Airgeadais

Leantóirí

Ní mór gach Leantóir Earraí Troma (lena n-áirítear leathleantóirí) a bhfuil uasmheáchan ceadaithe de bhreis is 3,500kg aige a chlárú leis an Oifig Mótarchánach, leantóirí úrnua agus iompórtáilte san áireamh.

Ón 29 Deireadh Fómhair 2012 ar aghaidh, ní mór Dearbhú Cineálcheadaithe a bheith ag cineálacha áirithe Leantóirí Earraí Troma chun iad a cheadúnú in Éirinn don chéad uair. (Foirm TF300A (pdf) Deimhniú um Shainaithint Meáchain do Leantóirí Cineálcheadaithe/Leantóirí Iompórtáilte/Leathleantóirí)

  • Leantóir iomlán a monaraíodh i gcéim amháin ag déantúsóir amháin ar nó tar éis an 29 Deireadh Fómhair 2012
  • Leantóir iomlán a monaraíodh i mbreis is céim amháin, .i. ag níos mó ná déantúsóir amháin ar nó tar éis an 29 Deireadh Fómhair 2013
  • Leantóir Sainchuspóireach a monaraíodh ar nó tar éis an 29 Deireadh Fómhair 2014

Leantóirí a monaraíodh roimh an 29 Deireadh Fómhair 2012 agus Leantóirí Earraí Troma a dearadh le go dtarraingíodh tarracóirí talmhaíochta amháin iad agus leantóirí a dearadh agus a tógadh lena n-úsáid ag na Forsaí Cosanta, ag an gCosaint Shibhialta, ag an Garda Síochána nó ag na Seirbhísí Dóiteáin amháin, tá siad díolmhaithe ón riachtanas Dearbhú Cineálcheadaithe a bheith acu, is cuma cén dáta a monaraíodh iad. (Foirm TF300B Deimhniú um Shainaithint Meáchain do Leantóirí atá taobh amuigh de Scóip an Chineálcheadaithe)

Chun iarratas a dhéanamh ar Chéad Cheadúnas beidh na rudaí seo a leanas ag teastáil uait:

  • TF100 (pdf) Comhlánaithe
  • TF300A (pdf) nó TF300B (tugtar sonraí breise faoi na rudaí a chaithfidh tú a chur isteach ar an bhfoirm iarratais)
  • Táille €60.00 iníoctha le Comhairle Contae Chorcaí

Tá ceangaltas dlíthiúil ann freisin leantóirí a cheadúnú ar bhonn bliantúil ag an Oifig Mótarchánach.  Ní ghearrtar aon táille as seo.  (Foirm TF100 (pdf) – a úsáidtear chun leantóirí/leathleantóirí a chlárú agus a cheadúnú.

Ní mór do gach Leantóir níos mó ná bliain amháin d'aois Dearbhú Ródacmhainneachta d'Fheithiclí Tráchtála reatha a bheith aige.

Úinéireacht Leantóra a Athrú

Tá sé tábhachtach a chuimhneamh go bhfuil an dualgas i gcónaí ar an díoltóir a chinntiú go ndéantar an fógra maidir le hAthrú Úinéireachta a chomhlánú i gceart agus go gcuirtear isteach gan mhoill é chuig an Oifig Mótarchánach. Ní mór na nithe seo a leanas a chur isteach:

  • TF200 (pdf) – Ba cheart do cheannaitheoir agus díoltóir an Leantóra an fhoirm seo a shíniú.
  • TF5 – Cárta Leantóra.

Sonraí Leantóra a Athrú

  • Ní mór na nithe seo a leanas a chur isteach:
  • TF100 (pdf)
  • TF5 – Cárta Leantóra.

Chun VIN/Uimhir Fonnaidh a athrú chuig uimhir iomlán beidh deimhniú ón Ionad Tástála Faofa a d'eisigh an Ráiteas Pas agus an DRA ag teastáil uainn.

Leantóir a Briseadh/Scriosadh

Seol Cárta Ceadúnais an Leantóra TF5 ar ais chuig an Oifig Mótarchánach in éineacht le fógra don bhriseadh/scriosadh.

Easpórtáil Leantóra

Cuir an Oifig Mótarchánach ar an eolas faoin Easpórtáil agus faoin Tír Easpórtála

Déan teagmháil leis an Oifig Mótarchánach má tá tuilleadh cúnaimh ag teastáil uait. (021) 4544566.