Boithre Agus Iompar

Tionscadail ar siúl faoi láthair

1.  Scéim Nascachta an Oileáin Mhóir (R624 Bóthar an Chóibh)

Tá an Cóbh ar an dara lárionad uirbeach is mó i limistéar riaracháin Chomhairle Contae Chorcaí. Is é an R624 an t-aon nasc bóthair leis an Oileán Mór agus leis an gCóbh. De réir an Phlean Limistéir Áitiúil ‘tá fadhbanna móra acmhainne ag baint leis an R624 ag buaic-amanna, tá sé ailínithe go dona in go leor áiteanna agus bíonn tuilte ann ag Droichead Bhéal an Bhealaigh’ agus teastaíonn feabhsú suntasach uaidh le forbairt ar an Oileán Mór agus sa Chóbh a éascú.

 

Tá maoiniú deontais leithdháilte ag an Roinn Iompair ar Chomhairle Contae Chorcaí le tionscadal a fhorbairt le dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann leis an R624. Cuireadh Tuarascáil Measúnachta Straitéisí faoi bhráid na Roinne Iompair in 2022. Faoi réir fhaomhfar an Tuarascáil Measúnachta Straitéisí, forbróidh Comhairle Contae Chorcaí Réamhchás Gnó in 2023.

 

An image of scenary

2.  Bóthar Faoisimh Thiar Charraig Uí Leighin 

Tá Carraig Uí Leighin ar an lárionad uirbeach is mó i limistéar riaracháin Chomhairle Contae Chorcaí. Is tionscadal bóthair uirbigh 750m é Bóthar Faoisimh Thiar Charraig Uí Leighin, nó Bóthar na Potaireachta, a n-áirítear leis droichead nua a thrasnaíonn Abhainn na Baoi. Maolóidh an bóthar brú tráchta ar an bPríomhshráid agus éascóidh forbairt leanúnach Charraig Uí Leighin. 

Leithdháil an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maoiniú deontais ar an tionscadal faoi Chiste Athnuachana agus Forbartha na Tuaithe. Ina theannta sin, fuair an tionscadal maoiniú deontais ón Údarás Náisiúnta Iompair le bonneagar taistil ghníomhaigh a chur ar fáil mar chuid den tionscadal. Cuireadh 1.5km de raonta rothar tiomnaithe agus os cionn 3km de chosáin ar fáil mar chuid den tionscadal.

Ba é Atkins Ireland a dhear an bóthar féin, Mott MacDonald Ireland a dhear an droichead, agus J.B. Barry & Partners a dhear na seirbhísí uisce. Ba é Martin O’Callaghan Ltd. a thóg na réamhoibreacha agus BAM Civil Ltd. a thóg na príomhoibreacha.

D’oscail an Taoiseach Micheál Martin, TD agus Méara Chorcaí, an Comhairleoir Danny Collins, an bóthar go hoifigiúil i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Tá an tionscadal sa bhabhta ceannais i nGradaim Shármhaitheasa Earnáil Tógála na hÉireann, 2023.

A group of people cutting a ribbon

3.  Conair Nascachta Thuaidh Mhainistir na Corann (an chéim dheiridh)

Tá Mainistir na Corann ar an tríú lárionad uirbeach is mó i limistéar riaracháin Chomhairle Contae Chorcaí. Le Conair Nascachta Thuaidh Mhainistir na Corann a chríochnú, caithfear bóthar nua a thógáil idir an R627 ag Cnoc na nGabhar agus an R907/N25. Cuirfear an dlaoi mhullaigh leis sin ar an mbealach timpeall Mhainistir na Corann, le naisc leis an N25 ar an dá thaobh den bhaile. Tiocfaidh laghdú ar an trácht i lár an bhaile mar thoradh air sin, go háirithe feithiclí earraí troma.

Áireoidh leis an tionscadal uasghrádú ar an acomhal atá ann cheana idir an R907 agus an N25 le timpeallán nua. Cuirfidh an timpeallán seo le sábháilteacht ar bhóithre.

Beidh áiseanna coisithe agus rothaíochta ina gcuid den scéim bheartaithe, a nascfaidh le háiseanna ar an gcuid den Chonair Nascachta atá ann cheana, chomh maith le Glasbhealach Mhainistir na Corann-Eochaille.

Tá Comhairle Contae Chorcaí ag súil go gcuirfear an réamhdhearadh i gcrích in 2023 agus is é an sprioc go dtabharfar aghaidh ar na próisis reachtúla sa dara leath de 2023.

