Rialachas agus Riarachán

Ceisteanna Coitianta (CCanna) a bhaineann le Teorainn

Tá na Ceisteanna Coitianta (CCanna) rangaithe thíos in ord aibítre de réir seirbhíse. Tá CCanna faoi Theorainn inchuardaithe le fáil chomh maith ar yourcouncil.ie.

Muna bhfuil freagra do cheiste anseo, áfach, is féidir dul i dteagmháil linn le linn uaireanta oifige ar cheann de na Línte Eolais don Síneadh Teorann thíos:

Comhairle Contae Chorcaí: 021 4285054

CC

C. Céard iad na reiligí / úirleachais atá an síneadh Teorann ag dul i bhfeidhm orthu?

Tá an síneadh teorann ag dul i bhfeidhm ar 9 reilig. Is iad na reiligí ná:

  • Reilig Naomh Oliver, Baile an Chollaigh
  • Reilig Naomh Columba, Dúglas
  • Reilig Naomh James Baile an Ghiolláin
  • Sean & Nua Reilig Churrach Cheapáin
  • Reilig Charraig Ruacháin Beag
  • Reilig Ráth Chuanna
  • Seanreilig Chill Chúile
  • Reilig Naomh Senan, Teamhair
  • Reilig Mhainistir Naomh Senan, Inis Cara

 C. Céard atá i ndán do na reiligí / úirleachais sin leis an síneadh teorann?

Leis an síneadh teorann beidh na 9 reilig liostaithe thuas faoi shainchúram Chomhairle Cathrach Chorcaí ón Aoine 31 Bealtaine 2019. Ón dáta sin ar aghaidh beidh Comhairle Cathrach Chorcaí freagrach as a gcuid cothabhála agus bainistithe lena n-áirítear díolachán na n-áiteanna uaighe agus clárúchán na n-adhlacthaí.

 C. Ba mhian liom áit uaighe a cheannach i gceann de na reiligí / úirleachais sin. Cé leis a dhéanfaidh mé teagmháil?

Ón 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh ba chóir duit dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun fáil amach faoi dhíolacháin áite uaighe. 

C. Tá ceist ghinearálta agam maidir le ceann de na reiligí / úirleachais sin. Cé leis a dhéanfaidh mé teagmháil?

Ón 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh ba chóir duit dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 le ceisteanna maidir leis na 9 reilig thuasluaite.

Comhairle na nÓg:

C. Más scoil iarbhunscoile muid nó má tá scoláire scoil iarbhunscoile sa cheantar aistrithe agus tá ceist againn faoi Chomhairle Na nÓg Chathair Chorcaí, conas is féidir liom teacht ar na sonraí teagmhála agus eolas do Chomhairle na Cathrach?

Is féidir na sonraí go léir a fháil ar www.comhairlenanog.ie 

Aoisbháúil:

C. An féidir liom clárú mar bhall de Chomhairle Iomlánach Seanóirí i gContae Chorcaí má tá mé sa limistéar sínidh teorann nua?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh, má tá cónaí ort sa limistéar sínidh teorann nua ní bheidh tú incháilithe a thuilleadh bheith i do bhall den Chomhairle Iomlánach Seanóirí i gContae Chorcaí. Is féidir clárú leis an bhFóram Seanóirí i gCathair Chorcaí ina ionad sin, áfach. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh le do thoil go: www.corkcity.ie

C. An féidir liom bheith i mo bhall den Chomhairle Feidhmiúcháin Seanóirí i gContae Chorcaí?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh, má tá cónaí ort sa limistéar sínidh teorann nua ní bheidh tú incháilithe a thuilleadh bheith i do bhall den Chomhairle Feidhmiúcháin Seanóirí i gContae Chorcaí. Is féidir cur isteach chun bheith i do bhall den Fhóram Seanóirí i gCathair Chorcaí ina ionad sin, áfach. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh le do thoil go: www.corkcity.ie

Q. An féidir liom freastal ar imeachtaí Ceiliúrtha Seanóirí/imeachtaí eolais?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh, má tá cónaí ort sa limistéar sínidh teorann nua ba chóir duit clárú leis an bhFóram Seanóirí i gCathair Chorcaí agus dá réir sin gheobhaidh tú nuashonraí faoina n-imeachtaí. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh le do thoil go: www.corkcity.ie

C. An féidir liom páirt a ghlacadh sa Chlár Gnó Aoisbháúil má tá mé sa limistéar sínidh teorann nua?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ní bheidh tú incháilithe páirt a ghlacadh sa Chlár Gnó Aoisbháúil i gContae Chorcaí. Má théann tú i dteagmháil leis an gClár Cathrach Aoisbháúil, áfach, is féidir liosta a fháil uathu de na cláir atá ar fáil tríothu. www.corkcity.ie

Clár SICAP (An Clár um Chuimsiú Sóisialta & Ghníomhachtú Pobail)

C. Cé leis ar féidir liom dul i dteagmháil maidir le SICAP (An Clár um Chuimsiú Sóisialta & Ghníomhachtú Pobail) má tá mo limistéar ag aistriú go Comhairle Cathrach Chorcaí?

Níl aon athrú ar an gclár sin ar feadh an chuid eile den chonradh reatha a bheidh istigh in 2022. Is ag an gComhlacht um Fhorbairt Áitiúil atá maoirseacht an chláir sin sa limistéar sínte ná SECAD agus leanfaidh siad ar aghaidh le feidhmiúchán an chláir. Anuas air sin, leanfaidh Coiste an Clár um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) Chomhairle Contae Chorcaí le maoirseacht an chláir sa limistéar sínithe.

Clár um Fhorbairt Tuaithe LEADER 2014 – 2020

Q. Cé leis ar féidir liom dul i dteagmháil le haghaidh eolas faoin gclár LEADER (Forbairt Tuaithe 2014-2020) má tá mo limistéar anois mar chuid den limistéar sínithe nua Cathrach?

Leanfaidh an dá Chomhlacht um Fhorbairt Áitiúil, i.e. Comhpháirtíocht Avondhu/Blackwater agus Comhpháirtíocht SECAD ar aghaidh ag reachtáil an chláir LEADER sa limistéar sínithe go dtí dheireadh an chláir reatha. Leanfaidh Comhairle Contae Chorcaí i bpáirtíocht le trí Ghrúpa Áitiúil Gníomhaíochta Chontae Chorcaí ar aghaidh le maoirseacht an chláir. Leanfar le soláthar eolais ar shuíomh gréasáin LEADER Chorcaí Theas, www.leadersouthcork.com

Scéim Deontais do Thionscnamh Forbartha Pobail:

C. Tá mé i mo bhall de phobal a mbeidh anois mar chuid den limistéar sínithe Cathrach - an féidir liom leanacht ar aghaidh ag cur isteach le Chomhairle Contae Chorcaí don Scéim Deontais do Thionscnamh Forbartha?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ní féidir ach le pobail/éagraíochtaí atá lonnaithe sa limistéar Contae leas a bhaint as an gciste sin. Is tionscnamh Chomhairle Contae Chorcaí é an ciste sin agus mar sin ní bheadh sé ar fáil sa limistéar cathrach, ach; tá raon deontas féin ag Comhairle Cathrach Chorcaí gur féidir leat leas a bhaint astu anois. Beidh siadsan fógartha ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach Chorcaí agus trí mhéan na nuachtán áitiúil.

(PPN) Líonra Rannphartíochta Pobail

C. Tá mo ghrúpa Pobail cláraithe le PPN Chontae Chorcaí ach tá sé lonnaithe sa limistéar le bheith aistrithe go limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach Chorcaí. An mbeidh mé curtha ar an eolas faoi na hathruithe a bhaineann le ballraíocht mo ghrúpa sa PPN Chontae Chorcaí agus faoi conas is féidir liom cur isteach ar bhallraíocht an PPN Chathair Chorcaí?

Beidh – gheobhaidh na grúpaí ballraíochta PPN Chontae Chorcaí faoi thionchar an athraithe Teorann ríomphost in Aibreán 2019 ag leagadh amach an próiseas atá i gceist le hathrú teorann agus cén chiall a bheidh air dóibh. C. Níl mo ghrúpa Pobail cláraithe faoi láthair leis an PPN. Tá ár ngrúpa sa limistéar riaracháin sínithe Chathair Chorcaí. Ba mhian liom mo ghrúpa a chlárú leis an PPN. Cé leis a dhéanfaidh mé teagmháil?

Is féidir leat cur isteach chun clárú le PPN Chathair Chorcaí trí ríomhphost a chur chuig PPN Chathair Chorcaí ag corkcity@ppn.ie

Ceadúnais Mhadraí

C: Beidh mé ag fáil ceadúnas do mo mhadra tar éis an 31 Bealtaine-conas a théann an t-athrú teorann i bhfeidhm orm?

Is é An Post an phríomhbhealach d'éisiúint agus athnuachan ceadúnas madraí. Is féidir cur isteach ar cheadúnas madraí nó ceadúnas madraí ar feadh a shaoil ag d'oifig an phoist áitiúil nó tríd a sheirbhís ar líne. www.licences.ie

Tabhair faoi deara: Má tá ceadúnas madraí Ginearálta uait (i.e. do 20 madra nó níos mó) ba chóir duit-ón 31 Bealtaine ar aghaidh– dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 924444

C. Cad a chiallaíonn an síneadh teorann do ghnólacht bheag atá sa limistéar aistrithe ó thaobh déileáil le hOifigí Fiontair Áitiúil (OFA) de?

Más gnólacht thú atá lonnaithe sa limistéar faoi thionchar an athraithe teorainn beidh do chúid déileála ón 31 Bealtaine, 2019 ar aghaidh leis an Oifig Fiontar Áitiúil Chathair Chorcaí (OFA) 

​​​​​​C. Má tá mé i mo chliaint faoi láthair ag an Oifig Fiontair Áitiúil (OFA) Chorcaigh Theas conas a rachaidh an t-athrú seo i bhfeidhm orm?

Má tá tú i limistéar lonnaithe lasmuigh den limistéar athraithe ní bheidh aon athrú duit mar chliaint den OFA Chorcaigh Theas. Má tá tú i do chliaint le OFA Chorcaigh Theas agus tá do ghnólacht lonnaithe laistigh sa limistéar faoi thionchar an theorann, beidh do chuid déileála le hOFA Chathair Chorcaí amach anseo.  

C. Má tá mé sa limistéar aistrithe agus le deontas faoi láthair ón OFA Chorcaigh Theas nach bhfuil caite ina iomlán go fóill, céard atá os mo chomhair?

Sa chás sin leanfaidh tú ar aghaidh ag déileáil le hOFA Chorcaigh Theas go dtí go bhfuil do dheontas íoctha go hiomlán. Beidh aon chuid in-aisíoctha de do dheontas le haisíoc go hOFA Chorcaigh Theas de réir an tréimhse atá leagtha amach i do chonradh ach le linn an tréimhse sin ba chóir duit iarratas breise a chur isteach ar Thacaíocht Deontais OFA nó ar thacaíochtaí boga ar nós meantóireacht nó oiliúint agus is féidir na hiarratais sin a chur isteach chuig OFA Cathrach Chorcaí.

C. Cá mbeidh mo thaifid á choiméad tar éis an tsínidh teorann?

Más cliaint thú le hOFA Chorcaí Theas agus tá tú sa limistéar aistrithe fanfaidh aon thaifead fisiciúil de thacaíocht deontais srl. le hOFA Chorcaí Theas go dtí deireadh na gclár maoinithe faoinar gheofá aon tacaíocht. Beidh comhad achoimre digiteach ag aon chliaint OFA Chorcaí Theas atá sa limistéar faoi thionchar an tsínidh teorann, áfach, dá chuid déileáil le hOFA Chorcaí Theas aistrithe go hOFA Cathrach Chorcaí. Beidh an rogha ag OFA Chorcaí Theas chomh maith rochtain ar chóip chrua d'aon ábhar atá ar taifead ag OFA Chorcaí Theas má éireodh sé riachtanach má cuireann tú aon iarratas deontais isteach go hOFA Cathrach Chorcaí amach anseo tar éis an tsínidh teorann.

C. An mbeidh an rogha agam fanacht i mo chliaint le hOFA Chorcaí Theas nó iarratais deontais amach anseo a chur isteach le hOFA Chorcaí Theas má tá mé sa limistéar aistrithe?

Ón Aoine 31 Bealtaine ar aghaidh má tá do chomhlacht laistigh den limistéar nua-sínithe tíreolaíoch faoi chúram OFA Cathrach Chorcaí beidh aon idirghníomhaíocht sa todhchaí mar sin le hOFA Chorcaí Theas.

C. Tá sé ar intinn agam iarratas deontais a chur isteach san am roimh an síneadh teorann agus tá mé sa limistéar faoi thionchar, cé leis a dhéanfainn m'iarratas?

Tá sé socraithe le hOFA Cathrach Chorcaí gur chóir aon iarratas nua atá curtha isteach do thacaíocht deontais ón 1 Aibreánl 2019 ar aghaidh ó aon chomhlacht sa limistéar faoi thionchar a chur isteach chuig OFA Cathrach Chorcaí. Cinnteoidh sé sin nach mbeidh tionchar ina dhiaidh sin ar aon iarratas atá fós i bpróiseas ar dháta sínidh teorann agus é ag aistriú ó hoifig OFA amháin go hoifig eile le haghaidh cinnidh.

CCanna faoin gComhshaol

C: Céard iad na seirbhísí Comhshaoil a bheidh faoi thionchar an athraithe teorann?

Go simplí beidh na seirbhísí comhshaoil go léir atá á sholáthar ag Comhairle Contae Chorcaí faoi láthair sa limistéar athraithe á sholáthar ag Comhairle Cathrach Chorcaí amach anseo – áirítear sna seirbhísí sin;

  • ­ Seirbhísí Bainistiochta Dramhaíola
  • ­ Ceadúnas/Údaruithe Comhshaoil
  • ­ Monatóireacht & Forfheidhmiú Comhshaoil
  • ­ Teagmhais truaillithe/gearáin faoi thruailliú

C: Cén tionchar a bheidh ar na hIonaid Bainistíochta Dramhaíola & Athchúrsála (Ionaid Fág Anseo)?

Tá 11 Láithreán Athchúrsála Fág Anseo lonnaithe sa limistéar aistrithe. 

Is iad sin ná;

  • Ionad Páirceála Poiblí na Blarnan
  • Christies An Bhlarna 
  • Eaglais Chloch Reo
  • Páirc Réigiúnach Bhaile an Chollaigh
  • Quish’s SuperValu Baile an Chollaigh
  • Times Square Baile an Chollaigh
  • Dunnes Stores Timpeallán Bhóthar Dhroichead na Bandan CT
  • Ryans’ SuperValu An Ghráinseach
  • Cúirt Dhúglais CT
  • Mt Oval CT
  • LIDL Baile Roisín

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh beidh freagracht bainistíochta agus cothabhála na láithreáin sin ag aistriú chuig an gComhairle Cathrach. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 le haon cheist atá agat. 

