Turais Ghrúpa & Scoile ar Dhún Camden Uí Mheachair:

Camden Fort Meagher Spiral Stiarcase

Ó tharla go bhfuil scéal le hinsint ag gach cúinne, agus ailtireacht álainn le feiceáil freisin, níl aon amhras ach go rachaidh Dún Camden Uí Mheachair i bhfeidhm go mór ar mhic léinn bhunscoile agus mheánscoile mar aon le grúpaí éagsúla lena n-áirítear gasóga, clubanna, turais láneagraithe, grúpaí iarshaighdiúirí agus neart grúpaí eile nach iad. 

Is féidir lenár dtreoraithe turais freastal ar ghrúpaí éagsúla atá ag cur spéise i gnéithe éagsúla, grúpaí ina bhfuil líon difriúil daoine, aoisghrúpaí difriúla agus turais a mhaireann tréimhsí éagsúla. 

I rith ar ngnáth-thurais tugtar cuairt ar na pasáistí faoi thalamh, ar na taispeántais agus tugtar deis do dhaoine lán a súl a bhaint as na radhairc de Chuan Chorcaí.

Is féidir pacáistí turais & lóin in éindí a eagrú freisin.

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí ghlao teileafóin nó trí ríomhphost a sheoladh chugainn má theastaíonn breis eolais uait.