Rialú Dóiteáin & Foirgníochta

Cosaint Shibhialta

Is eagraíocht dheonach bhunaithe í Cosaint Shibhialta a thacaíonn le na seirbhísí éigeandála tosaigh. Bíonn siad gafa freisin le cabhrú le pobail áitiúla agus tá os cionn 4500 ball deonach acu ar fud na hÉireann.

Tá na hoibrithe deonacha oilte sna réimsí seo a leanas:

  • Taismeach
  • cuardach agus Tarrtháil
  • Seirbhísí Dóiteáin Cúnta
  • Monatóireacht Radaíochta
  • Leas
  • Cumarsáid

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar láithreán gréasáin Chosaint Shibhialta. 

Tá Cosaint Shibhialta eagraithe i dtrí aonad i gContae Chorcaí, Corcaigh Thuaidh, Corcaigh Thiar agus Corcaigh Theas, le Ceanncheathrúna faoi seach i Mala, sa Sciobairín agus i gCionn tSáile. Tá thart ar 45-60 oibrí deonach gníomhach i ngach aonad, agus tagann siad ó chúlraí éagsúla agus tá taithí agus saineolas ar réimse leathan acu.

Is é an príomhról atá ag Cosaint Shibhialta ná Freagairt Éigeandála Cúnta Dara Líne a thabhairt do na Príomhgníomhaireachtaí Freagartha (PGFanna: an tÚdarás Áitiúil, FSS, An Garda Síochána) i réimsí drochaimsire agus fhreagairt ar thuillte, cuardach dhuine atá ar iarraidh, cumarsáid agus acmhainn dheonach otharcharr éigeandála.

Tá oiliúint ghairmiúil faighte ag oibrithe deonacha in éagsúlacht leathan scileanna, agus faigheann siad teagasc freisin i mBainistíocht ar an Strus a leanann Teagmhais Chriticiúla, Sláinte agus Sábháilteacht agus láimhsiú sábháilte. Bíonn cleachtais traenála ann go rialta le na PGFanna agus le Seirbhísí Éigeandála Dheonacha eile chun leibhéal ard ullmhaíochta a choimeád agus nósanna imeachta a athchóiriú.