Rialachas agus Riarachán

Grúpa an Bheartais Chorparáidigh

Tá an Grúpa Beartais Chorparáidigh (GBC) ina Choiste de chuid na Comhairle agus bunaíodh é faoi Alt 133 den Acht Rialtais Áitiúil 2001. Cuimsíonn sé Cathaoirleach Chomhairle Contae Chorcaí atá ina chathaoirleach ar an ngrúpa, cathaoirligh Choistí um Beartais Straitéisigh na Comhairle, agus cathaoirligh an Cheantair Bhardasaigh.

 

Is é ról an GBC ná comhairle agus cúnamh a thabhairt do Chomhaltaí Tofa maidir leis an mbeartas a cheapadh, a fhorbairt agus monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh air. Féadann sé tograí a dhéanamh freisin chun gnó a leithdháileadh idir CBSanna agus um chomhordú ginearálta an ghnó.

Féadann an GBC freisin comhordú, comhsheasmhacht agus éifeachtacht a chur chun cinn, chomh maith le seachaint na dúblála i gcomhlíonadh fheidhmeanna na Comhairle ag comhaltaí an Cheantair Bhardasaigh. 

Tá sé mar oibleagáid ar an bPríomhfheidhmeannach dul i gcomhairle leis an GBC maidir le hullmhú an Phlean Chorparáidigh agus dréachtú dhréachtbhuiséad na Comhairle. Féadann an GBC freisin iarraidh ar an bPríomhfheidhmeannach tuairisc a thabhairt dó faoi aon ábhar a bhaineann le feidhm de chuid na Comhairle.

Is iad comhaltaí reatha an GBC ná:

An Méara, An Comhairleoir Frank O'Flynn

Tim Lucey, Príomhfheidhmeannach

An Comhairleoir John Paul O'Shea

An Comhairleoir Anthony Barry

An Comhairleoir Frank O'Flynn

An Comhairleoir Declan Hurley

An Comhairleoir Michael Hegarty

An Comhairleoir Gobnait Moynihan

An Comhairleoir Séamus McGrath

An Comhairleoir Alan Coleman

An Comhairleoir Patrick Gerard Murphy

Bíonn cruinnithe rialta ag an GBC.