Is é Atkins Ireland atá ag tabhairt faoin réamhdhearadh.

4.  Athailíniú R595 na Seanchúirte, Dhún na Séad, an Sciobairín

Tá gá le hoibreacha feabhsúcháin bóthair ar an R595 ag an tSeanchúirt, gar do Dhún na Séad, le sábháilteacht bóithre a fheabhsú. Tá drochailíniú cothrománach agus ingearach agus leithead neamh‑imleor ag baint leis an mbóthar reatha san áit seo. Beidh na hoibreacha athailínithe atá ag teastáil 700 méadar ar fad.

Thug Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Chorcaí cead pleanála don tionscadal in 2018. Tá na réamhoibreacha curtha i gcrích agus is é an sprioc go dtabharfar faoi na príomhoibreacha tógála in 2023.

Tá maoiniú deontais leithdháilte ag an Roinn Iompair ar Chomhairle Contae Chorcaí leis an tionscadal a thabhairt chun críche.

Tá an dearadh mionsonraithe á dhéanamh ag O’Connor Sutton Cronin.

5.  Athailíniú an R586 ag Droichead na hAighlinne

Tá gá le hoibreacha feabhsúcháin bóthair ar an R586 ag Droichead na hAighlinne, gar do Dhrom Dhá Liag, le sábháilteacht bóithre a fheabhsú. Tá drochailíniú cothrománach agus ingearach ag baint leis an mbóthar reatha san áit seo. Beidh na hoibreacha athailínithe atá ag teastáil 1.2km ar fad agus áireofar leo droichead nua a thógáil thar an Aighlinn.

Tá maoiniú deontais leithdháilte ag an Roinn Iompair ar Chomhairle Contae Chorcaí leis an tionscadal a thabhairt chun críche.

Cuireadh tús i mí an Mhárta 2023 le réamhoibreacha cuimsitheacha, lena n-áirítear glanadh láithreáin, fálú, draenáil agus tógáil 2 íosbhealach eallaigh. Is é Martin O'Callaghan Ltd. atá i mbun na réamhoibreacha. Is é an sprioc go dtabharfar faoi phríomhoibreacha tógála an tionscadail in 2024.

6.  Athailíniú an R572 ag Eadargóil

Tá gá le hoibreacha feabhsúcháin bóthair ar an R572 ag Eadargóil le sábháilteacht bóithre a fheabhsú. Tá drochailíniú cothrománach ag baint leis an mbóthar reatha san áit seo. 

Tá maoiniú deontais leithdháilte ag an Roinn Iompair ar Chomhairle Contae Chorcaí leis an tionscadal a thabhairt chun críche.

Is é Atkins Ireland atá ag tabhairt faoin réamhdhearadh. Is é an sprioc go dtabharfar an réamhdhearadh chun críche in 2023.

7.  Uasghrádú ar R600 Chros Bowen

Tá gá le hoibreacha feabhsúcháin bóthair ar an R600 ag Cros Bowen le sábháilteacht bóithre a fheabhsú. Tá drochailíniú cothrománach agus ingearach ag baint leis an mbóthar reatha san áit seo. 

Thug Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Chorcaí Cead Pleanála Chuid 8 don tionscadal in 2022.

Tá maoiniú deontais leithdháilte ag an Roinn Iompair ar Chomhairle Contae Chorcaí leis an tionscadal a thabhairt chun críche.

Tá dearadh mionsonraithe na n-oibreacha á dhéanamh ag Comhairle Contae Chorcaí. Is é an sprioc go dtabharfar faoi na príomhoibreacha tógála in 2023.

 

A graphic of a road project

8.  Feabhsuithe taistil ghníomhaigh ag Bóthar Bhaile an Réithigh agus Timpeallán Gharrán na Fuinseoige, Carraig Uí Leighin

Tá Carraig Uí Leighin ar an lárionad uirbeach is mó i limistéar riaracháin Chomhairle Contae Chorcaí. Bhí bearta feabhsaithe coisithe agus rothaíochta ag teastáil ar Bhóthar Bhaile an Réithigh agus ag Timpeallán Gharrán na Fuinseoige leis an taisteal gníomhach a chur chun cinn i gCarraig Uí Leighin, go háirithe i gcóngaracht champas Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí.

Thug Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Chorcaí Cead Pleanála Chuid 8 don tionscadal in 2020.

