Seirbhísí Uisce agus Scéimeanna Fóirithinte Tuile

Scéim Deontais um Leasúchán Luaidhe Baile

Is é cuspóir na scéime deontais cabhrú le sealbhóirí tí leis an gcostas a bhaineann le píopaí agus feistis luaidhe atá suite laistigh den chóras dáileacháin inmheánach tí a athsholáthar.

Féadfaidh duine iarratas ar chúnamh a dhéanamh leis an údarás áitiúil faoin Scéim Leasaithe Deontais um Leasúchán Luaidhe Baile.

Roimh iarratas ar dheontas a dhéanamh ní mór go bhfuair an t-iarratasóir ceann amháin díobh seo a leanas:

(a) fógra ó sholáthraí uisce a chuireann in iúl gur dócha go bhfuil píopaí luaidhe agus feistis ghaolmhara laistigh den chóras dáileacháin inmheánach tí, nó

(b) teastas eisithe ag saotharlann atá creidiúnaithe ag Bord Náisiúnta na hÉireann um Chreidiúnú laistigh de na sé mhí díreach roimh dháta an iarratais a dheimhníonn go bhfuil luach paraiméadrach luaidhe sa soláthar uisce óil don teach lena mbaineann a sháraíonn an teorainn reachtúil de 10μg/l, nó

(c) fógra ó ghairmí tógála cláraithe a chuireann in iúl go bhfuil píopaí luaidhe agus feistis ghaolmhara suite laistigh den chóras dáileacháin inmheánach tí lena mbaineann.

Áirítear ar na coinníollacha incháilitheachta nua don chóras leasaithe deontais:

  • Deireadh leis an gceanglas maidir le tástáil acmhainne
  • Tabhairt isteach ráta aonfhoirmigh deontais de 100% de na costais incháilithe a bhaineann le haon phíobáin luaidhe agus/nó le haon fheisteas gaolmhar den sórt sin a athsholáthar, nó €5,000, cibé acu is ísle
  • Is féidir costas incháilithe breise a éileamh suas le €200 chun costais a bhaineann le teastas a fháil ó shaotharlann nó fógra a fháil ó ghairmí tógála cláraithe, mar atá leagtha amach in (b) agus (c) thuas. Tá an costas seo le cur san áireamh agus an t-uaschostas incháilithe de €5,000 á ríomh. Tabhair faoi deara nach costais incháilithe iad aon chostais indíreacha a thabhaíonn an t-iarratasóir féin
  • Ní mór gurb é an teach atá i gceist gnátháit chónaithe an iarratasóra
  • Is é €750 an t-íoschaiteachas ar oibreacha is gá le bheith incháilithe don deontas
  • Chun críocha na scéime seo, maidir le píopaí luaidhe nó feistis ghaolmhara a athsholáthar, ciallaíonn an costas ceadaithe an costas a mheasann an t-údarás áitiúil a bheith réasúnach chun na hoibreacha athsholáthair a dhéanamh nó an costas iarbhír a bhaineann leis na hoibreacha a dhéanamh, cibé acu is lú
  • Ní mór admháil bhunaidh ó gach conraitheoir a fostaíodh chun críche na n-oibreacha leasúcháin a bheith in éineacht le gach éileamh ar dheontas leis an méid iomlán a íocadh leo. Ní mór liosta mionsonraithe de na hoibreacha a rinneadh agus na costais ghaolmhara a bhaineann le gach earra a bheith san admháil a thugtar isteach
  • Ní mór teastas ón gconraitheoir a fhostaítear chun na hoibreacha a dhéanamh a bheith i ngach éileamh freisin a dheimhníonn go bhfuil gach ábhar a úsáidtear, lena n-áirítear píopaí agus feistis, ar cháilíocht iomchuí agus gur cloíodh le caighdeán cuí ceardaíochta le linn na 
  • n-oibreacha
  • Chun go n-aisíocann an t-údarás áitiúil admhálacha incháilithe leis an iarratasóir, ní mór stádas imréitigh cánach an chonraitheora a bheith cothrom le dáta

Ba cheart iarratais ar an deontas a dhéanamh le Comhairle Contae Chorcaí; trí Théarmaí agus Coinníollacha (pdf) Scéim Deontais um Leasúchán Luaidhe Baile a léamh.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas más mian leat an Fhoirm Éilimh (1a) a chomhlánú. Ba chóir duit í a phriontáil agus a phostáil: Foirm Éilimh (1a) Scéim Deontais um Leasúchán Luaidhe Baile (pdf).

Chomh luath agus atá d'fhoirm iarratais comhlánaithe agat, seol ar aghaidh í, le do thoil, in éineacht leis na doiciméid thacaíochta ar fad, chuig:

Uisce Tuaithe – Scéim Deontais um Leasúchán Luaidhe Baile

Seirbhísí Uisce - Airgeadas & Riarachán,

Urlár 10,

Comhairle Contae Chorcaí,

Halla an Chontae,

Corcaigh.

Éirchód: T12 R2NC.

Fógra Príobháideachta

Tá an Roinn tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus a urramú. Míníonn an Fógra Príobháideachta seo conas a phróiseálfaidh an Roinn, mar an Rialaitheoir Sonraí, na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil maidir le bainistiú agus riaradh na scéimeanna cúnaimh airgeadais seo; conas a úsáidfear an fhaisnéis sin, agus na cearta a fhéadfaidh tú a fheidhmiú maidir le do shonraí pearsanta.

Fógra Príobháideachta