Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

Ciste um Fhorbairt Gheilleagrach (EDF)

Tugadh isteach an Ciste Forbartha Eacnamaíochta (EDF) in 2010 chun forbairt eacnamaíoch agus deiseanna jabchruthúcháin a chur chun cinn sa Chontae. Rinneadh tosaíochtaí cistithe a shainaithint, leagadh amach an nós imeachta chun iarratais a dhéanamh agus d'aontaigh an Chomhairle 1% dá hioncam bliantúil ó Rátaí Tráchtála a chur isteach sa Chiste.

Ar dtús, bhreathnaigh an EDF ar iarratais faoi na teidil seo a leanas;

  • Cistiú Caipitil,
  • Scéim Ráthaíochta Iasachta,
  • Tionscadail Fiontraíochta a pháirt-mhaoiniú le comhlachtaí Oideachais Tríú Leibhéal i réimsí na forbartha agus na tacaíochta gnó
  • Ionaid Fiontar a chur chun cinn agus a fhorbairt i mbailte, deascanna sealaíochta san áireamh
  • Féilte agus Chomhdhálacha a chur chun cinn,
  • Tionscnaimh a chomhchistiú le Comhairle Cathrach Chorcaí agus le Comhlachas Tráchtála Chorcaí,
  • Ócáidí gnó a eagraíonn an Chomhairle a mhaoiniú agus branda a fhorbairt don chlár.

Ónar tháinig EDF ar an bhfód, rinneadh An tAcht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014, An tAcht um Boird Fiontair Contae (Díscaoileadh) 2014 agus athruithe reachtúla eile a achtú; rud a rinne athrú ollmhór i ról na nÚdarás Áitiúil maidir le Forbairt Eacnamaíoch a chur chun cinn.

De thoradh ar an hathruithe sin i ról na Comhairle agus ar an bhfeabhas a tháinig i gcúrsaí eacnamaíochta sa tír, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar thosaíochtaí cisithe an EDF. Thit an t-éileamh ar Chistiú Caipitil agus Ráthaíochtaí Iasacht go mór. Tá éileamh níos mó ná riamh, áfach, ar mheantóireacht, tacaíochtaí boga, spás fiontar agus tionscadail chomhpháirtíochta. An tosaíocht is mó a chuirtear béim air anois ná cur chun cinn FDI agus fiontair dhúchasacha chomh maith le brandáil agus margaíocht an chontae agus na táirgí atá aige a fhorbairt.

Mar thoradh ar sin, ghlac an Chomhairle le leasuithe a rinneadh ar an EDF in 2015 agus is iad seo a leanas na tosaíochtaí nua cistithe atá aige

  • Margaíocht agus Turasóireacht Straitéiseach
  • Chomhpháirtíochtaí le Páirtithe Leasmhara Áitiúla agus Réigiúnacha
  • Forbairt Bhailte / Miondíola
  • Forbairt Táirgthe Bia agus Cúnaimh Easpórtála
  • Tionscnaimh Chomhchistiúcháin

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le economicdevelopment@corkcoco.ie