Plans Underway in County Cork for Culture Night 2024

Cork County Council calls for expressions of interest as part of the annual national celebration of arts, culture and creativity.

Culture Night Parade in Carrigaline.

Taking place on Friday, the 20th of September this year, Culture Night / Oíche Chultúir is an annual all-island public event celebrating culture, creativity and the arts. The initiative seeks to actively promote the belief that our rich and varied culture is alive, treasured and nurtured in people’s lives every day.

Special and unique events and workshops are specifically programmed at participating locations and thanks to the continued support of The Arts Council and local authorities across the island of Ireland, all activities are made available to the public free of charge.

Cork County Council’s Library and Arts Service is inviting arts organisations, community groups, artists and others to submit proposals for events that will be programmed as part of Culture Night 2024. Cork County Culture Night will take place in the 17 Culture Night Hub Towns of Fermoy, Mitchelstown, Mallow, Charleville, Clonakilty, Skibbereen, Bantry, Bandon, Kinsale, Carrigaline, Passage West, Macroom, Baile Mhuirne, Midleton, Youghal, Cobh and Watergrasshill, as well as on the islands and in other locations across the county.

Welcoming the call for creative proposals, Mayor of the County of Cork, Cllr. Frank O’Flynn commented,

Over the past number of years Culture Night has brought together voluntary organisations from brass bands to youth theatres, established arts centres, music venues, artists, and other cultural spaces, to showcase the diverse and rich cultural offering our county boasts. We look forward to hearing from the wider cultural community and encourage all those interested in delivering events to submit a proposal.

For Culture Night 2024, Cork County Council will support events that provide opportunities for families, youth audiences, adults, and older people to participate. Collaborations between local groups proposing town programmes will be welcomed. Initiatives that have the capacity to animate public spaces in innovative and creative ways are also sought. There are a limited number of grants available to support the delivery of events throughout the county.

An online information session will be held on the 14th of March at 1.00pm for those interested in delivering events. To register, email arts@corkcoco.ie

Further information and application details are available at the link below.

The deadline for submission of proposals to Culture Night 2024 is 5.00pm on Friday the 19th of April 2024. Applications must be submitted online and late applications cannot be considered.  


Pleananna idir lámha i gContae Chorcaí d’Oíche Chultúir 2024 

Tá Comhairle Contae Chorcaí ag glaoch ar léirithe spéise mar chuid den cheiliúradh náisiúnta bliantúil ar na healaíona, ar an gcultúr agus ar an gcruthaitheacht.

Beidh Oíche Chultúir ar siúl ar an Aoine, an 20 Meán Fómhair i mbliana, agus is imeacht poiblí uile-oileánda a bheidh ann ina ndéanfar ceiliúradh ar chultúr, ar chruthaitheacht agus ar na healaíona. Féachann an tionscnamh leis an tuiscint a chur chun cinn go gníomhach go bhfuil ár gcultúr saibhir agus éagsúil beo, luachmhar agus cothaithe i saoil na ndaoine gach lá. 

Beidh imeachtaí agus ceardlanna speisialta agus uathúla cláraithe go sonrach sna hionaid rannpháirtíochta agus a bhuí le tacaíocht leanúnach ón gComhairle Ealaíon agus ó na húdaráis áitiúla ar fud oileán na hÉireann, tá gach gníomhaíocht ar fáil don phobal saor in aisce. 

Tugann Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíona Chomhairle Contae Chorcaí cuireadh d’eagraíochtaí ealaíon, do ghrúpaí pobail, d’ealaíontóirí agus do dhaoine eile tograí d’imeachtaí a chur faoinár mbráid a bheidh ar chlár mar chuid d’Oíche Chultúir 2024. Beidh Oíche Chultúir Chontae Chorcaí ar siúl sna 17 Molbhaile um Oíche Chultúir i Mainistir Fhear Maí, i mBaile an Mhistéalaigh, i Mala, sa Ráth, i gCloch na Coillte, i Sciobairín, i mBeanntraí, i nDroichead na Bandan, i gCionn tSáile, i gCarraig Uí Leighin, sa Phasáiste, i Maigh Chromtha, i mBaile Bhuirne, i Mainistir na Corann, in Eochaill, sa Chóbh agus i gCnocán na Biolraí, mar aon leis na hoileáin agus in ionaid eile ar fud an chontae.

Agus é ag fógairt an ghlaoigh ar thograí cruthaitheacha, bhí an méid seo le rá ag Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Frank O’Flynn,

Le blianta beaga anuas thug Oíche Chultúir eagraíochtaí deonacha le chéile idir bhannaí práis agus drámaíocht don aos óg, ionaid seanbhunaithe ealaíon, ionaid cheoil, ealaíontóirí, agus spásanna cultúrtha eile, chun an cultúr éagsúil agus saibhir a chur ar taispeáint lenar féidir lenár gcontae gaisce a dhéanamh faoi. Táimid ag súil go mór le cloisteáil ón bpobal cultúir níos leithne agus tugaimid spreagadh dóibh siúd a bhfuil spéis acu in imeachtaí a chur ar fáil agus tograí a chur faoinár mbráid.

Maidir le hOíche Chultúir 2024, tabharfaidh Comhairle Contae Chorcaí tacaíocht d’imeachtaí a chuireann deiseanna ar fáil do theaghlaigh, do lucht féachana óg, do dhaoine fásta agus do dhaoine scothaosta páirt a ghlacadh. Cuirfear fáilte roimh ghrúpaí áitiúla a mholann cláir do bhailte. Lorgaítear tionscnaimh a bhfuil sé d’acmhainn acu spásanna poiblí a bheochan ar bhealaí nuálacha agus cruthaitheacha. Tá líon teoranta deontas ar fáil chun tacú le himeachtaí a chur ar fáil ar fud an chontae.

Cuirfear seisiún eolais ar líne ar fáil an 14 Márta ar 1.00pm dóibh siúd a bhfuil spéis acu imeachtaí a chur ar fáil. Chun clárú seol ríomhphost chuig arts@corkcoco.ie

Tá breis eolais agus sonraí iarratais ar fáil anseo.

Is é an spriocdháta chun tograí a chur faoinár mbráid le haghaidh Oíche Chultúir 2024 ná 5.00pm Dé hAoine, an 19 Aibreáin 2024. Ní mór iarratais a dhéanamh ar líne agus ní féidir iarratais dhéanacha a mheas.