Airgeadais

Ionaid Thástála/Ionaid Athchóirithe Fhaofa (ITF)

Ionaid Tástála Fhaofa (ITF)

Is féidir eolas faoi thástáil ar earraí iompair agus liosta de na hIonaid Tástála Fhaofa a fháil ag www.cvrt.ie

Is iad seo a leanas na hIonaid Thástála Fhaofa i gCorcaigh d'Athchóirithe Feithiclí:

Ionad Tástála Faofa

Uimh. Theileafóin

D. Dennehy Ltd, Carraigh Uí Thuathail, Contae Chorcaí

(021) 4883300

Master Metering Ltd, ag trádáil mar Ionad Tástála Feithiclí Tráchtála Mhainistir na Corann, Carraig Shiáin, Mainistir na Corann

(021) 4633077

Riverstick Motors Ltd, Áth an Mhaide, Contae Chorcaí

(021) 4771362

AOC Commercials, Springhill, Carrigtwohill, Co. Cork

(021) 4883322

Sainmhíniú d'Athchóiriú sa reachtaíocht maidir le Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF)

“... ciallaíonn sé modhnú feithicle ar dhóigh nach gcoinníonn sí níos mó na gnéithe ar fad den chatagóir feithicle faoina bhfuil sí deimhnithe chun críocha chineálcheadaithe.”

Riachtanais Ioncai

Éilíonn na Coimisinéirí Ioncaim go seolfaí Deimhniú Athchóirithe Úinéir Feithicle (Foirm VRTCONV) arna thacú ag Deimhniú Athchóirithe (teimpléad VRTCONVSQI) Duine Aonair atá Oilte go hIomchuí chuig Na Coimisinéirí Ioncaim, Lároifig Feithiclí, Calafort Ros Láir, Contae Loch Garman i gcúinsí áirithe ina bhféadfadh go mbeadh CCF breise iníoctha.  Féach na Foirmeacha le haghaidh tuilleadh sonraí.   Is féidir na foirmeacha a fháil ar www.revenue.ie 

 

Tar éis an mheasúnaithe, seolfaidh an Lároifig Feithiclí cóip de na foirmeacha VRTCONV ar ais chuig an iarrthóir agus iad stampáilte le cur in iúl go ndearnadh measúnú orthu.  Ba cheart na foirmeacha a chur leis an iarratas ar mhótarcháin ansin, chun go gcuirfí cáin ar an bhfeithicil athchóirithe in éineacht le

  • RF111 – Foirmeacha Athrú Sonraí
  • Deimhniú Cláraithe
  • Agus doiciméid eile a d'fhéadfadh a bheith riachtanach don Aicme Cánach a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh ina leith