Leithdháil an Roinn Iompair agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair maoiniú deontais ar Chomhairle Contae Chorcaí leis an tionscadal a thabhairt chun críche.

Ba í Comhairle Contae Chorcaí a dhear na hoibreacha agus McGinty O’Shea Ltd. a thóg iad. Cuireadh na hoibreacha i gcrích in 2022.

Tá an tionscadal sa bhabhta ceannais i nGradaim Shármhaitheasa Earnáil Tógála na hÉireann, 2022.

A car driving on a road

9.  Tionscadal Píolótach maidir leis an Soláthar Poiblí Glas sa Chothabháil Bóithre

Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 50% faoi 2030 agus leis an neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050. In 2023 thug an Roinn Iompair maoiniú do Chomhairle Contae Chorcaí le tabhairt faoi thionscadal píolótach um an soláthar poiblí glas. Cuirfear faoi chaibidil sa tionscadal bealaí a bhféadfaí an soláthar poiblí glas a fhí isteach i gcláir cothabhála bóithre. Beidh príomhról ag an soláthar poiblí glas san aistriú go geilleagar ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní. Bainfidh Comhairle Contae Chorcaí leas as an soláthar poiblí glas le táirgí agus seirbhísí cothabhála bóithre a fhorbairt atá idir nuálach agus neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tá gréasán na mbóithre i gContae Chorcaí chomh mór sin go bhfuil sé ina léiriú ar ghréasáin Údarás Áitiúla tuaithe ar fud na tíre. Rachaidh torthaí an tionscadail phíolótaigh chun tairbhe do na hÚdaráis Áitiúla go léir i dtaobh cleachtais soláthair phoiblí ghlais a fhorbairt agus spriocanna laghdaithe carbóin a bhaint amach.

Machinery moving dirt

10. Clárchosán an Chlr. Dan Joe Fitzgerald, Droichead Mhala

Tógadh Clárchosán an Chlr. Dan Joe Fitzgerald ag Droichead Mhala d’fhonn an bealach a dhéanamh níos sábháilte do choisithe agus an taisteal gníomhach a chur chun cinn i Mala. Greamaíodh an clárchosán nua de thaobh an droichid cloiche a bhí ann cheana, is é sin le rá gur baineadh úsáid as sócmhainn a bhí ann cheana féin le taisteal inbhuanaithe a chur ar fáil don am i láthair agus don am atá le teacht. D’oscail Méara Chorcaí, an Comhairleoir Gillian Coughlan, an Clárchosán go hoifigiúil i mí an Mheithimh 2022.

Tar éis fáil réidh leis an gcosán a bhí ann cheana ar an droichead, bhí dóthain spáis ann le lánaí casta a chur isteach. Tá an sruth tráchta ag an droichead i bhfad níos fearr anois de bharr na lánaí casta sin, rud ba chúis le laghdú ar an mbrú tráchta thart ar an droichead agus sa bhaile agus sábháilteacht fheabhsaithe d’úsáideoirí uile na mbóithre. 

Leithdháil an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Tionól an Deiscirt maoiniú deontais ar Chomhairle Contae Chorcaí.

Tá an tionscadal sa bhabhta ceannais i nGradaim Shármhaitheasa Earnáil Tógála na hÉireann, 2023 agus i nGradaim LAMA, 2023.

 

Cllr Dan Joe Fitzgerald Boardwalk, Mallow Bridge

11. Nascbhóthar Cheann Toirc

Nascann Nascbhóthar Cheann Toirc an Linn Ghorm Uachtarach le Bóthar an Mhuilinn agus feabhsaíonn nascacht leis an mbaile agus leis an scoil nua ar Bhóthar an Mhuilinn, chomh maith rochtain orthu. Áirítear leis na hoibreacha a cuireadh i gcrích 450m de charrbhealach nua, cosáin, raonta rothar, trasrianta coisithe, draenáil uisce dhromchla, soilsiú poiblí agus duchtú. Spreagann na cosáin agus na raonta rothar nua taisteal gníomhach sa bhaile. Éascóidh an bóthar forbairt Cheann Toirc amach anseo.

Leithdháil an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail maoiniú deontais ar Chomhairle Contae Chorcaí faoi Chiste Athnuachana agus Forbartha na Tuaithe.

D’oscail an Clr. Gillian Coughlan, Méara Chontae Chorcaí, agus Michael McGrath T.D., an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Nascbhóthar Cheann Toirc go hoifigiúil i mí na Samhna 2021.