Oidhreacht agus Caomhnú

Cuimhneacháin

Tá stair saibhir ag baint le Contae Chorcaí, stair a théann siar go leor céadta agus mílte. Sa chontae chonacthas cuid de na himeachtaí stairiúla is tábhachtaí i stair na hÉireann, idir an seansaol agus an lá inniu.

Tarlaíonn ceiliúradh agus comóradh na n-imeachtaí suntasacha sin i gContae Chorcaí go minic. Le Deich mBliana na gCuimhneachán Céad Bliain ag díriú ar imeachtaí 1912-1922, tá go leor grúpaí ag comóradh na gcora cinniúnacha a tharla anseo.

Sa chuid seo a leanas tá go leor eolais maidir le comóradh a tharla, atá ag tarlú agus a tharlóidh i gContae Chorcaí.

Ráiteas Tionscadail Iniúchta ar Chuimhneacháin Chorcaí (pdf)

Foirm Tuairisc Séadchomhartha (pdf)

Chun faisnéis a chur isteach agus le haghaidh aon cheisteanna cuir ríomhphost chuig commemorations@corkcoco.ie

Deich mBliana de Chuimhneacháin na hÉireann

Is deis é Deich mBliana na gCuimhneachán Céad Bliain do lucht iomlán an phobail páirt a ghlacadh i gcomóradh imeachtaí suntasacha na tréimhse 1912 go 1922.

Tá Comhairle Contae Chorcaí, i gcomhpháirt leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, ag obair le go leor grúpaí deonacha agus grúpaí pobail chun gach céim a bhain Éire amach idir 1912 agus 1922 a chomóradh i modh tuisceanach, cuimsitheach agus measúil.

Bhí breis is 200 grúpa páirteach i gComóradh 1916 idir thionscadail, thionscnaimh, agus imeachtaí áitiúla le linn 2016. Bhí ról tábhachtach ag Coiste Chuimneachán Céad Bliain 1916 Chomhairle Contae Chorcaí agus aithníodh an obair sin ar bhonn náisiúnta in 2016, le Gradam Oidhreachta Náisiúnta na hEarnála Poiblí bronnta ar Chomhairle Contae Chorcaí as ucht cur chun cinn a Chláir Céad Bliain 2016.

De thoradh na n-imeachtaí in 1916 thosaigh sé bliana d'athrú suntasach agus de mhórchlaochlú ar oileán na hÉireann, agus, de réir mar is cuí, cuimhneoidh Comhairle Contae Chorcaí, grúpaí pobail agus grúpaí Oidhreachta príomhimeachtaí Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad.