Seirbhísí Uisce agus Scéimeanna Fóirithinte Tuile

Scéimeanna Fóirithinte Tuile

Scéimeanna Fóirithinte Tuile

Is baile bríomhar margaidh é An Sciobairín a dhéanann freastal ar cheantar fhairsing máguaird in Iarthar Chorcaí. Is é an baile rathúil seo an lárionad imeachtaí talmhaíochta, tionsclaíocha agus turasóireachta do cheantar leathan.

Tá stair fhada ag an Sciobairín maidir le tuilte thromchúiseacha, agus tharla an ceann ba suntasaí le blianta gairide in 2009. Is sruthanna ó Abhainn na hAighlinne agus a cuid fo-aibhneacha agus ó éifeacht na taoide a shroicheann an baile ó Loch Trasna is mó is cúis le na tuilte sa Sciobairín.

Tá Comhairle Contae Chorcaí, mar ghníomhairí Oifig na nOibreacha Poiblí, agus i gcomhpháirtíocht léi, ag tabhairt Staidéar Measúnaithe & Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte ó Abhainn na hAighlinne (An Sciobairín) chun cinn faoi láthair le aghaidh a thabhairt ar cheist na dtuilte i mbaile an Sciobairín, Co. Chorcaí.

D'aighnigh an tionscadal, ar cuireadh tús leis i Mí Feabhra 2011, bearta cuí chun riosca tuile a mhaolú (Scéim Fóirithinte Tuile don Sciobairín) do Bhaile an Sciobairín agus fuair na bearta sin Deimhniú Aireachta in Eanáir 2016.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus an nuacht is déanaí cliceáil ar an nasc seo a leanas: www.skibbereenfrs.ie.

Scéim Fóirithinte Tuile Dhroichead na Bandan

Tá Scéim Fóirithinte Tuile de luach €16 milliún á thabhairt chun cinn ag Oifig na nOibreacha poiblí (OOP) do Bhaile Dhroichead na Bandan, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Chorcaí. Cabhróidh an scéim seo le tuilte a mhaolú i nDroichead na Bandan. Cheap an OOP Byrne Looby PH McCarthy i gcomhar le JBA Consulting Engineers and Scientists mar Phríomhchomhairleoirí i Mí Samhna 2011 chun Scéim Fóirithinte Tuile Dhroichead na Bandan a chur chun cinn. Cuimsíonn an Fhoireann Comhshaoil Ryan Hanley i gcomhpháirtíocht le McCarthy Keville O'Sullivan Ltd.

Tá cúig chéim leithleach ann maidir le Scéimeanna Fóirithinte Tuile OOP:-

  • Céim 1: Roghnú an Rogha is Fearr le daoine & is Indéanta;
  • Céim 2: Measúnú & Pleanáil Comhshaoil;
  • Céim 3: Dearadh mionsonraithe, próiseas conartha & an conradh tógála a bhronnadh;
  • Céim 4: Tógáil;
  • Céim 5: Aistriú;

Le haghaidh tuilleadh eolais agus an nuacht is déanaí cliceáil ar an nasc seo a leanas: www.bandonfrs.ie.

Chun eolas a fháil ar na Scéimeanna Fóirithinte Tuile thíos cliceáil na naisc:

Scéim Fóirithinte Tuile Dhúglais

Scéim Fóirithinte Tuile na Glaise Buí

Scéim Fóirithinte Tuile Mhainistir na Corann

Tionscadail Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP)

Scéim Fóirithinte Tuile na Laoi Íochtaraí

Scéim Fóirithinte Tuile Chloich na Coillte