A portrait image of the Mayor of the County of Cork

Focal Fáilte ó Mhéara Contae Chorcaí, an Comhairleoir Frank O'Flynn

Tá an-áthas orm fáilte a chur romhat chuig suíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí. Creidim go bhfaighidh tú go bhfuil an t-ábhar, na naisc agus na seirbhísí ar líne atá ar fáil ann an-spéisiúil agus an-luachmhar.

Tá Méara an Chontae agus Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Corcaí tacaithe ag an bhFeidhmeannacht atá faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh, an tUas. Tim Lucey. Is féidir leat níos mó eolais a fháil faoi mo chuid comh-Chomhairleoirí ar an suíomh gréasáin seo, lena n-áirítear sonraí teagmhála, agus tá Miontuairiscí Chruinnithe na Comhairle ar fáil ann freisin. 

Tá 55 Chomhalta Tofa ann, a dhéanann ionadaíocht ar na 10 dtoghcheantar, a chomhfhreagraíonn do na 8 gCeantar Bhardasacha. Toghann sibhse, saoránaigh Chorcaí, Comhaltaí Tofa, nó Comhairleoirí, le haghaidh téarma cúig bliana. Eagrófar na chéad Thoghcháin Áitiúla eile i Meitheamh 2024.

D'fhorbair Comhairle Contae Chorcaí an suíomh gréasáin seo le go mbeadh sé inrochtana agus éasca le húsáid, ag cur ar fáil eolas tráthúil agus ábhartha ar bhealach atá sothuigthe. Gheobhaidh tú eolas faoi ábhair atá spéisiúil duit, chomh maith le heolas faoi sheirbhísí ar féidir leat rochtain a fháil orthu.

Creidim go bhfuil sé fíorthábhachtach go mothódh saoránaigh ceangal lena gComhairle áitiúil agus lena gcuid Comhaltaí Tofa; níl sa suíomh gréasáin seo ach ceann de na bealaí cumarsáide atá ann idir Comhairle Contae Chorcaí agus na pobail agus na páirtithe leasmhara inár gcontae.

Go raibh maith agat as cuairt a thabhairt ar Chomhairle Contae Chorcaí; tá súil agam go n-aimseoidh tú a bhfuil ag teastáil uait, agus go leanfaidh tú ort ag tabhairt cuairte ar an suíomh gréasáin de réir mar a chuirfear gnéithe nua leis le himeacht ama.

Le gach dea-ghuí,

An Comhairleoir Frank O'Flynn, Méara Chontae Chorcaí.

Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Contae Chorcaí

Urlár 14, Halla an Chontae, Bóthar Charraig Ruacháin, Corcaigh, T12 R2NC

Teil: 021-4285367

Ríomhphost: mayor@corkcoco.ie