Beimid ag obair lenár gcomhghleacaithe sa chathair chun cinntiú nach mbeidh aon bhriseadh sa tseirbhís de thoradh an aistrithe teorann ag aon cheann de na láithreán sin. 

C: Cén tionchar a bheidh ag an athrú teorann ar Cheadúnas/Údaruithe Comhshaoil?

Do ghnólachtaí atá ag feidhmiú laistigh den limistéar aistrithe teorann, beidh Comhairle Cathrach Chorcaí-ón 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh- ina údarás údaraithe ó thaobh na gnéithe seo a leanas;

  • Ceadúnais Shaoráidí & Teastais Clárúchain faoi na hAchtanna Bainistíochta Dramhaíola
  • Ceadúnais Doirte faoi na hAchtanna um Thruailliú Uisce (le haghaidh doirteadh go screamhuisce nó go huisce dromchla*)
  • Ceadúnais faoi na hAchtanna um Thruailliú Aeir
  • Teastais faoi Rialacháin (Súiteáil agus Gníomhaíochtaí le Tuaslagóirí Orgánacha) an Aontais Eorpaigh 2012
  • Teastais faoi Rialacháin (Péinteanna, Vearnasaí, Táirgí Athchríochnaithe Feithiclí agus Gníomhaíochtaí) an Aontais Eorpaigh 2012 
  • Teastais faoin Acht um Thruailliú Aeir, 1987 Rialacháin (Astuithe Gal Pheitriliam), 1997
  • Fógraí faoi na Rialacháin Dó 

*tabhair faoi deara go mbíonn Uisce Éireann ag plé le doirteadh go séarach poiblí.

Ón 31 Bealtaine beag seo ar aghaidh caithfidh éinne atá ag iarraidh cur isteach ar údarú faoin aon cheann de na teideil thuas iarratas a chur isteach le Comhairle Cathrach Chorcaí. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 le haon cheist atá agat. 



Má tá údarú agat cheana féin eisithe ag Comhairle Contae Chorcaí faoi aon cheann de na teidil thuas, beidh an ceadúnas sin ag aistriú go Comhairle Cathrach Chorcaí ón 31 Bealtaine beag seo.  Beimid ag scríobh chuig na sealbhóirí ceadúnais indibhidiúla sna seachtainí amach romhainn.



C: Cén tionchar a bheidh ar an athú teorann ar mhonatóireacht & forfheidhmiú comhshaoil

Laistigh den limistéar aistrithe teorann tá Comhairle Contae Chorcaí freagrach faoi láthair as monatóireacht & forfheidhmiú comhshaoil faoi réimse teideal – lena n-áirítear;



Cáilíocht Uisce

  • ­ Monatóireacht ar scéimeanna grúpa príobháidigh/soláthair bheaga phríobháideacha 
  • ­ Monatóireacht ar thrádáil doirte eisiltigh (go screamhuiscí nó uiscí dromchla)
  • ­ Monatóireacht ar cháilíocht ghinearálta uisce (aibhneacha, locha srl)
  • - Iniúchtaí Feirme 
  • ­ Monatóireacht Trá/Limistéir Snámha

Dramhaíl

  • ­ Monatóireacht agus iniúchadh bailitheoirí agus saoráidí dramhaíola údaraithe agus neamhúdaraithe.
  • ­ Iniúchadh ar dhiúscairt mhídhleathach agus dumpáil neamhdhleathach.
  • ­ Seirbhísí Rialaithe Bruscair
  • ­ Dó neamhúdaraithe

Cáilíocht Aeir

  • ­ Monatóireacht ar oibritheoirí ceadúnaithe faoi na hAchtanna um Thruailliú Aeir, Rialúcháin do Thuaslagóirí agus Breosla Soladach e.g tirimghlantóirí, athchríochnaitheoirí feithiclí, ceannaithe breosla soladaigh srl. 

Torann

  • Monatóireach & forfheidhmiú torainn mar fhreagairt ar ghearáin

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh aistreoidh freagracht monatóireachta agus forfheidhmithe faoin na teidil go léir thuasluaite go Comhairle Cathrach Chorcaí. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 le haon cheist atá agat. 

C: Faoi láthair tá mé i dteagmháil le Comhairle Contae Chorcaí maidir le ceist comhshaoil - cad ba chóir dom a dhéanamh?

Fanfaidh Comhairle Contae Chorcaí ina údarás cuí do na seirbhísí comhshaoil thuasluaite go dtí an 31 Bealtaine beag seo. Ba chóir duit leanacht le do chuid teagmhála ar cheisteanna comhshaoil go dtí an dáta sin. 

Cuirfear socruithe aistrithe ar bun do na hiarratais agus cásanna comhshaoil eile gan chinneadh nó gan réiteach ar an 31 Bealtaine. I gcásanna mar sin déanfar teagmháil go díreach leis na páirtithe atá bainteach. 



C: Tá cónaí orm sa limistéar aistrithe teorann agus tá fíneáil bhruscair faighte agam – cé leis ba chóir dom é a íoc?

Dá mba rud é go raibh an fhíneáil eisithe ag Comhairle Contae Chorcaí ba chóir é a íoc go Comhairle Contae Chorcaí sna bealaí leagtha síos ar an bhfíneáil-fiú sa chás go bhfuil an íocaíocht á dhéanamh tar éis an 31 Bealtaine beag seo.



C: Ba mhian liom teagmhas truaillithe a thuairisciú?

Ón 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh ba chóir gearán faoi thruailliú aeir nó tuairisc theagmhais a bhaineann leis an limistéar aistrithe teorann a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 le haon ghearán nó tuairisc theagmhais.  



Aírítear leis sin tuairiscí agus gearáin faoi thruailliú uisce, diúscairt mhídhleathach, truailliú aeir/torainn, bolaithe srl.



Sa chás go raibh gearán comhshaoil déanta le Comhairle Contae Chorcaí roimh an 31 Bealtaine agus atá fós gan réiteach faoin dáta sin, cuirfear socruithe aistrithe i bhfeidhm chun a chinntiú go réiteofar é. Eiseofar fógraí ar leith chuig na gearánaigh i gcásanna mar sin.

Soláthar

C. Tá conradh agam le Comhairle Contae Chorcaí laistigh den limistéar atá ag aistriú go Comhairle Cathrach Chorcaí. Cén tionchar a bheidh ag an athrú teorainn ar an gconradh sin?

San Acht Rialtais Áitiúil 2019 déantar foráil do na conarthaí go léir bainteach leis an limistéar aistrithe athrú chuig an gComhairle Cathrach gan gá aon chonradh nua a chumadh más gá. Beidh an dá údarás ag plé leis na soláthróirí seirbhíse atá faoi thionchar cás ar chás chun na céad céimeanna eile a chinntiú de réir mar is gá. Má bhraitheann tú go bhfuil do chonradh faoi thionchar an tsínidh teorann ba chóir duit dul i dteagmháil leis an duine ainmnithe mar do phointe teagmhála i gComhairle Contae Chorcaí. 

Árachas

C. Tá éileamh árachais curtha isteach agam i gcoinne Chomhairle Contae Chorcaí do theagmhas a tharla sa limistéar aistrithe roimh an 31 Bealtaine 2019. Cé a mbeidh freagrachas an éileamh sin?

Má tá dáta an teagmhais roimh an 31 Bealtaine 2019 beidh an t-éileamh á bhainistiú ag Comhairle Contae Chorcaí chun críche. Beidh aon éileamh leis an dáta teagmhais 31 Bealtaine nó ina dhiaidh á bhainistiú ag Comhairle Cathrach Chorcaí.

Iasachtaí Tithíochta

C.Tá iarratas ar iasacht oscailte agam nó ba mhian liom iarratas ar iasacht a dhéanamh agus tá mé i mo chónaí nó ba mhian liom áit a cheannach sa Limistéar Aistrithe?

Glacfaidh Comhairle Contae Chorcaí le hiarratais suas go dtí Déardaoin, 30 Bealtaine, 2019 agus próiseálfar iad.  Glacfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí leis na hiarratais nua go léir ón Aoine, 31 Bealtaine, 2019.  Ón Aoine 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh, tabharfar comhairle ó Chomhairle Contae Chorcaí d'iarratasóirí le ceadú sealadach ar iasacht ó Chomhairle Contae Chorcaí, a aithníonn an réadmhaoin atá ar intinn acu ceannach laistigh den limistéar aistrithe, go mbeidh an cheadú iomlán á bhreithniú ag Comhairle Cathrach Chorcaí agus go gcuirfear a gcomhad iomlán ar aghaidh go dtí an Comhairle Cathrach ar son próiseála. (Beidh ar iarratasóirí foirm toilithe a shíniú ag ligean do CCC an comhad a aistriú.)  Comhlíonfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí an phróiseas agus cuirfear an chomhad chuig a Choiste Creidmheasa ar son cheadú an Íostarraingt Iasachta.  Ní bheidh Comhairle Contae Chorcaí in ann iasacht a thabhairt chun cinn ar réadmhaoin sa limistéar aistrithe i ndiaidh Déardaoin, 30 Bealtaine, 2019.    

C. Tá Iasacht Tithíochta agam le Comhairle Contae Chorcaí agus tá mé i mo chónaí sa limistéar aistrithe. An mbeidh aon tionchar ag an Síneadh Teorann orm? 

Fanfaidh d'iasacht tithíochta agus na socruithe gaolmhara go léir le Comhairle Contae Chorcaí agus níl aon tionchar ag an Síneadh Teorann orthu. 

C. Tá mé i dteagmháil go rialta le Comhairle Contae Chorcaí maidir le riaráistí ar m'iasacht tithíochta do mo réadmhaoin atá sa limistéar aistrithe teorann. An leanfaidh Comhairle Contae Chorcaí ar aghaidh ag bainistiú an phróisis sin?

Ní bheidh aon athrú ar na socruithe reatha. Leanfaidh Comhairle Contae Chorcaí ar aghaidh ag bainistiú an phróisis

Íocaíochtaí do Sholáthraithe

C. Is soláthraí seirbhíse mé do Chomhairle Contae Chorcaí agus tá eolas faighte agam go mbeidh mé ag soláthar na seirbhíse go Comhairle Cathrach Chorcaí toisc go bhfuil an conradh laistigh den limistéar aistrithe. An bhfuil orm aon eolas a chur ar fáil don gChomhairle Cathrach chun cinntiú go leanfaidh mé ar aghaidh ag fáil íocaíochta?

Uimh. Faoin Acht Rialtais Áitiúil 2019 déantar foráil don eolas cuí iomlán a aistriú chun Comhairle Cathrach Chorcaí a chumasú a fheidhmeanna a dhéanamh sa limistéar aistrithe i ndiaidh an aistrithe. Áirítear leis sin an t-eolas go léir maidir le conarthaí atá ag aistriú lena n-áirítear an t-eolas riachtanach chun leanacht le híocaíochtaí do sholáthraithe.

Rátaí

C.  Is íocóir rátaí mé sa cheantar máguaird chathair Chorcaí. Conas is féidir liom fáil amach an rachaidh an t-athrú teorann i bhfeidhm orm?

Is féidir féachaint ar léarscáil an limistéir aistrithe anseo chun fáil amach an rachaidh sé i bhfeidhm ort. Muna bhfuil sé soiléir, téigh i dteagmháil le do thoil le do Bhailitheoir Rátaí Áitiúil (sonraí ar do Bhille Rátá) nó leis an Oifig Bailithe Rátá ag teil. 021 4285252 nó ar ríomhphost collection@corkcoco.ie

C. Tá m'fhoirgneamh sa limistéar aistrithe. Conas a rachaidh sé i bhfeidhm orm?

Faoin Acht Rialtais Áitiúil 2019 fanfaidh Comhairle Contae Chorcaí mar an t-údarás rátála do 2019. Mar sin tá rátaí tráchtála do 2019 iníoctha le Comhairle Contae Chorcaí. Beidh rátaí do 2020 agus as sin amach iníoctha le Comhairle Cathrach Chorcaí.

Mótarcháin

C. An rachaidh an síneadh teorann i bhfeidhm ar an bhfeidhm mótarchánach?

Ní bheidh aon athrú ar an bpróiseáil mótarchánach. Fanfaidh Comhairle Contae Chorcaí mar an t-údarás freagrach i bpróiseáil na n-iarratas go léir. Is féidir leat leanacht le bainistiú do mhótarcháin ar líne ag www.motortax.ie nó ag cúntar poiblí Oifig Mótarchánach, Páirc Gnó, Bóthar na Modhfheirme, Corcaigh T12 XP80 nó ar an bhfón ag 021 4544566

C. An dtéann an síneadh teorann i bhfeidhm ar sheirbhísí dóiteáin agus eigeandála i mo cheantar?

Ní théann an síneadh teorann i bhfeidhm ar sheirbhísí dóitheáin agus éigeandála. I gcás dóiteáin nó éigeandála, ba chóir duit dul i dteagmháil le 999 nó 112 ag iarraidh cúnaimh. 

C: Cén fáth go bhfuil an t-athrú teorann ag tarlú?

In Eanáir 2019, ceadaíodh reachtaíocht ag an Rialtas a thug chun críche an leasú ar shocruithe teorann Rialtais Áitiúil i gCorcaigh (teorainn Cathrach Chorcaí le síneadh chun Baile an Chollaigh, An Bhlarna, Teamhair, Gleann Maghair, Dúglas, Baile an Róistigh & An Tóchar a chlúdú). 

Is é an reachtaíocht chuí ná an tAcht Rialtais Áitiúil, 2019

C: Cathain a mbeidh na hathruithe i bhfeidhm?

Beidh na hathruithe i bhfeidhm ón 31 Bealtaine, 2019 

C: Conas a rachaidh sé i bhfeidhm orm?

Má tá cónaí ort nó má oibríonn tú sa limistéar sínithe (ar a dtugtar chomh maith an limistéar aistrithe), gheobhaidh tú amach go mbeidh an chuid is mó den na seirbhísí a bhí ar fáil ag Comhairle Contae Chorcaí, á chur ar fáil ag Comhairle Cathrach Chorcaí ón 31 Bealtaine, 2019 ar aghaidh 

C: An bhfuil léarscáil ann ag léiriú an athraithe teorainn? Cén áit is féidir liom amharc air?

