Cúlra Dhún Camden Uí Mheachair

Map of Camden Fort Meagher
Cad is brí le hainm...?

Ainm: James’ Battery. 

Ba é James’ Battery an t-ainm a bhí ar an dún is túisce a luaitear i ndoiciméid.

Ainm: Bataire Rams Head. 

Uasghrádaíodh an dún thar thréimhse dhá bhliain agus athainmníodh é mar Bataire Rams Head.

Ainm: Dún Camden. 

In onóir Fhear Ionaid an Rí na hÉireann agus Iarla Camden ag an am, John Jeffreys Pratt.

Ainm: Dún Uí Mheachair. 

In onóir Thomas Francis Meagher, a bhí i gceannas ar na hÉireannaigh Óga agus a nocht Trídhathach na hÉireann den chéad uair in 1848.

Ainm: Dún Camden Uí Mheachair. 

In onóir stair chomhcheangailte na Breataine agus na hÉireann a mhúnlaigh an dún.