Céim a Trí - Forbair Cuspóirí, Torthaí agus an Plean Cur Chun Feidhme Tosaigh

Tá na cuspóirí, na torthaí agus an chéad phlean cur chun feidhme tosaigh don Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail á ndréachtú faoi láthair. Cuirfear iad seo faoi bhráid Ghrúpa Comhairleach an PÁEP, Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Chorcaí Thuaidh (LCDC), LCDC Chorcaí Theas, LCDC Iarthar Chorcaí, agus an Choiste um Fhorbairt Eacnamaíoch agus Beartas Straitéiseach Fiontraíochta. Cuirfear an tuarascáil faoi bhráid Thionól Réigiúnach an Deiscirt agus na hOcht gCeantar Bardasach freisin chun a n-ionchur a fháil.