Tá léarscáil ag léiriú na hathruithe ar Theorainn Cathrach Chorcaí le feiceáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí  (www.corkcoco.ie) agus Comhairle Cathrach Chorcaí (www.corkcity.ie) araon 

C: Tá mé i mo chónaí sa limistéar athraithe. Bhí gnóthaíocht agam le hÁras an Chontae. An athróidh sé sin?

Má tá cónaí ort sa limistéar aistrithe, gheobhaidh tú amach go mbeidh an chuid is mó den na seirbhísí a bhí ar fáil ag Comhairle Contae Chorcaí, á chur ar fáil ag Comhairle Cathrach Chorcaí ón 31 Bealtaine, 2019 ar aghaidh. Tá liosta iomlán den na seirbhísí atá ag aistriú ar fáil ar ár suíomh gréasáin (www.corkcoco.ie )

C: An mbeidh na comhairleoirí áitiúla céanna agam?

Beidh na Toghcháin Rialtais Áitiúil ar siúl ar an 24 Bealtaine 2019. Beidh na toghcháin sin bunaithe ar na teorainneachta leasaithe agus vótálfar na comhairleoirí don chéad chúig bliana eile. 

C: Cuirim glaoch ar m'oifig Comhairle áitiúil de ghnáth má tá fadhb agam. An mbeidh mé in ann leanacht ar aghaidh ag dul i dteagmháil le m'oifig Comhairle áitiúil?

Beidh tú in ann dul i dteagmháil le d'oifig Comhairle áitiúil agus, ag brath ar an tseirbhís atá uait, thabharfaí comhairle duit dul i dteagmháil le hoifig Chomhairle Cathrach Chorcaí eile chun cabhrú le réiteach do cheiste. Tá liosta de na Ceisteanna Coitianta (CCanna) ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí (www.corkcoco.ie ) agus Chomhairle Cathrach Chorcaí (www.corkcity.ie

Beidh línte cabhracha eolais ar fáil chomh maith d'aon cheist. 

Comhairle Contae Chorcaí: 021 4285054

Comhairle Cathrach Chorcaí: 021 4924444

C: An mbeidh tionchar ag na hathruithe ar conas a íocaim mo cháin Mhaoine Áitiúil?

Leanfaidh íocaíocht do Cháin Mhaoine Áitiúil le bheith faoi stiúir na gCoimisinéirí Ioncaim.  www.revenue.ie 

C: Tá mé i mo chónaí sa limistéar aistrithe agus táim cláraithe chun vóta sna tóghcháin Chomhairle Contae Chorcaí. Leis na hathruithe an mbeidh mé ag vótáil sna toghcháin Chomhairle Cathrach Chorcaí amach anseo?

Beidh, as seo amach, beidh tú ag vótáil sna toghcháin Chomhairle Cathrach Chorcaí. Ní bheidh tú incháilithe a thuilleadh vótáil sna toghcháin Chomhairle Contae Chorcaí. Ba chóir go raibh do vóta aistrithe go huathoibríoch go Comhairle Cathrach Chorcaí agus déan seiceáil le do thoil le clár Chomhairle Cathrach Chorcaí ag www.checktheregister.ie chun é a chinntiú. Muna bhfhuil d'ainm ar an gclár, beidh ort dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ag 021 4924444

C: An mbeidh mo stáisiún vótála mar an gcéanna?

Tá seans go mbeadh athrú ar na Stáisiúin Vótála agus na huimhreacha na mBothán ó 24 Bealtaine, 2019 ar aghaidh ach beidh sé fós i cheantar do thí. Eiseofar cártaí vótála mar is gnáth chun comhairle a thabhairt duit maidir le do stáisiún vótála. Má tá tú i do chónaí sa limistéar aistrithe agus tá ceist agat ar an ábhar sin, is féidir leat dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444

C: Cén áit is féidir liom teacht ar tuilleadh eolais?

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí (www.corkcoco.ie ) agus Chomhairle Cathrach Chorcaí (www.corkcity.ie) áit a bhfuil liosta de na Ceisteanna Coitianta (CCanna)

Beidh línte cabhracha eolais ar fáil chomh maith d'aon cheist. 

Comhairle Contae Chorcaí: 021 4285054

Comhairle Cathrach Chorcaí: 021 4924444



C: Tá cúpla ceist agam faoin athrú teorann. Cé leis a phléifidh mé leo?

Tá línte cabhracha eolais curtha ar bun má tá aon cheist agat maidir leis na hAthruithe Teorann.

Comhairle Contae Chorcaí: 021 4285054

Comhairle Cathrach Chorcaí: 021 4924444

Mar mhalairt air sin, is féidir leat labhairt le do Chomhairleoir Áitiúil Tofa, nó cuir glaoch ar lasc-chlár Chomhairle Contae Chorcaí 021 4276891 nó Comhairle Cathrach Chorcaí 021 4924000 

C: Is tionónta an Chomhairle mé atá i mo chónaí sa Limistéar Aistrithe- Cad atá le déanamh agam maidir le híocaíocht mo chíos tithíochta?

Maidir le híocaíocht cíosa, leanfaidh tú ar aghaidh ag íoc do chíosa sheachtainiúil go Comhairle Contae Chorcaí suas go dtí agus ar an Déadaoin, 30 Bealtaine 2019. Beidh tú i do thionónta le Comhairle Cathrach Chorcaí ón Aoine 31 Bealtaine ar aghaidh, agus ón dáta sin, beidh ort do chuid cíosa a íoc do Chomhairle Cathrach Chorcaí. Beidh Comhairle Cathrach Chorcaí i dteagmháil leat roimh an 31 Bealtaine le sonraí faoi conas d'íocaíochtaí cíosa a athrú.

C: Is tionónta an Chomhairle mé atá i mo chónaí sa Limistéar Aistrithe- Céard a tharlóidh má tá deisiú le déanamh ag mo theach?

Beidh Comhairle Contae Chorcaí ag plé leis na glaochanna cothabhála go léir taifeadta le Comhairle Contae Chorcaí suas go dtí agus ar an Déardaoin, 30 Bealtaine 2019. Ba chóir fadhbanna cothabhála le tithe údaráis áitiúil ón 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh a thaifead le Comhairle Cathrach Chorcaí. Beidh Comhairle Cathrach Chorcaí i dteagmháil leat roimh an 31 Bealtaine 2019 le sonraí faoi conas glaochanna cothabhála a thaifeadh ón dáta sin ar aghaidh.

C: Is tionónta an Chomhairle mé atá i mo chónaí sa Limistéar Aistrithe - Cad atá le déanamh agam má tá iarratas Deontais Mhíchumais (Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumas) oscailte agam?

Beidh Comhairle Contae Chorcaí ag próiseáil na n-iarratas Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumais (DPGanna) go léir taifeadta le Comhairle Contae Chorcaí suas go dtí agus ar an Déardaoin, 30 Bealtaine 2019. Aistreofar aon iarratas oscailte le hoibreacha nach bhfuil comhlíonta roimh an 31 Bealtaine 2019 Comhairle Cathrach Chorcaí agus beidh siad faoina shainchúram. Beidh Comhairle Cathrach Chorcaí i dteagmháil leat, i ndiaidh an 31 Bealtaine 2019 maidir leis seo.

C: Is tionónta na Scéime Cóiríochta Cíosa (SCC) mé sa Limistéár Aistrithe - Cad atá le déanamh agam?

Ón dáta aistrithe ar aghaidh, beidh tú i do thionónta SCC Chomhairle Cathrach Chorcaí.  Mar sin, ní bheidh aon athrú, ach amháin an tÚdarás Áitiúil a riarann do thionóntacht SCC.  Beifear i dteagmháil le do thiarna talún chomh maith maidir le hathrú an Údaráis Áitiúil.    

Má tá iarratas ar Thithíocht Shóisialta oscailte agat le Comhairle Contae Chorcaí, beifear i dteagmháil leat maidir leis sin as féin.   Le héifeacht ón 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh, má tá aon athrú i do chuinsí, ioncam, déantús teaghlaigh nó má fhaigheann tú fógra ó do thiarna talún, ba chóir duit an tAonad SCC sa Chomhairle Cathrach Chorcaí a chur ar an eolas trí ríomhphost ag ras@corkcity.ie nó ar an bhfón ag 021 4924444. Maidir le híocaíocht cíosa, leanfaidh tú ar aghaidh ag íoc do chíosa sheachtainiúil go Comhairle Contae Chorcaí suas go dtí agus ar an Déardaoin, 30 Bealtaine 2019. Beidh tú i do thionónta le Comhairle Cathrach Chorcaí le héifeacht ón 31 Bealtaine ar aghaidh, agus ón dáta sin, beidh ort do chuid cíosa a íoc do Chomhairle Cathrach Chorcaí. Beidh Comhairle Cathrach Chorcaí i dteagmháil leat roimh an 31 Bealtaine le sonraí faoi conas d'íocaíochtaí cíosa a athrú.

C: Is tionónta HAP (Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta) mé atá i mo chónaí sa Limistéar Aistrithe - Cad atá le déanamh agam?

Ón dáta aistrithe ar aghaidh, beidh tú i do thionónta HAP Chomhairle Cathrach Chorcaí.  Mar sin, ní bheidh aon athrú, ach amháin an tÚdarás Áitiúil a riarann do thionóntacht HAP.  Beifear i dteagmháil le do thiarna talún chomh maith maidir le hathrú an Údaráis Áitiúil.

Má tá iarratas ar Thithíocht Shóisialta oscailte agat le Comhairle Contae Chorcaí, beifear i dteagmháil leat maidir leis sin as féin. Le héifeacht ón 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh, má tá aon athrú i do chuinsí, ioncam, déantús teaghlaigh nó má fhaigheann tú fógra ó do thiarna talún, ba chóir duit an tAonad HAP sa Chomhairle Cathrach Chorcaí a chur ar an eolas ag hap@corkcity.ie nó cuir glaoch ar Chomhairle Cathrach Chorcaí ag 021 4924444. Maidir le d'íocaíocht cíosa HAP, ní bheidh aon athrú má leanann tú ar aghaidh ag íoc do chíosa sheachtainiúil leis an Ionad Seirbhísí Comhroinnte i Luimneach.

C: Is tionónta Comhlachta Ceadaithe Tithíochta mé atá i mo chónaí sa Limistéar Aistrithe - Cad atá le déanamh agam?   

Níl bheidh tionchar ar bith ag an aistriú idir na hÚdaráis Áitiúla ort.

C: Is iarratasóir ar Thithíocht Shóisialta mé atá i mo chónaí sa Limistéar Aistrithe - Cad atá le déanamh agam?

Má tá iarratas ar Thithíocht Shóisialta oscailte agat le Comhairle Contae Chorcaí, beidh an Stiúrthóireacht Tithíochta i dteagmháil leat maidir leis sin.

C: Is iarratasóir ar Dheontas Tithíochta Príobháidí mé atá i mo chónaí sa Limistéar Aistrithe - Cad atá le déanamh agam?

Beidh Comhairle Contae Chorcaí ag plé leis na hiarratais ar Dheontais Phríobháideacha go léir taifeadta le Comhairle Contae Chorcaí suas go dtí agus ar an Déardaoin, 30 Bealtaine 2019. Caithfear na Iarratais ar Dheontas Príobháideach go léir ón 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh a thaifeadh le Comhairle Cathrach Chorcaí. 

C: Tá iarratas ar iasacht oscailte agam nó ba mhian liom iarratas ar iasacht a dhéanamh agus tá mé i mo chónaí nó ba mhian liom áit a cheannach sa Limistéar Aistrithe?

Glacfaidh Comhairle Contae Chorcaí le hiarratais suas go dtí Déardaoin, 30 Bealtaine 2019 agus próiseálfar iad. Glacfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí leis na hiarratais nua go léir ón Aoine, 31 Bealtaine 2019.  Ón Aoine 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh, tabharfar comhairle ó Chomhairle Contae Chorcaí d'iarratasóirí le ceadú sealadach ar iasacht ó Chomhairle Contae Chorcaí, a aithníonn an réadmhaoin atá ar intinn acu ceannach laistigh den limistéar aistrithe, go mbeidh an cheadú iomlán á bhreithniú ag Comhairle Cathrach Chorcaí agus go gcuirfear a gcomhad iomlán ar aghaidh go dtí an Comhairle Cathrach ar son próiseála. (Beidh ar iarratasóirí foirm toilithe a shíniú ag ligean do CCC an comhad a aistriú.)  Comhlíonfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí an phróiseas agus cuirfear an chomhad chuig a Choiste Creidmheasa ar son cheadú an Íostarraingt Iasachta.  Ní bheidh Comhairle Contae Chorcaí in ann iasacht a thabhairt chun cinn ar réadmhaoin sa limistéar aistrithe i ndiaidh Déardaoin, 30 Bealtaine 2019.    

C: Tá Iasacht Tithíochta agam le Comhairle Contae Chorcaí agus tá mé i mo chónaí sa limistéar aistrithe. An mbeidh aon tionchar ag an Síneadh Teorann orm?

Fanfaidh d'iasacht tithíochta agus na socruithe gaolmhara go léir le Comhairle Contae Chorcaí agus níl aon tionchar ag an Síneadh Teorann orthu.   

C. Céard iad na leabharlanna atá faoi thionchar an tsínidh teorann?

Tá 3 leabharlann faoi thionchar an tsínidh teorann. Is iad na leabharlanna ná:

  • Baile an Chollaigh
  • An Bhlarna
  • Gleann Maghair

* Tá Leabharlann Dhúglas sa limistéar aistrithe ach tá sí faoi bhainistiú Chomhairle Cathrach Chorcaí cheana féin

C. Cad a chiallaíonn an síneadh teorann do na leabharlanna sin agus do na baill leabharlann?

Leis an síneadh teorann beidh na 3 leabharlann liostaithe thuas faoi chúram Chomhairle Cathrach Chorcaí ón Aoine 31 Bealtaine 2019. Ón dáta sin ar aghaidh, beidh Comhairle Cathrach Chorcaí freagrach as a gcuid cothabhála agus bainistíochta lena n-áirítear ballraíocht, stoc leabharlainne, imeachtaí agus gníomhaíochtaí leabharlainne.

C. Tá mé i mo bhall ar cheann amháin de na leabharlanna sin. An bhfuil orm aon rud a dhéanamh?

Níl. Ní bheidh aon athrú i do bhallraíocht de thoradh an tsínidh teorann. Seans go mbeadh tionchar ar roinnt seirbhísí ar líne agus eiseofar tuilleadh eolais maidir leis sin.

C. Tá ceist ghinearálta agam maidir le ceann de na leabharlanna sin. Cé leis a dhéanfaidh mé teagmháil?

Ó 31 Bealtaine, 2019 ar aghaidh ba chóir duit dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 le ceisteanna maidir leis na 3 leabharlanna thuasluaite. Mar mhalairt air sin, is féidir dul isteach sa leabharlann mar is gnáth le linn a huaireanta oifige.

