Pobal

An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (CCSGP)

Tá CCSGP 2018-2022 cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag Ciste Sóisialta na hEorpa mar chuid den Chlár um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020.

Tá sé mar aidhm ag an CCSGP dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta tríd an rannpháirtíocht áitiúil agus trí chomhar idir dhaoine aonair atá faoi mhíbhuntáiste, eagraíochtaí pobail agus ghníomhaireachtaí na hearnála poiblí. 

Leagann Riachtanais an Chláir um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtaithe Pobail (CCSGP) a d'eisigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, na príomhrialacha agus na riachtanais chun CCSGP 2018 - 2022 a sheachadadh amach.

Coistí Forbartha Pobail Áitiúil a bhainistíonn CCSGP ar an leibhéal áitiúil le thacaíocht ó na hÚdaráis Áitiúila. Is iad Cuideachtaí Forbartha Áitiúla a sheachadann gníomhaíochtaí cláir.

Is clár cuimsitheachta sóisialta é CCSGP a chuidíonn le daoine aonair agus le grúpaí trí chur chuige débhiorach; tacú le pobail agus tacú le daoine aonair. Is é tasc na gCuideachtaí Forbartha Áitiúla (LDCanna) ná scóip leathan an chláir a léiriú ina ngníomhartha agus maoiniú cláir a úsáid chun pobail a neartú agus saol daoine a fheabhsú.

Caithfidh gach tairbhí den chlár a bheith i gceann de na spriocghrúpaí CCSGP seo a leanas:

  • Páistí agus Teaghlaigh atá Faoi Mhíbhuntáiste
  • Daoine Óga atá Faoi Mhíbhuntáiste (idir 15-24 d'aois)
  • Mná atá Faoi Mhíbhuntáiste
  • Tuismitheoirí Aonair
  • Oibrithe / Teaghlaigh ar Ioncam Íseal
  • Pobail Nua 
  • Daoine atá ina gcónaí in bPobail atá Faoi Mhíbhuntáiste
  • Daoine atá Faoi Mhíchumas
  • Romaigh
  • Taistealaithe
  • Daoine díghreamaithe ón margadh saothair (neamhghníomhach go heacnamaíoch)
  • Daoine Dífhostaithe

Le tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar an Tábla Lotaí CCSGP.

SICAP Various Logos (jpg)

Document Summary