shaoráil Faisnéise, is féidir leat athbhreithniú inmheánach a iarraidh ar an roinn nó ar an gcomhlacht phoiblí i dtaobh an chinnidh. Déanfaidh oifigeach níos sinsearaí athbhreithniú ar d'iarratas ansin agus inseofar an toradh duit laistigh de thrí seachtaine. Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh a déantar tar éis an athbhreithnithe tosaigh, is féidir leat achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir Faisnéise.

Bhunaigh na hAchtanna Oifig an Choimisinéara Faisnéise mar chomhlacht neamhspleách chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhiúltú ar iarratais ar eolas agus ábhair a bhaineann leis. Tá torthaí an Choimisinéara mar cheangal ar na páirtithe a mbaineann sé leo, agus faoi réir achomhairc chuig an Ardchúirt ar phointe dlí.

Go hiondúil, ní féidir leat achomharc a chur chuig an gCoimisinéir ach amháin nuair a bhaineann tú úsáid as an athbhreithniú inmheánach ar dtús. Nuair nach bhfuil aon tarmligean i bhfeidhm, agus nuair a bhíonn d'iarratas diúltaithe ó thús ag Aire, is féidir leat achomharc a dhéanamh díreach chuig an gCoimisinéir Faisnéise i gcomhair athbhreithnithe.

Ta cumhachtaí leathana ag an gCoimisinéir faoi na hAchtanna, cáipéisí a scrúdú agus finnéithe a ghairm, chun a shocrú an bhfuil ábhar díolmhaithe. Mar sin féin, i réimsí áirithe, má tá ábhar díolmhaithe agus sách tromchúiseach nó íogaireach, is féidir leis an Aire teastas a eisiúint chun na críche sin. Is iad na réimsí sin ná iad seo a leanas:

  • Breithniúcháin Ranna Stáit
  • Forfheidhmiú dlí
  • Slándáil
  • Caidreamh idirnáisiúnta
  • Tuaisceart Éireann

Nuair a eisítear teastas mar sin, ní féidir leis an gCoimisinéir athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh leis an eolas a dhiúltú. Ina ionad sin, d'fhéadfadh comhaltaí eile Rialtais athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar, nó d'fhéadfadh na cúirteanna athbhreithniú a dhéanamh air más pointe dlí atá i gceist. Táthar ag súil leis gur annamh a bhainfear úsáid as teastais aireachta.