C. An oibreoidh mo sheanchárta leabharlainne tar éis an 30 Bealtaine?

Oibreoidh, tá seans go n-athródh Leabharlanna Cathrach Chorcaí do chárta am éigin amach anseo ach oibreoidh do chárta bunaidh sa trí leabharlann nó in aon bhrainse Cathrach nó Contae go fóill beag.

C. An mbeidh aon athrú ar na huaireanta oscailte?

Ní bheidh aon athrú ar na huaireanta reatha oscailte.

C: An mbeidh tionchar ag an síneadh teorann ar an bhfeidhm mótarchánach?

Ní bheidh aon athrú ar an bpróiseáil mótarchánach. Fanfaidh Comhairle Contae Chorcaí mar an t-údarás freagrach i bpróiseáil na n-iarratas go léir. Is féidir leat leanacht le bainistiú do mhótarcháin ar líne ag www.motortax.ie  ag cúntar poiblí Oifig Mótarchánach, Páirc Gnó, Bóthar na Modhfheirme, Corcaigh T12 XP80 nó ar an bhfón ag 021 4544566

C. Céard iad na Páirceanna, Áiteanna Súgartha, Limistéir Ilúsáide Cluichí (MUGAanna), Páirceanna Scátála, Spásanna Tónála (Ionaid Spóirt Faoin Aer) agus Garraithe Scóir atá faoi thionchar an tsínidh Teorann?

Ón Aoine 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh beidh roinnt áiseanna áineasa agus taitneamhachta sa limistéar aistrithe faoi chúram Chomhairle Cathrach Chorcaí. Is iad sin ná:

Áíteanna Súgartha, Páirceanna, Limistéir Ilúsáide Cluichí, Trealamh Ionaid Spóirt Faoin Aer, Páirceanna Scátála srl:

  • Baile an Chollaigh: Plásóg Inis Mór agus An Pháirc Réigiúnach agus Gunpowder Mills ina n-iomlán, Baile an Chollaigh
  • Dúglas: Áit súgartha suite i bPáirce Dhúglais & ‘Spás Tónála’ (trealamh ionaid spóirt faoin aer) ag Cé Harty’s, Baile an Róistigh
  • Áit Súgartha na Blarnan
  • Áit Súgartha Theamhrach
  • Áit Súgartha Ghleann Maghair

Páirceanna

  • Páirc Réigiúnach Bhaile an Chollaigh
  • Gleann an Bhaile Bhric ( Mangala), Dúglas
  • Cloichín Míolchon , An Bhlarna
  • John O’ Callaghan Park, Gleann Maghair

Garraithe Scóir

  • Garraithe Scóir ag an bPáirc Réigiúnach, Baile an Chollaigh.

Leithreas Poiblí

  • Tá leithreas poiblí suite ag bealach isteach Inis Mór chuig an bPáirc Réigiúnach, Baile an Chollaigh.

C. Cad a chiallaíonn an síneadh teorann do na háiseanna áineasa agus taitneamhachta sin?

Leis an síneadh teorann beidh na háiseanna áineasa agus taitneamhachta go léir liostaithe thuas faoi chúram Chomhairle Cathrach Chorcaí ón Aoine 31 Bealtaine 2019. Ón dáta sin ar aghaidh beidh Comhairle Cathrach Chorcaí freagrach as a gcuid cothabhála agus bainistíochta lena n-áiríear deisiúcháin agus rialú bruscair.

C. Ba mhian liom fadhb nó locht le ceann amháin de na háiseanna sin a thuairisciú. Cé leis a dhéanfaidh mé teagmháil?

Ón 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh ba chóir duit dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun aon fhadhb leis na háiseanna sin a thuairisciú.

C. Ba mhian liom fiosrú faoi gharraí scóir sa Pháirc Réigiúnach. Cé leis a dhéanfaidh mé teagmháil?

Ón 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh ba chóir duit dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 le ceisteanna maidir leis na garraithe scóir sa Pháirc Réigiúnach.

C. An mbeidh aon athrú ar na huaireanta oscailte?

Ní bheidh aon athrú ar na huaireanta reatha oscailte.

Beartas Pleanála – Plean Forbartha Contae/Pleananna Ceantair Áitiúil

C: Má tá láithreán sa Limistéar Aistrithe, an mbeidh Plean Forbartha Contae an Chomhairle Contae i bhfeidhm?

Tá beartais, aidhmeanna, ceantair zonála agus caighdeáin sa Phlean Forbartha Chontae Chorcaí 2014 agus sna Pleananna Ceantair Áitiúil do Cheantair Bardasacha Bhaile an Chollaigh / Charraig Uí Leighin, na Blarnan/ Mhaigh Chromtha, an Chóibh agus Dhroichead na Bandan/ Chionn tSáile a bhaineann le hiarratais forbartha/pleanála laistigh den Limistéar Aistrithe.   

Fanfaidh na pleananna sin i bhfeidhm nuair a ghlacann an Comhairle Cathrach le sainchúram an Limistéar Aistrithe ar an 31 Bealtaine 2019 agus, nuair a bhaineann forálacha na bpleananna leis an Limistéar Aistrithe, beidh siad curtha i bhfeidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí.  Beidh na pleananna bainteach leis an Limistéar Aistrithe go dtí go bhfuil siad caite ag pleananna nua, ullmhaithe ag Comhairle Cathrach Chorcaí.  

Mar sin, fanfaidh an bearta pleanála don limistéar atá ag aistriú chuig an gComhairle Cathrach mar an gcéanna sa ghearrthéarma/meántéarma, ach beidh sé curtha i bhfeidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí in ionad Chomhairle Contae Chorcaí. Cliceáil ar an nasc le haghaidh sonraí faoi Bheartais reatha do Phlean Forbartha Contae Chomhairle Contae Chorcaí.

C: Cathain a nglacfar le Plean Forbartha Cathrach Chorcaí, a phleánn an Limistéir Aistrithe?

Beidh an cheist sin le socrú ag Comhairle Cathrach Chorcaí nuair atá an Plean Forbartha Cathrach á dhéanamh acu.

C: Céard iad na beartais pleanála a bhaineann leis an Limistéar Aistrithe i ndiaidh an 30 Bealtaine 2019?

Fanfaidh beartais agus aidhmeanna an Phlean Forbartha Contae Chorcaí, 2014, arna leasú, agus na Pleananna Ceantair Áitiúil, 2017, do Cheantair Bhardasacha Bhaile an Chollaigh / Charraig Uí Leighin, na Blarnan/ Mhaigh Chromtha, an Chóibh agus Dhroichead na Bandan/ Chionn tSáile i bhfeidhm go dtí go gcuireann Comhairle Cathrach Chorcaí a Phlean Forbartha Cathrach Chorcaí nua i bhfeidhm.  Cliceáil ar an nasc le haghaidh sonraí faoi Bheartais reatha do Phlean Forbartha Contae Chomhairle Contae Chorcaí.

Pleananna Ceantair Áitiúil

C: Tá Pleananna Ceantair Áitiúil do Cheantair Bhardasacha reatha ann, clúdaíonn cuid dóibh an dúiche sa Limistéar Aistrithe.  An bhfanfaidh na ceantair zónála agus aidhmeanna sna pleananna sin i bhfeidhm tar éis an dáta aistrithe?

Fanfaidh na forálacha sna Pleananna Ceantair Áitiúil do Cheantair Bhardasacha reatha i bhfeidhm go dtí go bhfuil pleananna nua leagtha amach, nó go dtí go n-athraítear na pleananna reatha, ag Comhairle Cathrach Chorcaí. Is féidir sonraí an Phlean Ceantair Áitiúil do Cheantair Bhardasascha Chomhairle Contae Chorcaí reatha a fheiceáil anseo:  corklocalareaplans.com

Caighdeáin Forbartha

C: An mbeidh na caighdeáin dlúis, páirceála agus spáis oscailte atá leagtha amach sa Phlean Forbartha Contae fós i bhfeidhm sa Limistéar Aistrithe, nuair atá sé mar chuid den Chathair?

Beidh, beidh na forálacha agus caighdeáin reatha den Phlean Forbartha Chontae Chorcaí, 2014 fós i bhfeidhm sna limistéir a bhí mar chuid den Chontae tráth, go dtí go nglacann an Comhairle Cathrach le Plean Forbartha Cathrach nua a airíonn na limistéir sin.  

Zónáil Úsáide Talún

C: I gcásanna nuair atá talamh zónáilte le haghaidh forbartha sna Pleananna Ceantair Áitiúil do Cheantair Bhardasacha anois cuid de theorainn Cathrach Chorcaí, an bhfuil an zónáil úsáide talún reatha fós i bhfeidhm? 

Tá, tá forálacha an Phlean Ceantair Áitiúil do Cheantair Bhardasacha fós i bhfeidhm sa Limistéar Aistrithe agus beidh sé curtha i bhfeidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí, go dtí go bhfuil an Plean Ceantair Áitiúil reatha caite ag Plean Forbartha nua nó Plean Ceantair Áitiúil, ullmhaithe ag Comhairle Cathrach Chorcaí.  Cliceáil ar an nasc le haghaidh sonraí faoi Phleananna Ceantair Áitiúil do Cheantair Bhardacha reatha de chuid Chomhairle Contae Chorcaí.

Iarratais Pleanála                  

C: Sa chás go cuireadh iarratas isteach chuig Comhairle Contae Chorcaí i dtaobh láithreáin sa Limistéar Aistrithe agus é curtha ó bhail ina dhiaidh sin, cén t-údarás pleanála ar chóir an t-iarratas pleanála leasaithe a chur isteach arís chuige?

Ba chóir an t-iarratas pleanála leasaithe a chur isteach chuig Comhairle Contae Chorcaí má tá sé á chur isteach roimh nó ar an 30 Bealtaine 2019. Ba chóir é a chur isteach chuig Comhairle Cathrach Chorcaí má tá sé á chur isteach ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019.  

C: Má cuireadh isteach iarratas pleanála chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine agus tá sé curtha ó bhail, an bhfuil táille ar iarratas pleanála eile le híoc le Comhairle Cathrach Chorcaí nuair atá an t-iarratas á chur isteach ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019? 

Toisc go bhfuil iarratas nua chuig Údarás Pleanála eile i gceist, caithfear táille nua a íoc le Comhairle Cathrach Chorcaí.  Is féidir cur isteach ar aisíoc i scríbhinn ó Chomhairle Contae Chorcaí áfach.

C: Nuair atá iarratas ar chead imlíne curtha isteach nó bronnta ag Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 agus iarratas ar chead iarmhartach á lorg ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019, cén tÚdarás Pleanála ar cheart an t-iarratas a chur isteach chuige? 

Ba cheart iarratas ar chead pleanála iarmhartach atá á chur isteach ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019 a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí.

C: Nuair atá iarratas ar Shíneadh Tréimhse ceadaá lorg ar iarratas ar nó tar éis an 31 Bealtaine, 2019  a bhí ceadaithe ag Comhairle Contae Chorcaí, cén tÚdarás Pleanála ar cheart an t-iarratas a chur isteach chuige? 

Ba cheart iarratas atá á chur isteach ar nó tar éis an 31 Bealtaine, 2019 i dtaobh sínidh tréimshe ar chead ceadaithe ag Comhairle Contae Chorcaí do laithréan sa Limistéar Aistrithe a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí.

C: Nuair atá iarratasóir ag iarraidh iarratas a dhéanamh agus tá cuid den láithreán i gceantar Chomhairle Contae Chorcaí agus cuid de sa Limistéar Aistrithe, cén tÚdarás Pleanála ar cheart an t-iarratas a chur isteach chuige?  

Ba cheart iarratas a chur isteach chuig an dá Údarás Áitiúil toisc go bhfuil an láithreán ar scaradh gabhail an teorann nua idir Chomhairle Contae Chorcaí agus Chomhairle Cathrach Chorcaí. 

C. Nuair atá iarratas pleanála curtha isteach chuig Comhairle Contae Chorcaí do laithreán sa Limistéar Aistrithe ar nó roimh an 30 Bealtaine, 2019, agus iarrann Comhairle Contae Chorcaí ar Bhreis Eolais don iarratas, cén tÚdarás Pleanála ar cheart an Bhreis Eolais a chur ar ais chuige? 

Ba cheart an Bhreis Eolais a chur ar ais chuig Comhairle Contae Chorcaí nuair a iarrann Chomhairle Contae Chorcaí ar an mBreis Eolais toisc go n-eiseoidh Comhairle Contae Chorcaí an cinneadh ar na hiarratais pleanála go léir faighte ar agus roimh an 30 Bealtaine, 2019.  

 

Díolúintí faoi Chuid 97(5) den Acht um Pleanáil & Forbairt 2000, arna leasú (díolmhaithe ó sholáthar tithíocht shóisialta & inacmhainne á chur ar fáil mar chuid den fhorbairt) 

C: Nuair atá iarratas ar Theastas Díolúine faoi Chuid 97(5) den Acht um Pleanáil & Forbairt, 2000, arna leasú, á lorg do láithreán sa Limistéar Aistrithe, cén tÚdarás Áitiúil ar cheart an t-iarratas ar Theastas Díolúine a chur isteach chuige?

Ba cheart an tIarratas ar Theastas Díolúine a chur isteach chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine, 2019 agus chuig Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine, 2019.

C. Nuair atá iarratas ar theastas díolúine faoi Chuid 97(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, eisithe ag Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 agus tá an t-iarratas pleanála curtha chuig an gComhairle Cathrach ina dhiaidh sin ar nó tar éis an 31 Bealtaine, an bhfuil ar an iarratasóir cur isteach ar theastas díolúine eile leis an gComhairle Cathrach? 

Ba cheart an Teastas Díolúine eisithe ag Comhairle Contae Chorcaí a chur isteach leis an iarratas pleanála i gcóir an Chomhairle Cathrach. Ní bheidh sé riachtanach cur isteach ar Theastas Díolúine eile ón gComhairle Cathrach. 

Ranníocaíochtaí Pleanála Forbartha

C: Cén rannaíochtaí forbartha a mbeidh i bhfeidhm ar áiseanna sa Limistéar Aistrithe?

Ón dáta aistrithe ar aghaidh, beidh Scéim do Ranníocaíocht Forbartha Ginearálta Chomhairle Cathrach Chorcaí (déanta faoi Chuid 48 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)) agus a Scéim do Rannaíocht Forbartha (déanta faoi Chuid 49 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)) i bhfeidhm sa Limistéar Aistrithe.

