Fermoy Library

Uaireanta Oscailte

Máirt go Satharn, 10.00 rn - 1.00 in & 2.00 - 5.30 in (Dúnta 1.00 - 2.00 in)

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine Saoire Bainc.

Dúnta ar an Luan.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

Is féidir le daoine fásta agus páistí réimse leathan leabhar, leabhair ar théipeanna agus ar dhlúthdhioscaí san áireamh, a fháil ar iasacht ó Leabharlann Mhainistir Fhear Maí. Tá rogha leabhar tagartha ginearálta ar nós ciclipéidí agus foclóirí ar fáil sa leabharlann freisin.

Tá na nuachtáin agus na tréimhseacháin reatha seo a leanas ar fáil le léamh sa leabharlann: the Irish Examiner, The Irish Times, Avondhu, Consumer Choice agus Which.

 

 

Rochtain Idirlín

Tá an t-idirlíon ar fáil ar cheithre ríomhaire. Moltar an tseirbhís seo a chur in áirithe roimh ré. Tá Wi-Fi ar fáil freisin do bhaill na leabharlainne.

Priontáil cianda
Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann Mainistir Fhear Maí. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.
 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach
Daite A4 60 cent san leathanach.
** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.)  Le ríomhphost 
Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.
A4 Dubh & Bán: fermoybwa4@printspots.com
A4 Daite: fermoycola4@printspots.com
2.) Ó do bhrabhsálaí:
Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!
3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry):
1.    Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store
2.    Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
3.    Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.
 
* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.
** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.
***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin. 
Bróisiúr cianda priontála

Conas pas bordála a phriontáil

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive

 

Imeachtaí

Eagraítear imeachtaí éagsúla i rith na bliana, lena n-áirítear páirt a ghlacadh i bhFéile na Bealtaine, Clár Ealaíon an tSamhraidh, agus Féile Leabhar na bPáistí.

Déan Teagmháil Linn

Leabharlann Mhainistir Fhear Maí,

Sráid Uí Chonghaile,

Mainistir Fhear Maí,

Co. Chorcaí

P61 C663

Guthán: (025) 31318

R-phost: fermoy.library@corkcoco.ie