Rialú Dóiteáin & Foirgníochta

Fógraí Tosaithe

Teastaíonn Fógra Tosaithe le fógra a thabhairt d'Údaráis Rialú Foirgníochta maidir le foirgnimh den chineál sin, nó aicmí d'fhoirgneamh mar sin a thógáil, nó obair den chineál sin, no aicmí d'obair mar a d'fhéadfadh a bheith sonraithe sna rialacháin a dhéanamh.  Molann na Rialacháin (Leasaithe) um Rialú Foirgníochta SI 9 de 2014 suíomh Chórais Bainistíochta Rialú Foirgníochta (CBRF) mar an bealach roghnaithe ar riarachán rialú foirgníochta leictreonach.

Déanann na Rialacháin um Rialú Foirgníochta soláthar ar cheisteanna nósanna imeachta, riaracháin agus rialaithe chun na críche riachtanais Rialú Foirgníochta a chur i bhfeidhm agus a léiriú cén chaoi ar baineadh amach chomhlíonadh na riachtanais sin maidir le foirgnimh nó oibreacha atá i gceist.

Caithfidh gach páirtí a mbaineann an fógra leo (úinéir, dearthóir, tógálaí agus deimhnitheoir) clárú ar dtús leis an CBRF le cur isteach ar Fhógra Tosaithe.

Beidh na treoracha seo a leanas úsáideach freisin:

Treoir bhunúsach, cén fógra tosaithe ar chóir dom a chur isteach? (pdf)

Sreabhchairt chun fáil amach an bhfuil Fógra Tosaithe ag teastáil (pdf)

An Oifig Náisiúnta um Rialú Foirgníochta Cainéal YouTube