Comhlíonadh

C: Nuair atá cead pleanála bronnta ag Comhairle Contae Chorcaí do láithreán sa Limistéar Aistrithe, cén tÚdarás Áitiúil a cuirtear na doiciméid chomhlíonachta chuige?

Ba cheart na doiciméid chomhlíontachta a chur chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine, 2019 agus ba cheart iad a chur chuig Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine, 2019.

Déanmhais Chosanta 

C: Má tá réadmhaoinsuite sa Limistéar Aistrithe agus is Déanmhas Cosanta í, an mbeidh sé fós ina dhéanmhas cosanta nuair a aistríonn an limistéar chuig an gCathair ar an 31 Bealtaine 2019?

Is féidir.  Beidh déanmhais sa Limistéar Aistrithe atá liostaithe ar son cosanta i bPlean Forbartha Chontae Chorcaí 2014 fós ina ndéanmhais chosanta ar an 31 Bealtaine 2019.  Beidh an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta suas le haghaidh athbhreithnithe mar chuid den chéad athbhreithniú eile de Phlean Forbartha Chathair Chorcaí mar sin beidh athruithe amach ansin ina cheist don gComhairle Cathrach.  Cliceáil ar an nasc le haghaidh sonraí faoi Bheartais reatha do Phlean Forbartha Contae Chomhairle Contae Chorcaí.

C: Céard iad na Déanmhais Chosanta atá suite sa Limistéar Aistrithe?

Tá na Déanmhais Chosanta go léir liostaithe faoi láthair i bPlean Forbartha Chontae Chorcaí, 2014. Is féidir teacht ar liosta de na Déanmhais Chosanta suite sa Limistéar Aistrithe ag an nasc seo a leanas: Liosta de na Déanmhais Chosanta atá ag Aistriú go Comhairle Cathrach Chorcaí.

Limistéir Chaomhantais Ailtireachta - Déanmhais Chosanta 

C: Má tá réadmhaoin suite sa Limistéar Aistrithe agus tá sí laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta, an mbeidh sé fós ina Limistéar Caomhantais Ailtireachta nuair atá an limistéar mar chuid de theorainn na cathrach? 

Is féidir.  Beidh Limistéir Chaomhantais Ailtireachta atá liostaithe ar son cosanta i bPlean Forbartha Chontae Chorcaí 2014 fós ina á gcosaint tar éis an 30 Bealtaine 2019.  Beidh bearta maidir leis na Limistéir Chaomhantais Ailtireachta sa Limistéar Aistrithe á chur i bhfeidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí. Beidh na Limistéir Chaomhantais Ailtireachtasuas le haghaidh athbhreithnithe mar chuid den chéad athbhreithniú eile de Phlean Forbartha Chathair Chorcaí mar sin beidh athruithe amach ansin ar Limistéir Chaomhantais Ailtireachta sa Limistéar Aistrithe ina cheist don gComhairle Cathrach.  Cliceáil ar an nasc le haghaidh sonraí faoi Bheartais reatha do Phlean Forbartha Contae Chomhairle Contae Chorcaí.

Fóillíocht agus Taitneamhacht

C: An mbeidh sé fós ina aidhm spás oscailte agus áiseanna áineasa agus taitneamhachta a sholáthar mar chuid de fhorbairt chónaithe nua sa Limistéar Aistrithe?

Beidh na forálacha agus caighdeáin reatha den Phlean Forbartha Chontae Chorcaí, 2014, fós i bhfeidhm go dtí go nglacfar leis an gcéad Phlean Forbartha Cathrach eile, nó go dtí go ndéantar athrú ar an bPlean reatha, ag Comhairle Cathrach Chorcaí.

C: An leanfar le dul chun cinn na tionscnaimh áineasa agus thaitneamhachta sa Limistéar Aistrithe?

Beidh sé ina cheist do Chomhairle Cathrach Chorcaí na tionscnaimh sa Limistéar Aistrithe a chur chun cinn ón 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh.

Stoc Talún Straitéiseach

C: An dtéann an t-athrú teorann i bhfeidhm ar an bpróiseas Stoca Talún Straitéisigh?

Beidh aon shuíomh Stoca Talún Straitéisigh sa Limistéar Aistrithe faoi chúram Chomhairle Cathrach Chorcaí.  Beidh na suíomhanna Stoca Talún Straitéisigh fós i limistéar riaracháin Chomhairle Contae Chorcaí curtha chun tosaigh mar chuid de chúraimí Bhainistíocht Ghníomhach Talún an Chomhairle Contae.  Cliceáil ar na naisc seo a leanas le haghaidh sonraí faoi Bhearta Phlean Forbartha Contae reatha de chuid Chomhairle Contae Chorcaí agus le haghaidh sonraí faoi Phleananna Ceantair Áitiúil do Cheantair Bhardasachareatha de chuid Chomhairle Contae Chorcaí.

Clár na Láithreán Folamh

C: An dtéann an t-athrú teorann i bhfeidhm ar an bpróiseas Chlár na Laithreán Folamh?

Beidh na hiontrálacha go léir ar Chlár na Láithreán Folamh Chomhairle Contae Chorcaí atá suite sa Limistéar Aistrithe ina chúram Chomhairle Cathrach Chorcaí. Beidh na hiontrálacha Chlár na Láithreán Folamh atá fós sa limistéar riaracháin an Chomhairle Contae fós mar chuid de phróiseas Chlár na Láithreán Folamh an Chontae.   

Dearbhuithe Coda 5 faoin Acht um Pleanáil & Forbairt 2000 – Forbairtí Díolmhaithe 

C: Nuair atá Dearbhú Coda 5 á lorg do láithreán atá sa Limistéar Aistrithe, cén tÚdarás Áitiúil ar cheart an Dearbhú Coda 5 a chur chuige?

Ba cheart an Dearbhú Coda 5 a chur chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine, 2019 agus chuig Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019.

C.    Nuair atá Dearbhú Coda 5 do láithreán atá sa Limistéar Aistrithe curtha isteach chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine, 2019, cén tÚdarás Áitiúil a dhéanann an cinneadh faoin Dearbhú Coda 5?

Nuair atá an t-iarratas próiseáilte ar nó roimh an 30 Bealtaine, 2019, eisíonn Comhairle Contae Chorcaí an cinneadh maidir leis an Dearbhú Coda 5.  Nuair nach bhfuil an t-iarratas próiseáilte roimh an 30 Bealtaine, 2019, aistreofar an t-iarratas ó Chomhairle Contae Chorcaí go Comhairle Cathrach Chorcaí agus ina dhiadh sin eiseoidh an Comhairle Cathrach an cinneadh.

C.    Nuair atá Breis Eolais iarrtha ag Comhairle Contae Chorcaí maidir le hiarratas Coda 5, iarratas a bhí curtha isteach chuig an gComhairle Contae ar nó roimh an 30 Bealtaine, 2019, do laithreán sa Limistéar Aistrithe, cén tÚdarás Pleanála ar cheart an Bhreis Eolais a chur isteach chuige?

Ba cheart an Bhreis Eolais a chur chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine, 2019 agus chuig Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine, 2019. 

Achomhairc ar Dhearbhuithe      

C: Nuair atá eisíonn an Comhairle Contae cinneadh ar iarratas do Dhearbhú Coda 5 do láithreán sa Limistéir Aistrithe, and déantar achomharc in aghaidh an chinnidh leis an mBord Pleanála, cén tÚdarás a ndéanfaidh próiseáil ar an achomharc?    

Beidh an cúram fós ag Comhairle Contae Chorcaí ar gach iarratais go dtí go bhfuil an próiseas achomhairc curtha i gcrích ag an mBord Pleanála.

Cuardaigh Phleanála

C: Nuair atá Cuardach Pleanála á lorg do láithreán atá sa Limistéar Aistrithe, cén tÚdarás Áitiúil ar cheart an t-iarratas ar chuardach pleanála a chur chuige?

Ba chóir an t-iarratas ar Chuardach Pleanála a chur chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 agus ba chóir é a chur chuig Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019.

C: Nuair atá Cuardach Pleanála do láithreán sa Limistéar Aistrithe á chur isteach chuig Comhairle Contae Chorcaí, cén tÚdarás Áitiúil a ndéanann an cinneadh ar an gCuardach Pleanála?

Eisíonn Comhairle Contae Chorcaí an comhfhreagras agus na doiciméid don gCuardach Pleanála nuair atá an t-iarratas curtha isteach chuig an gComhairle Contae ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 agus eisíonn Comhairle Cathrach Chorcaí an comhfhreagras agus na doiciméid d'iarratais curtha isteach ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019.

Achomhairc Phleanála

C: Nuair atá achomharc curtha isteach chuig an mBord Pleanála maidir le cinneadh pleanála déanta ag Comhairle Contae Chorcaí a mbaineann le láithreán sa Limistéir Aistrithe, cén tÚdarás Áitiúil a ndéanfaidh próiseáil ar an achomharc?

Beidh an cúram fós ag Comhairle Contae Chorcaí ar an iarratas go dtí go bhfuil an próiseas achomhairc curtha i gcrích ag an mBord Pleanála.

Iarratais do chóip den comhad pleanála/de na comhaid phleanála agus doiciméad eile

C: Nuair atá an suíomh lena mbaineann an t-iarratas do chóip de chomhad pleanála nó doiciméid eile á lorg sa limistéir atá á aistriú chuig an Comhairle Cathrach ar a dtugtar an Limistéar Aistrithe (LA), cén tÚdarás Áitiúil ar cheart an t-iarratas a chur isteach chuige?

Ba cheart an t-iarratas ar chóip de chomhad pleanála nó doiciméid eile a chur chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 agus chuig Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019.

Ranníocaíochtaí Pleanála Forbartha 

C: Nuair atá an t-iarratas sa Limistéar Aistrithe socraithe ag Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine, cén Scéim Rannaíocaíochtaí Pleanála Forbartha a mbeidh i bhfeidhm? Beidh na Rannaíocaíochtaí Pleanála Forbartha gearrtha de réir Scéim Rannaíocaíochta Forbartha Chomhairle Contae Chorcaí. 

C: Nuair atá iarratas do láithreán sa Limistéar Aistrithe socraithe ag Comhairle Contae Chorcaí/Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó roimh an 31 Bealtaine, cén Scéim Rannaíocaíochta Pleanála Forbartha a mbeidh i bhfeidhm?

Ón 31 Bealtaine, 2019, ar aghaidh, beidh na Rannaíocaíochtaí Pleanála Forbarta gearrtha de réir Scéim Rannaíocaíochta Forbartha Chomhairle Cathrach Chorcaí d'iarratais sa Limistéar Aistrithe, is cuma cé acu Comhairle Contae Chorcaí nó Comhairle Cathrach Chorcaí a dhéanann an cinneadh ar an iarratas pleanála.

Forbairtí Tithíochta Straitéiseacha (SHDanna)

C: Má tá cruinniú á lorg do Chomhairliúchán Coda 247 faoin Acht um Pleanáil & Forbairt 2000 (Cruinniú Réamhphleanála idir an t-iarratasóir agus an tÚdarás Pleanála) maidir le láithreán sa Limistéar Aistrithe, cén tÚdarás Pleanála ar cheart an cruinniú a lorg le?

Ba cheart an cruinniú a lorg le Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 agus tabharfaidh Comhairle Contae Chorcaí cuireadh chuig na daoine cuí ó Chathair Chorcaí chun freastal ar an gComhairliúchán S247 ag brath ar toiliú an iarratasóra. Ba cheart an cruinniú a lorg le Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019.

C: Má shocraíonn An Bord Pleanála (ABP) Comhairliúchán Réamh-Iarratais Coda 5 faoi Phleanáil & Forbairt (Tithíochtaí) agus faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2016 (cruinniú Réamhphleanála idir an t-iarratasóir, na hÚdaráis Áitiúla agus An Bord Pleanála), céard é an gnás maidir leis an gcruinniú?

Eiseoidh ABP clár, déanfaidh siad cathaoirleacht ar an gcruinniú, coiméadfaidh siad taifead den chruinniú agus cuirfidh siad cuireadh do phearsanra cuí ó Chomhairle Contae Chorcaí agus/nó Comhairle Cathrach Chorcaí.  Tabharfar cuireadh do phearsanra ón dá Chomhairle chuig cruinnithe mar sin má tá teorainn an láithreáin leis an Teorann Contae/Cathrach reatha nó dá mbeidh sé leis an teorainn Contae/Cathrach nua.

C: Má tá iarratas ar SHD curtha chuig an mBord Pleanála (ABP) tar éis an 30 Bealtaine 2019 agus bhí Comhairliúchán Coda 247 reachtaithe ag Comhairle Contae Chorcaí, céard é ról Chomhairle Contae Chorcaí maidir leis an iarratas?

De réir coda 8(5)(a) den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Tithíocht) agus do Thionóntaithe Cónaithe 2016, cuirfidh an dá údarás, Comhairle Cathrach Chorcaí agus Comhairle Contae Chorcaí, tuarascálacha Príomhfheidhmeannaigh chuig an mBord Pleanála (ABP)

C: Nuair a bhronnann an Bord  Pleanála (ABP) cead pleanála do Fhorbairt Tithíochta Straitéiseach sa Limistéar Aistrithe, cén tÚdarás Áitiúil ar cheart na doiciméid chomhlíontacha a chur chuige?

Ba cheart na doiciméid chomhlíontachta a chur chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 agus ba cheart iad a chur chuig Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019.

Na Limistéir Fairsingithe Uirbigh (UEAanna)

C: Nuair atá iarratas ar chomhairliúchán réamhpleanála Fhobairt Tithíochta Straitéiseach (SHD) á lorg le haghaidh forbairt ar láithreán sa Limistéar Fairsingithe Uirbeach (UEA) sa Limistéar Aistrithe, cén tÚdarás Áitiúil ar cheart an cruinniú réamhphleanála a lorg le?

Ba chóir an t-iarratas ar chruinniú réamhphleanála S247a chur chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 agus ba chóir é a lorg ó Chomhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019.  Nuair atá cruinniú mar sin lorgthe le Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019, tugtar cuireadh do phearsanra cuí Chomhairle Cathrach Chorcaí chuig cruinnithe mar sin i ról breathnóra ag brath ar toilliú an iarratasóra.

C: Nuair a bhí Úinéir Talún/Forbróir i dteagmháil le Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 maidir le forbairt a chuid tailte laistigh den Limistéar Fairsingithe Uirbeach (UEA) sa Limistéar Aistrithe, cén tÚdarás Áitiúil a éascaíonn cainteanna leis na hUinéirí Talún/Forbróirí sin as sin amach?

