Leabharlann Dhún Mánmhaí

Dunmanway Library

Uaireanta Oscailte

Dé Máirt go Dé Sathairn: 9.30r.n. - 5.30i.n.

Dúnta ar an Luan.

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine Saoire Bainc.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil.

 

Tá réimse leathan leabhar le haghaidh daoine fásta, páistí agus déagóirí ar fáil i leabharlann Dhún Mánmhaí, lena n-áirítear closleabhair ar dhlúthdhioscaí agus ar chaiséid agus leabhair mhórchló. Tá rogha leabhar tagartha sa leabharlann freisin.

Seo iad na nuachtáin atá ar fáil le léamh sa leabharlann: The Irish Times, The Irish Examiner, The Irish Independent, agus The Southern Star.

Tá rogha irisleabhar ar fáil freisin, mar shampla, Woman's Way, Hello, The Opinion.

 

Rochtain Idirlín

Tá rochtain idirlín ar fáil ar ríomhairí poiblí. Moltar an tseirbhís seo a chur in áirithe roimh ré. Tá Wi-Fi ar fáil chomh maith - is féidir leat do ghléas idirlín féin a úsáid sa leabharlann. Is gá cárta leabharlainne bailí a bheith agat chun córas idirlín na leabharlainne a úsáid.

Tá acmhainní luachmhara Idirlín ar fáil, lena n-áirítear Cartlann Nuachtáin na hÉireann, Britannica Online, JSTOR, Oxford Art Online, agus Oxford Music Online, Uaigheanna Stairiúla, R-Irisleabhair, R-Leabhair, agus R-Chlosleabhair chomh maith le rochtain saor in aisce ar chúrsaí ar líne.

Tá eolas agus foilseacháin ar leith a bhaineann le Comhairle Contae Chorcaí le fáil sa leabharlann agus ar líne, Straitéis Chomhtháite Forbartha Dhún Mánmhaí san áireamh.



Priontáil cianda 

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i Leabharlann Dhún Mánmhaí. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

 

 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach

Daite A4 60 cent san leathanach.

** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.)  Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.

 

2.) Ó do bhrabhsálaí

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!

 

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry)

  1. Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store.
  2. Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
  3. Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 

* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.

** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.

***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

Bróisiúr cianda priontála

Conas pas bordála a phriontáil

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive

Imeachtaí

Buaileann an grúpa cniotála agus cróiseála "Knit and Natter" le chéile gach maidin Aoine idir 10 am agus 12 meán lae i rith an téarma scoile. Tá fáilte roimh bhaill nua i gcónaí. Déan teagmháil leis an leabharlann chun tuilleadh sonraí a fháil.

Bíonn taispeántais de chuid grúpaí éagsúla - scoileanna, ealaíontóirí agus grúpaí comhphobail san áireamh - le feiceáil go rialta i Leabharlann Dhún Mánmhaí. Tá fuinneoga móra de stíl éadáin siopa ag an leabharlann agus tá siad an-fheiceálach ó phríomhchearnóg an bhaile, rud a chiallaíonn go bhfuil an leabharlann ina háit idéalach le haghaidh taispeántas. Is féidir dul i dteagmháil le baill foirne na leabharlainne chun tuilleadh eolais a fháil faoi na taispeántais a bhíonn ar siúl.

Bíonn féilte ar siúl go rialta i rith na bliana i gcomhar le hOifig Ealaíon an Chontae

Lá Fhéile Bríde i mí Feabhra

Seachtain Leabharlanna Éireann agus Seachtain na Gaeilge i mí an Mhárta

Ealaíona an tSamhraidh i mí Iúil agus mí Lúnasa

Féile Leabhar na bPáistí i mí Dheireadh Fómhair.

Téigh i dteagmháil leis an leabharlann, le do thoil, le haghaidh tuilleadh sonraí faoi na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl go luath.

 

Treoracha go dtí an Leabharlann

Tá Leabharlann Dhún Mánmhaí suite ar phríomhchearnóg an bhaile - Cearnóg an Mhargaidh. Tá sí ar thaobh na láimhe clé den chearnóg agus tú ag teacht ó Chathair Chorcaí/Dhroichead na Bandan. Tá an leabharlann suite idir Cógaslann Crowley's agus The Shamrock Bar. Tá páirceáil saor in aisce le fáil ar fud cheantar na Príomhchearnóige, áiteanna páirceála atá oiriúnach d'úsáideoirí cathaoireacha rothaí san áireamh, ach tá teorainn ama 2 uair an chloig i bfheidhm.