Beidh na cruinnithe agus cainteanna go léir le forbróirí/uinéirí talún do láithreán laistigh de Limistéir Fairsingithe Uirbigh (UEAanna) sa Limistéar Aistrithe á reachtáil le Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 agus le Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019. 

C: Cén tÚdarás Áitiúil ar cheart cónaitheoirí áitiúla nó baill den phobal a gcuid ceisteanna a chur chuige maidir leis na Limistéir Fairsingithe Uirbigh sa Limistéar Aistrithe?

Ba cheart do chónaitheoirí áitiúla nó baill den phobail le ceist ar leith faoi na Limistéir Fairsingithe Uirbigh laistigh den Limistéar Aistrithe a gcuid ceisteanna a chur chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 agus chuig Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine.

Gníomhaireachtaí Stáit/Comhlachtaí Poiblí       

C: Cén tÚdarás Áitiúil ar cheart do Ghníomhaireachtaí Stáit cuí (DHPLG, OPW, TII, NTA, DES srl) dul i dteagmháil le maidir leis na UEAanna laistigh den Limistéar Aistrithe as seo amach?

Ba cheart do gach Gníomhaireacht Stáit chuí dul i dteagmháil le Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 agus le Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019.

UEA Bhaile an Ghleanna/Dhún Citil, Gleann Maghair      

C: Nuair atá sé ceaptha go bhfuil úinéir talún go díreach faoi thionchar an Tionscnaimh Choda 8 “ Feabhsúcháin Bhóthar Ghleann Maghair agus Oibreacha Iompair Inbhuanaithe" agus comhfhreagras eisithe ag Comhairle Contae Chorcaí, cén tÚdarás Áitiúil ar cheart don uinéir talún dul i dteagmháil le as sin amach?

Ba cheart ceisteanna ó huinéirí talún lena dtéann an tionscnamh i bhfeidhm ortha a chur chuig Foireann Feidhmíochta Bonneagair Tithíochta Chomhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 agus chuig Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019.

C: Cén tÚdarás Áitiúil ar cheart don Fhorbróir Limistéar Fairsingithe Uirbeach (UEA) Bhaile an Ghleanna dul i dteagmháil le as sin amach?  

Rachaidh an Forbróir i dteagmháil go díreach le Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019.  Beidh Comhairle Cathrach Chorcaí ag freastal ar na cruinnithe go léir idir Comhairle Contae agus a gComhairleoirí Deartha ceaptha suas go dtí an 30 Bealtaine 2019.  Rachaidh an Forbróir i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019.

Eastáit Thithíochta

C: Nuair atá iarratas curtha isteach ag Forbróir, úinéir talún chuig Comhairle Contae Chorcaí chun eastát a bheith tógtha i gcúram ach níl an t-eastát tógtha i gcúram ar an 30 Bealtaine 2019 (Dáta Aistrithe), cad a tharlaíonn don iarratas i ndiaidh an 31 Bealtaine 2019?

Cuirfidh Comhairle Contae Chorcaí na comhaid agus comhfhreagras go léir ar eastát/eastáit mar sin chuig Comhairle Cathrach Chorcaí ar an Dáta Aistrithe agus leanfaidh an Comhairle Cathrach ag próiseáil an iarratais agus cinneadh a dhéanamh faoi.

C: Dá mba rud é go raibh taisce airgid thirim tugtha do Chomhairle Contae Chorcaí ar son <strong class="gr-progress">a forbairt sa Limistéar Aistrithe, cad a tharlaíonn don Taisce Airgid Thirim tar éis an 31 Bealtaine 2019?

Aistreofar taisce a bhí tugtha do Chomhairle Contae Chorcaí go Comhairle Cathrach Chorcaí de réir fhorálacha Achta Rialtais Áitiúil 2019.

C: Dá mba rud é go raibh Banna tugtha do Chomhairle Contae Chorcaí do fhorbairt sa Limistéar Aistrithe, cad a tharlaíonn don Bhanna tar éis an 31 Bealtaine 2019?

Aistreofar bannaí a bhí tugtha do Chomhairle Contae Chorcaí go Comhairle Cathrach Chorcaí ar an Dáta Aistrithe de réir fhorálacha Acht Rialtais Áitiúil 2019.

C: Conas is féidir liom fáil amach an bhfuil eastát sa Limistéar Aistrithe tógtha faoi chúram?

Is féidir ceisteanna mar sin go léir a chur chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019.  Ón 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh, ba chóir ceisteanna a chur chuig Comhairle Cathrach Chorcaí.

Gearáin faoi Fhorfheidhmiú faoin Dlí Pleanála

C: Nuair atá an láithreán ina ábhar gearáin faoi fhorfheidhmiú pleanála nua sa Limistéar Aistrithe, cén tÚdarás Áitiúil ar cheart an gearán a chur chuige?

Ba cheart an gearán a chur isteach chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 agus ba cheart é a chur isteach chuig Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019. Rachaidh Comhairle Contae Chorcaí i gcomhairle le Comhairle Cathrach Chorcaí maidir le haon 'ghearán oscailte' (gearán nach bhfuil réitithe agus dúnta) faighte i dtaobh láithreán sa Limistéar Aistrithe ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019. 

C: Nuair atá Comhad Forfheidhmithe oscailte ag Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 agus tá an láithreán sa Limistéar Aistrithe, cén tÚdarás Áitiúil a mbeidh ag plé leis an comhad Forfheidhmithe oscailte ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019?

Beidh Comhairle Contae Chorcaí ag plé leis an ngearán i gcomhairle le Comhairle Cathrach Chorcaí.    

C: Nuair atá gearán curtha isteach chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019, maidlr le forbairt neamhúdaraithe sa Limistéar Aistrithe agus ba mhian le duine eile gearán a dhéanamh ar an gceist forfheidhmithe chéanna, cén tÚdarás Áitiúil ar cheart an gearán a chur isteach chuige ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019? 

Ba cheart na sonraí gearáin bhreise maidir leis an gceist forfheidhmithe chéanna a chur isteach chuig Comhairle Contae Chorcaí agus pléifidh an Comhairle Contae na céad chéimeanna eile i gcomhairle le Comhairle Cathrach Chorcaí. 

C: Nuair atá Comhad Forfheidhmithe oscailte reatha ag Comhairle Contae Chorcaí do láithreán sa Limistéar Aistrithe agus má tá gearán nua á chur isteach ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019, maidir le ceisteanna breise ón láithreán céanna, cén tÚdarás Áitiúil ar cheart sonraí an ghearáin nua a chur isteach chuige?

Beidh Comhairle Cathrach Chorcaí ag plé leis na gearáin nua go léir ón Limistéar Aistrithe ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019, mar sin caithfear sonraí an ghearáin nua a chur isteach chuig Comhairle Cathrach Chorcaí.

C: Nuair atá Comhad Forfheidhmithe oscailte reatha ag Comhairle Contae Chorcaí do láithreán sa Limistéar Aistrithe agus cuireadh isteach iarratas pleanála chuig an gComhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine, 2019 chun an cheist/na ceisteanna forfheidhmithe a rialú, ar cheart don iarratasóir Rannóg Forfheidhmithe Chomhairle Contae Chorcaí a chur ar an eolas go bhfuil iarratas pleanála curtha isteach acu chuig Comhairle Cathrach Chorcaí?

Bheadh sé riachtanach Rannóg Forfheidhmithe Chomhairle Contae Chorcaí a chur ar an eolas go bhfuil iarratas pleanála curtha isteach chun an cheist fhorfheidhmithe a rialú. Caithfidh Comhairle Contae Chorcaí dul i gcomhairle le Comhairle Cathrach Chorcaí faoi na cásanna forfheidhmithe go léir sa Limistéar Aistrithe nach bhfuil réitithe (dúnta) roimh an 31 Bealtaine 2019.

Ceadúnais Treochomhartha

C: Nuair atá iarratas ar Cheadúnas Treochomartha á lorg do láithreán atá sa Limistéar Aistrithe, cén tÚdarás Áitiúil ar cheart an tIarratas ar Cheadúnas Treochomhartha a chur isteach chuige?

Ba cheart an t-iarratas ar cheadúnas a chur chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 agus chuig Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019.

C: Nuair atá iarratas ar Cheadúnas Treochomhartha do láithreán atá sa Limistéar Aistrithe curtha isteach chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019, cén tÚdarás Áitiúil a dhéanann an cinneadh faoin iarratas ar Cheadúnas?

Eisíonn Contae Chorcaí an cinneadh faoin iarratas ar Cheadúnas Treochomhartha. Ina dhiaidh sin, cuirfear an comhad ar aghaidh go Comhairle Cathrach Chorcaí a phléifidh le hathnuachan an cheadúnais sa todhchaí. Ba cheart iarratas ar Cheadúnas Treochomhartha atá in am athnuachana sa Limistéar Aistrithe ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019 a chur isteach chuig Comhairle Cathrach Chorcaí.

Achomhairc Phleanála

C: Nuair atá achomharc curtha isteach chuig an mBord Pleanála maidir le cinneadh pleanála déanta ag Comhairle Contae Chorcaí a mbaineann le láithreán sa Limistéir Aistrithe, cén tÚdarás Áitiúil a ndéanfaidh próiseáil ar an achomharc?

Beidh an cúram fós ag Comhairle Contae Chorcaí ar an iarratas go dtí go bhfuil an próiseas achomhairc curtha i gcrích ag an mBord Pleanála.

Oidhreacht Chultúrtha

C: Cén tÚdarás Áitiúil ar cheart aon cheist maidir le hOidhreacht do láithreáin/suíomhanna sa Limistéar Aistrithe a chur isteach chuige?

Ba cheart aon cheist oidhreachta ón/maidir leis an Limistéar Aistrithe a chur chuig Comhairle Contae Chorcaí roimh agus ar an 30 Bealtaine 2019. Ba cheart ceisteanna mar sin go léir a thagann chun cinn ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019, a chur chuig Comhairle Cathrach Chorcaí. 

C: Cathain a mbíonn Clárú Imeachtaí Sheachtain na hOidhreachta 2019 agus cár cheart imeachtaí atá ar siúl sa limistéar aistrithe a chlárú?

Bíonn Seachtain na hOidhreachta 2019 ar siúl ón 17 Lúnasa 2019 go 25 Lúnasa 2019.  Ba cheart imeachtaí atá pleanáilte laistigh den Limistéar Aistrithe a chlárú don Chlár Chathair Chorcaí ar líne ag www.heritageweek.ie

C: Cén tÚdarás Áitiúil a gcuirfidh Imeachtaí Oidhreachta chun cinn i gCorcaigh?

Tá go leor grúpaí agus eagraíochtaí a oibríonn agus eagraíonn imeachtaí oidhreachta i gContae Chorcaí agus i gCathair Chorcaí, leis an tuiscint nach mbíonn páirt ag teorainneacha i suim oidhreachta an lucht féachana. Leanfaidh Comhairle Contae Chorcaí ag cur imeachtaí cuí chun cinn, idir imeachtaí sa Chontae agus sa Chathair agus cuirfidh sé imeachtaí eile chun cinn taobh amuigh de Chorcaigh ((i.e. comdhálacha náisiúnta oidhreachta, srl.). 

C: Nuair a fhaigheann daoine/grúpaí an t-eolas is deireanaí ar an ríomhphost maidir le himeachtaí agus tionscnaimh a bhaineann le hOidhreacht/ Éire Ildána/Cuimneacháin atá sa Limistéar Aistrithe, an leanfaidh daoine/grúpaí mar sin ag fáil na ríomhphoist sin i ndiaidh an athraithe teorann ar 31 Bealtaine 2019? 

Faigheann go leor grúpaí agus daoine atá lonnaithe sa Limistéar Aistrithe ríomhphoist rialta leis an eolas is deireanaí maidir le himeachtaí agus tionscnaimh a bhaineann le hOidhreacht/Éire Ildána/Cuimhneacháin sa Chontae. Má tá grúpa nó duine ag iarraidh leanacht leis an tseirbhís sin ó Chomhairle Contae Chorcaí, beidh an tseirbhís ann go huathoibríoch.  Muna bhfuil grúpa nó duine ag iarraidh na ríomphoist a fháil a thuilleadh ó Chomhairle Contae Chorcaí, caithfidh siad ríomhphost a chur chuig cork.heritage@corkcoco.ie ag iarraidh éirí as agus bainfear a sonraí teagmhála den liostú. 

C: Cathain a bhí Seachtain na gCrann 2019 ar siúl? 

Bhí Seachtain na gCrann 2019 ar siúl idir 31 Márta agus 7 Aibreán, 2019. Bhí deis ag na grúpaí agus ag na heagraíochtaí go léir i gContae Chorcaí, lena n-áirítear iad siúd sa Limistéar Aistrithe, a bhí ag glacadh páirt sa tseachtain, leas a bhaint as na crainn agus cur chun cinn a n-imeacht ag Comhairle Contae Chorcaí.  Pléifidh Comhairle Contae Chorcaí leis na hiarratais go léir faighte roimh nó ar an dáta deiridh. Caithfidh tograí do Sheachtain na gCrann ó ghrúpaí agus eagraíochtaí sa Limistéar Aistrithe a chur isteach chuig Comhairle Cathrach Chorcaí do 2020 agus ar aghaidh.

C: An Scéim Deontais Éireann Ildánaí Chontae Chorcaí?

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais do dheontais faoin Scéim Deontais Éireann Ildánaí Chontae Chorcaí ná lár-Aibreán 2019.  Mar sin, is féidir le grúpaí sa Limistéar Aistrithe cur isteach chuig Comhairle Contae Chorcaí faoin Scéim 2019. Má tá an togra maoinithe ag Comhairle Contae Chorcaí in 2019, ba chóir é go luann an faighteoir/na faighteoirí é sin go soiléir i ngach foilsiúchán/ábhar bolscaireachta a táirgtear. 

C: Cé acu den Údarás Áitiúil is féidir tograí a chur isteach chuige don Scéim Éireann Ildánaí Chontae Chorcaí maidir le Tob-Shiopaí?

Ba chóir tograí do shiopaí toba laistigh den Limistéar Aistrithe a chur isteach chuig Comhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019. Ba chóir tograí a chur isteach chuig Oifig Éireann Ildánaí de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019.  Má tá an togra maoinithe ag Comhairle Contae Chorcaí in 2019, ba chóir é sin a luadh go soiléir i ngach foilsiúchán/ábhar bolscaireachta a táirgtear maidir leis an Tob-Shiopa.

C: Cathain a mbeidh Cruinniú na nÓg 2019 ar siúl agus cár chóir imeachtaí atá ar siúl sa limistéar aistrithe a chlárú?

  Beidh Cruinniú na nÓg 2019 ar siúl ar an 15 Meitheamh 2019 i ndiaidh an Dáta Aistrithe den 31 Bealtaine 2019. Mar sin caithfidh imeachtaí a mbeidh ar siúl sa Limistéar Aistrithe a bheith cláraithe le hOifig Éireann Ildánaí de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí. 

C: Cén tÚdarás Áitiúl a mbeidh ag plé le Cuimhneacháin sa Limistéar Aistrithe?

Leanfaidh Comhairle Contae Chorcaí agus Comhairle Cathrach Chorcaí araon ag obair ar roinnt tionscnamh cuimhneacháin. I gcásanna nuair atá na tionscnaimh/imeachtaí ag tarlú/le tarlú i gContae Chorcaí ar nó riomh an 30 Bealtaine 2019, leanfaidh Oifig Cuimhneacháin Chomhairle Contae Chorcaí le bheith mar an pointe teagmhála chuí.   I gcásanna nuair atá na tionscnaimh/imeachtaí ag tarlú/le tarlú sa Limistéar Aistrithe ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019, beidh an Comhairle Cathrach mar an pointe teagmhála chuí. 

C: Má tá aon cheist ag grúpaí/eagraíochtaí pobail atá ag obair sa Limistéar Aistrithe, cén tÚdarás Áitiúil ar féidir iad a chur isteach chuige?

Tá na Rannóga Oidhreachta, Cuimhneacháin agus Éireann Ildánaí Chomhairle Contae Chorcaí i bhfách le cinntiú go mbeidh an tionchar is lú ag an aistriú ar na grúpaí agus éagraíochtaí den scoth atá páirteach sa réimse sin. Is féidir aon cheist ó na grúpaí/eagraíochtaí atá ag obair sa Limistéar Aistrithe a chur chuig an Oifigeach Oidhreachta i gComhairle Contae Chorcaí ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019 agus caithfear iad a chur chuig Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019. 

Seandálaíocht agus Oidhreacht Thógtha

C: Cén tÚdarás Áitiúil ar féidir ceisteanna faoi Leachtanna Seandálaíochta, Déanmhais Chosanta agus Ceantair Caomhnaithe Seandálaíocha a chur isteach chuige?

Ba chóir ceisteanna ón/maidir leis an Limistéar Aistrithe a chur chuig Comhairle Contae Chorcaí roimh agus ar an 30 Bealtaine 2019.  Ba chóir ceisteanna a chur chuig Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019. 

C: Cén tÚdarás Áitiúil ar chóir eolas faoi Fhionnachtanna Seandálaíochta a thabhairt dó?

Is é an pointe teagmhála cuí maidir leis sin ná Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta. Nuair atá fionnachtain/aimsiú déanta sa Limistéar Aistrithe, ba cheart an t-eolas a chur chuig Seandálaí an Chontae i gComhairle Contae Chorcaí roimh agus ar an 30 Bealtaine 2019 agus nuair atá fionnachtain/aimsiú déanta sa Limistéar Aistrithe ar nó tar éis an 31 Bealtaine,  ba cheart an t-eolas a chur chuig Seandálaí na Cathrach, Comhairle Cathrach Chorcaí. 

C:  Má tá iarratas á dhéanamh chun Déanmhas Cosanta sa Limistéar Aistrithe a chur le/baint ó Thaifead ar Dhéanmhais Chosanta, cén tÚdarás Áitiúil ar chóir an t-iarratas a chur chuige?

Ba chóir an t-iarratas a chur chuig Comhairle Contae Chorcaí roimh agus ar an 30 Bealtaine 2019 agus ba chóir é a chur chuig Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019.

C: Cén tÚdarás Áitiúil ar chóir Dearbhú Coda 57 faoin Acht um Pleanáil & Forbairt, 2000, arna leasú, a chur chuige?

Ba chóir iarratais Coda 57 maidir le hoibreacha atá ag cur isteach ar charachtar déanmhas cosanta nó déanmhas cosanta beartaithe sa Limistéar Aistrithe a chur chuig Comhairle Contae Chorcaí roimh agus ar an 30 Bealtaine 2019. Ba chóir na hiarratais sin a chur isteach chuig Oifig Caomhantais Chomhairle Cathrach ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019. 

C: Cén tÚdarás Áitiúil ar féidir comhairle Réamhphleanála/Pleanála a fháil uaidh maidir le haon oidhreacht thógtha agus/nó impleachtaí seandálaíochta na dtograí forbartha sa Limistéar Aistrithe?   

Is féidir comhairle réamhphleanála/pleanála a fháil ó Rannóg Oidhreachta Chomhairle Contae Chorcaí sa Stiúrthóireacht Pleanála ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019.  Caithfear comhairle a fháil ó Chomhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019. Nuair atá cruinniú réamhphleanála á reachtáil maidir le haon fhorbairt beartaithe shuntasach sa Limistéar Aistrithe, cuirfear cuireadh chuig lucht an Chomhairle Cathrach freastal ar na cruinnithe sin ag brath ar chomhaontú an iarratasóra. 

C: Cén tÚdarás Áitiúil a pléifidh le Grúpaí Pobail maidir le bainistiú Reiligí sa Limistéar Aistrithe?

I gcásanna le grúpaí pobail ar nós na mBailte Slachtmhara atá páirteach i gcothabháil a reilig stairiúil áitiúil/reiligí stairiúla áitiúla atá sa Limistéar Aistrithe, is féidir leo leanacht ar aghaidh ag plé le Comhairle Contae Chorcaí maidir le haon phlean/nós imeachta ar nó roimh an 30 Bealtaine 2019. Caithfidh siad dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ar nó tar éis an 31 Bealtaine, 2019. 

C: Is íocóir rátaí mé sa cheantar máguaird chathair Chorcaí. Conas is féidir liom fáil amach an rachaidh an t-athrú teorann i bhfeidhm orm?

Is féidir féachaint ar léarscáil an limistéir aistrithe anseo chun fáil amach an rachaidh sé i bhfeidhm ort. Muna bhfuil sé soiléir, téigh i dteagmháil le do thoil le do Bhailitheoir Rátaí Áitiúil (sonraí ar do Bhille Rátá) nó leis an Oifig Bailithe Rátá ag teil. 021 4285252 nó ar ríomhphost collection@corkcoco.ie 

C: Tá m'fhoirgneamh sa limistéar aistrithe. Conas a rachaidh sé i bhfeidhm orm?

Faoin Acht Rialtais Áitiúil 2019, fanfaidh Comhairle Contae Chorcaí mar an t-údarás rátála do 2019. Mar sin tá rátaí tráchtála do 2019 iníoctha le Comhairle Contae Chorcaí. Beidh rátaí do 2020 agus as sin amach iníoctha le Comhairle Cathrach Chorcaí.  

Q. Conas a chuirim isteach ar Cheadúnas Nua Oscailte Bóithre?  

Ón 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh, beidh Ceadúnais Oscailte Bóithre faoi shainchúram Chomhairle Cathrach Chorcaí. Ba chóir d'iarratasóirí atá ag iarraidh eolas maidir leis na hiarratais nó ceadúnais laistigh den limistéar sínithe dul i dteagmháil leis an Oifig um Bainistiú Bóithre (RMO) ag contact@rmo.ie.   Roinnt eolais ghinearálta faoi Cheadúnais Oscailte Bóithre.

C: Tá an bóthar Poiblí damáistithe / i ndroch-chaoi. Cén duine ar féidir liom tairiscint a dhéanamh faoi le?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit é a thuairisciú le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444

C: Tá crann tite / dainséarach ar réadmhaoin phoiblí i mo cheantar. Cén duine is féidir liom tairiscint a dhéanamh faoi le?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit é a thuairisciú le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444

C: Tá díog/ falú ag fás ar an mbóthar.  Cén duine is féidir liom tairiscint a dhéanamh faoi le?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit é a thuairisciú le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444

C: Tá fadhb le trealamh lochtach/damáistithe san áit súgartha. Cén duine is féidir liom tairiscint a dhéanamh faoi le?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit é a thuairisciú le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444

C: Ba mhian liom cur isteach ar cheadúnas scafaill. Cé leis a dhéanaim teagmháil?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh is féidir leat dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun cur isteach.

C: Ba mhian liom cur isteach ar cheadúnas clársconsa. Cé leis a dhéanaim teagmháil?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh is féidir leat dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun cur isteach.

C: Tá séarach tachta sa bhóthar Poiblí.   Cén duine ar chóir dom tairiscint a dhéanamh faoi le?

Ba chóir duit dul i dteagmháil le hUisce Éireann ar 1850 278 278 nó ar www.water.ie

C: Tá fadhb le mo sholáthar uisce.  Cén duine ar féidir liom tairiscint a dhéanamh faoi le? 

Ba chóir duit dul i dteagmháil le hUisce Éireann ar 1850 278 278 nó ar www.water.ie

C: Tá na silteáin ar an mbóthar tachta. Cén duine ar féidir liom tairiscint a dhéanamh faoi le?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh is féidir leat dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun é sin a thuairisciú.

C: Tá an bóthar faoi thuilte / tá mo theach faoi thuilte. Cén duine ar féidir liom dul i dteagmháil le chun é sin a thuairisciú?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun é sin a thairisciú.

C: Tá fadhb leis na soilsí tráchta nach bhfuil ag feidhmiú i gceart. Cén duine ar féidir liom dul i dteagmháil le chun é sin a thuairisciú?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun é sin a thairisciú.

C: Ba mhian liom iarracht a dhéanmh rampaí moillithe a fháil dár nEastáit. Cé leis a dhéanfaidh mé teagmháil faoi sin? 

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun eolas a fháil faoi sin. 

C: Tá na cosáin damáistithe – conas is féidir liom é sin a thuairisciú agus cé a dhéanann cothabháil orthu?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun é sin a thairisciú.

C: Tá ainmhí marbh ar an mbóthar / in áit phoiblí. Cén duine ar féidir liom dul i dteagmháil leis chun fáil réidh leis?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun é sin a thairisciú.

C: Tá baoithe fáinne (baoithe tarrthála) damástaithe nó baoithe fáinne (baoithe tarrthála) ar iarraidh. Cén duine ar féidir liom tairiscint a dhéanamh faoi le?        

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun é sin a thairisciú.

C: Tá na marcálacha línte ar an mbóthar tréigthe. Cén duine ar féidir liom dul i dteagmháil leis chun tairiscint a dhéanamh faoi?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun é sin a thairisciú.

C: Tá orm cur isteach ar cheadúnas ualaigh neamhghnáigh.  Cé a bhíonn ag plé leo siúd?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun cur isteach air sin. 

C: Níl na soilsí sráide ag obair – cén duine ar féidir liom tairiscint a dhéanamh faoi le?

Is féidir leat soilse sráide lochtach a thuairsciú ag www.airtricitysolutions.com  

C: Táim ag beartú láithreán a fhorbairt.  Cé a labhróidh mé leis chun fáil amach faoi achair radhairc agus na seirbhísí atá de dhíth?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun eolas a fháil faoi sin.

C: Táim ag lorg taifid de na seirbhísí reatha sa Bhóthar. Cén áit is féidir liom iad sin a fháil?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun eolas a fháil faoi sin.

C: Ba mhian liom comharthaíocht shealadach a chur suas ag fógairt imeachta. Cé leis a labhróidh mé agus an féidir liom ceadúnas a fháil?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun eolas a fháil faoi sin.

C: Tá mé ag iarraidh Spás do Dhaoine faoi Míchumas a fháil péinteáilte os comhair mo réadmhaoine. Conas is féidir liom é sin a dhéanamh?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun eolas a fháil faoi sin

C: Tá bruscar / dumpáil neamhdhleathach ar thaobh an bhóthair. Cá ndéanaim tuairisciú faoi sin?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh is féidir leat dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun é sin a thuairisciú.

C: Cén t-athdheisiú bóthair/oibreacha feabhsúcháin atá á dhéanamh i mbliana?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun eolas a fháil faoi sin. 

C: Conas is féidir liom ár gcosáin damáistithe a chur ar an gClár Cosáin?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun eolas a fháil faoi sin.

C: Tá feithicil tréigthe ar an mBóthar Poiblí. Cé leis a ndéanaim tuairisciú faoi sin agus conas is féidir liom é a fháil bogtha?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun eolas a fháil faoi sin.

C: Conas is féidir liom ár n-eastáit tithíochta a bheith tógtha i gceannas?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun eolas a fháil faoi sin.

C: Táimid ag eagrú glanadh suas bruscair inár n-eastáit. An mbeidh an tÚdarás Áitiúil in ann cabhrú linn in aon bhealach? 

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun eolas a fháil faoi sin.

C: Táimid ag iarraidh Comharthaí 'Níl Cead Salú ag Madraí' a bheith curtha suas. Cé a ndéanfaidh sin / conas is féidir linn é sin a dhéanamh?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun eolas a fháil faoi sin.

C: Tá pléasc sa phríomhphíobán uisce. Cé a bhíonn ag plé leis sin?

Ba chóir duit dul i dteagmháil le hUisce Éireann ar 021 4924444 nó ar www.water.ie

C: Cé leis is féidir liom labhairt mar gheall ar scuabadh bóthair taobh amuigh de mo theach / eastáit?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun eolas a fháil faoi sin.

C: An bhfuil m'áit chónaithe ar Bhóthar Príobháideach nó Poiblí? Conas is féidir liom fáil amach?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun eolas a fháil faoi sin.

C: Oibrím leis na Bailte Slachtmhara. Cé leis is féidir liom labhairt maidir le cabhrú le glantacháin srl?

Ón 31 Bealtaine ar aghaidh ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 chun eolas a fháil faoi sin.

C: Conas a chuirim isteach ar Cheadúnas Nua Oscailte Bóithre?  

Ón 31 Bealtaine 2019 ar aghaidh, beidh Ceadúnais Oscailte Bóithre sa limistéar aistrithe faoi chúram Chomhairle Cathrach Chorcaí, ag teacht le hAlt 13(1)(c) Achta Rialtais Áitiúil 2019.

Chun cinntiú go bhfuil na sealbhóirí ceadúnais san limistéar aistrithe ag obair faoi Cheadúnas Oscailte Bóithre bailí agus chun laghdú ar chur isteach ar na páirtithe leasmhara go léir, beidh na gníomhartha seo a leanas i bhfeidhm do na hiarratais agus ceadúnais:

  1. Caithfear iarratais ar Cheadúnais Oscailte Bóithre nua –á chur isteach idir anois agus meánoíche 30 Bealtaine, i dtaobh oibreacha sa limistéar aistrithe, a chóipeáil go Comhairle Cathrach Chorcaí nuair atá an t-iarratas á chur isteach go Comhairle Contae Chorcaí.
  2. Ba chóir an uimhir tagartha ó Chomhairle Contae Chorcaí a chur san áireamh san iarratas cóipeáilte sa chur síos ar shuíomh na n-oibreacha mar seo a leanas‘Duplicate2019CO----‘.

 

  1. Ba cheart go mbeidh gach cuid den bhuniarratas go Comhairle Contae Chorcaí san iarratas cóipeáilte do Chomhairle Cathrach Chorcaí. Tá sé sin éascaithe san fheidhm ‘Déan cóipeáil ar an gCeadúnas’ ar Léarscáil Bóithre an Cheadúnaithe Oibreacha Bóithre (MRL). Is féidir teacht ar threoir anseo.
    1. [http://www.rmo.ie/uploads/8/2/1/0/821068/040_how_to_copy_an_existing_ap…]
  2. Baileoidh Comhairle Contae Chorcaí táille iarratais amháin ar iarratais oscailte bóithre curtha isteach idir anois agus 31 Bealtaine i dtaobh oibreacha sa limistéar aistrithe teorann.

Baileofar táillí Tionchair Fhadtéarmacha ag an gcéim 'tréimhse ráthaíochta' nó níos déanaí ag Comhairle Cathrach Chorcaí.

  1. Beidh na ceadúnais go léir eisithe ag Comhairle Contae Chorcaí sa limistéar aistrithe teorann bailí go dtí an 14 Meitheamh 2019 i.ecríochnóidh an tréimshe bailíochta ar na ceadúnais sin ar an 14/6/19, faoi chuimisiú coinníll ar leith ar na ceadúnais eisithe as seo amach.
  2. Léiríodh an leathanach tosaigh den cheadúnais deireadh an tréimshe bailíochta mar 3 mhí ón dáta tosaigh – ach beidh sé sin caite ag cuimsiú an choinníll ar leith thuasluaite.
  3. Spreagtar an sealbhóir ceadúnais na hoibreacha a chríochnú roimh an 14 Meitheamh, 2019 ionas gur féidir leat (T5) clabhsúr a chur ar na tochailtí críochnaithe.

Sa chás go mbeidh oibreacha (cuid den bhuniarratas) ag dul ar aghaidh i ndiaidh an 14 Meitheamh, caithfidh tú (T5) clabhsúr a chur ar na tochailtí neamhchríochnaithe mar “oibreacha nach bhfuil déanta” chun an ceadúnas Chomhairle Contae a dúnadh, ag an bpointe sin beidh an t-iarratas cóipeáilte Chomhairle Cathrach i bhfeidhm ar feadh fhuílleach an tréimshe bailíochta den Cheadúnas Chomhairle Contae bunaidh.

C: Cad a tharlaíonn le m'iarratas reatha ar Cheadúnas Oscailte Bóithre?

Ba chóir Ceadúnais Oscailte Bóithre reatha, sa limistéar aistrithe, a chur ar aghaidh go dtí (T5) na céime clabhsúir más cuí & nuair atá siad iomlán comhlíontach leis na coinníollacha ceadúnais agus treoirlínte an Leabhair Chorcra.

  1. Tá tréimshe bailíochta níos faide ná an 14 Meitheamh ag ceadúnais eisithe ag Comhairle Contae Chorcaí don limistéar aistrithe, agus i gcásanna nuair nach mbeidh na hoibreacha críochnaithe roimh am scoir an 14 Meitheamh, beidh ceadúnas cóipeáilte de dhíth ó Chomhairle Cathrach Chorcaí chun ligean duit na hoibreacha a chríochnú i ndiaidh an 14 Meitheamh, faoi cheadúnas bailí.
  2. Caithfidh an t-iarratasóir an t-iarratas cóipeáilte a chur isteach go Comhairle Cathrach Chorcaí ar an 6 Meitheamh ar a mhoille, ionas gur féidir le Comhairle Cathrach Chorcaí ceadúnas a eisiú do leanúint ar aghaidh na n-oibreacha i ndiaidh an 14 Meitheamh, 2019 (go dtí an dáta deiridh de réir an cheadúnas Chomhairle Contae).

Ní bheidh táille iarratais sa bhreis iníoctha le Comhairle Cathrach Chorcaí chun aon cheann de na ceadúnais 'cóipeáilte' thuasluaite a eisiú.

Is féidir teacht ar léarscáileanna sonraithe den limistéar aistrithe teorann ar shuíomh gréasáinChomhairle Cathrach Chorcaí

Ba chóir d'iarratasóirí atá ag iarraidh eolas maidir leis na hiarratais nó ceadúnais laistigh den limistéar sínithe dul i dteagmháil leis an Oifig um Bainistiú Bóithre (RMO) ag contact@rmo.ie.

C: Cad a tharlóidh maidir leis an gcéad chéim eile den Raon Rothar an Bhaile Bhric?

Tá an dearadh tosaigh do Chéim 4 na scéime sin críochnaithe ag Comhairle Contae Chorcaí agus cuireadh tú le próiseas pleanála Coda 8 ar an 22 Feabhra, 2019.  Táthar ag súil go mbeidh Cuid 8 den phróiseas pleanála críochnaithe roimh an Dáta Aistrithe a ligfidh do Chomhairle Cathrach Chorcaí an tionscnamh a chur i gcrích. Tá tacaíocht airgeadais deimhnithe ón Údarás Náisiúnta Iompair.

C: An mbeidh na Feabhsúcháin do Choisithe ag Donnybrook Hill críochnaithe roimh an Dáta Aistrithe?

Tá conradh na scéime sin bronnta ar Chomhairle Contae Chorcaí agus táthar ag súil go dtósóidh tógáil roimh dheireadh Mhárta 2019.  Táthar ag súil go mbeidh na hoibreacha críochnaithe roimh an dáta aistrithe den 30 Bealtaine, 2019.  Má théann an clár níos faide ná an dáta aistrithe, áfach, beidh na hoibreacha á stiúradh agus á bhainistiú ag Comhairle Cathrach Chorcaí ón 31 Bealtaine, 2019, go dtí go bhfuil an tionscnamh críochnaithe. 

C: Céard é stádas an nasc idir Bóthar Dhúglais Theas agus Páirc Ghleann Thrá Mhór? 

Táthar ag súil go mbeidh na hoibreacha sin críochnaithe faoi stiúir Chomhairle Contae Chorcaí roimh an Dáta Aistrithe.

C: Céard é stádas Bhóthar an Ghráinseach go Páirc Ghleann na Trá Móire lena n-áirítear tardhroichead N40? 

Táthar ag súil go mbeidh dearadh sonraithe na scéime sin críochnaithe ag Comhairle Contae Chorcaí roimh an Dáta Aistrithe.  Beidh ar Chomhairle Cathrach Chorcaí an Chéim Tógála a chur chun tosaigh ina dhiaidh sin.

C: Céard é stádas uasghrádú Bhóthar Dhúglais Theas – N40 Acomhal 7? 

Beidh dearadh imlíne leasaithe críochnaithe ag Chomhairle Contae Chorcaí roimh an Dáta Aistrithe.  Beidh ar Chomhairle Cathrach Chorcaí an Chéim Feidhmithe a chur chun tosaigh ina dhiaidh sin.

C: Céard é an togra maidir le Droichead Inis Cara?

Tá dearadh sonraithe ag dul ar aghaidh.  Beidh ardoibreacha micrea-thollánaithe chun súiteál duchtaithe do chomharthaíocht an droichid a éascú críochnaithe in Aibreán 2019.  Nuair atá an dearadh sonraithe críochnaithe, eiseofar doiciméid tairiscintí do chomharthaíocht an droichid agus oibreacha gaolmhara.  Táthar ag súil go mbeidh na hoibreacha críochnaithe ag Comhairle Contae Chorcaí roimh an dáta aistrithe.  Má théann an clár níos faide ná an dáta aistrithe, áfach, beidh na hoibreacha á bhainistiú agus á stiúradh ag Comhairle Cathrach Chorcaí le héifeacht ón 31 Bealtaine, go dtí go bhfuil an tionscnamh críochnaithe.

C: Beidh mé ag fáil ceadúnas do mo mhadra i ndiaidh 31 Bealtaine-conas a théann an t-athrú teorann i bhfeidhm orm?

Is é An Post an phríomhbhealach d'éisiúint agus athnuachan ceadúnas madraí. Is féidir cur isteach ar cheadúnas madraí nó ceadúnas madraí ar feadh a shaoil ag d'oifig an phoist áitiúil nó tríd a sheirbhís ar líne. www.licences.ie

Tabhair faoi deara: Má tá ceadúnais madraí Ginearálta uait (ie do 20 madra nó níos mó) ba chóir duit-ón 31 Bealtaine ar aghaidh– dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444

C:  Conas a théann an t-athrú teorann i bhfeidhm ar sheirbhísí eile tréidliachta agus leasa ainmhithe?

Do chónaitheoirí agus gnólachtaí laistigh den limistéar aistrithe teorann, ón 31 Bealtaine seo ar aghaidh, ba chóir gach cumarsáid agus ceist maidir leis na seirbhísí tréidliachta agus leasa ainmhithe a chur chuig an gComhairle Cathrach Chorcaí.  Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444 le haon cheist atá agat maidir le haon cheann de na hábhair seo a leanas:

  • Smacht Madraí - tuairiscí teagmhais/gearáin
  • Clárú na nIonad Póiriúcháin Mhadra
  • Smacht Capall – lena n-áirítear tuairisciú faoi chapaill ar strae
  • Ainmhithe a fuair bás (in áit phoiblí)
  • Fotháirgí Ainmhithe (ABPanna)
  • Madraí ar strae / tréigthe

C. An mbeidh na comhairleoirí áitiúla céanna agam?

Beidh na Toghcháin Rialtais Áitiúil ar siúl ar an 24 Bealtaine 2019. Beidh na toghcháin sin bunaithe ar na teorainneachta leasaithe agus vótálfar na comhairleoirí don chéad chúig bliana eile.

C. Tá mé i mo chónaí sa limistéar aistrithe agus táim cláraithe chun vóta sna tóghcháin Chomhairle Contae Chorcaí. Leis na hathruithe an mbeidh mé ag vótáil sna toghcháin Chomhairle Cathrach Chorcaí amach anseo?

Beidh, as seo amach, beidh tú ag vótáil sna toghcháin Chomhairle Cathrach Chorcaí. Ní bheidh tú incháilithe a thuilleadh vótáil sna toghcháin Chomhairle Contae Chorcaí. Ba chóir go raibh do vóta aistrithe go huathoibríoch go Comhairle Cathrach Chorcaí agus déan seiceáil le do thoil le clár Chomhairle Cathrach Chorcaí ag www.checktheregister.ie chun é a chinntiú. Muna bhfhuil d'ainm ar an gclár, beidh ort dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ag 021 4924444

C. An mbeidh mo stáisiún vótála mar an gcéanna?

Tá seans go mbeadh athrú ar na Stáisiúin Vótála agus na huimhreacha na mBothán ón 24 Bealtaine, 2019 ar aghaidh ach beidh sé fós i cheantar do thí. Eiseofar cártaí vótála mar is gnáth chun comhairle a thabhairt duit maidir le do stáisiún vótála. Má tá tú i do chónaí sa limistéar aistrithe agus tá ceist agat ar an ábhar sin, is féidir leat dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí ar 021 4924444

C: Tá pléasc sa phríomhphíobán uisce. Cé a bhíonn ag plé leis sin? 

Ba chóir duit dul i dteagmháil le hUisce Éireann ar 1850 278 278. nó ag www.water.ie

C: Tá fadhb le mo sholáthar uisce.  Cén duine ar féidir liom tairiscint a dhéanamh faoi le?  

Ba chóir duit dul i dteagmháil le hUisce Éireann ar 1850 278 278. nó ag www.water.ie

C: Tá mo réadmhaoin lonnaithe sa limistéar aistrithe agus faigheann sé uisce ó scéim uisce poiblí. Céard iad na hathruithe atá i ndán dom?

Ní bheidh aon athrú ar an tseirbhís atá á sholáthar. Leanfaidh Uisce Éireann ag riaradh na gceisteanna go léir agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar 1850 278 278.

C: Tá mo réadmhaoin lonnaithe sa limistéar aistrithe agus tá sé seirbhísithe ag scéim fuíolluisce phoiblí. Céard iad na hathruithe atá i ndán dom?

Ní bheidh aon athrú ar an tseirbhís atá á sholáthar. Leanfaidh Uisce Éireann ag riaradh na gceisteanna go léir agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar 1850 278 278.

C: Tá mo réadmhaoin lonnaithe sa limistéar aistrithe agus tá iarratas ar nasc reatha nua uisce agus/nó fuíolluisce agam. Céard iad na hathruithe atá i ndán dom?

Ní bheidh aon athrú duit. Fanfaidh Uisce Éireann mar an phointe teagmhála do naisc nua agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar 1850 278 278.

C: Tá mo réadmhaoin lonnaithe sa limistéar aistrithe agus ba mhian liom cur isteach ar nasc nua uisce agus/nó fuíolluisce. Céard iad na hathruithe atá i ndán dom?

Ní bheidh aon athrú duit. Fanfaidh Uisce Éireann mar an phointe teagmhála do naisc. Is féidir iarratas a chur isteach ag www.water.ie

C: Tá mo réadmhaoin lonnaithe sa limistéar aistrithe agus tá iarratas ar dheontas tobair reatha agam. Céard iad na hathruithe atá i ndán dom?

Ní bheidh aon athrú duit. Leanfaidh Comhairle Contae Chorcaí ar aghaidh le bainistiú d'iarratais.

C: Tá mo réadmhaoin lonnaithe sa limistéar aistrithe agus ba mhian liom iarratas a dhéanamh dodheontasl tobair. Céard iad na hathruithe atá i ndán dom?

Beidh na hiarratais ar dheontas tobair go léir sa limistéar aistrithe déanta ar nó tar éis an 31 Bealtaine 2019 á riaradh ag Comhairle Cathrach Chorcaí agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar 021 4924444

C: Tá mo réadmhaoin lonnaithe sa limistéar aistrithe agus tá 2 scéim faoisimh tuilte, Dúglas/An Tóchar agus Gleann Maghair, le tosú sa réigiún. Céard iad na hathruithe atá i ndán dom?

Faoi láthair tá 2 Scéim Faoisimh Tuilte leanúnacha sa limistéar aistrithe, Dúglas/An Tóchar agus Gleann Maghair. Tá suíomhanna gréasáin tiomnaithe don dá scéim, www.douglasfrs.ie agus www.glashaboyfrs.ie, agus tá na pointí teagmhála ar fáil iontu. Beidh Comhairle Cathrach Chorcaí anois freagrach as na tionscnaimh sin agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo chomh maith ar 021 4924444