Bóithre Poiblí a Dhúnadh Go Sealadach

COMHAIRLE CONTAE CHORCAÍ
ACHT NA mBÓITHRE, 1993
BÓITHRE POIBLÍ A DHÚNADH GO SEALADACH

De bhun Alt 75 d’Acht na mBóithre 1993, agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre 1994, tugtar fógra leis seo go molann Comhairle Contae Chorcaí na bóithre seo a leanas a dhúnadh go sealadach don tréimhse agus leis an gcúis a shonraítear thíos: 

Bóithre a bheidh Faoi Réir an Dúnta Molta

R618, N22 Seachbhóthar Mhaigh Chromtha Acomhal Thuaidh agus Theas Baile Bhuirne agus bóthar áitiúil L-92208 ag Slieveriacht, Baile Bhuirne, Maigh Chromtha, Contae Chorcaí.

Tréimhse an Dúnta Molta 

Ó 09:00am Dé Luain, an 19ú Feabhra 2024 go dtí 18:00pm Dé hAoine, an 1ú Márta 2024. (Dúnadh 24 uair an chloig).

An Chúis atá leis an Dúnadh Molta

Chun athdhromchlú na dtimpeallán ag an Acomhal Baile Bhuirne a éascú.

Bealaí Malartacha

N22 trácht atá ag dul soir go Baile Bhuirne – lean ar aghaidh ag dul siar go dtí acomhal Thonn Láin agus imigh i dtreo Baile Bhuirne.

R-618 – trácht atá ag dul siar i sráidbhaile Bhaile Bhuirne – taisteal soir feadh an R-618 go dtí acomhal Thonn Láin agus téigh siar feadh an tseachbhóthair N22.

Coinneofar rochtain áitiúil fad is a bheidh an Dúnadh Bóthair i bhfeidhm.

Agóidí

Ba cheart agóidí in aghaidh an dúnta bóthair shealadaigh molta seo a dhéanamh i scríbhinn, chuig an té a shínigh, ag lua na Tagartha: TRC-218-2023, nach déanaí ná 5:00pm Dé Luain, an 22ú Eanáir 2024.  Ba cheart go gcuirfí sonraí teagmhála fóin san áireamh leis an agóid.

Stiúrthóir Seirbhísí,
Bóithre agus Iompar,
Comhairle Contae Chorcaí
Teach na Cúirte,
Sciobairín,
Contae Chorcaí

Seoladh ríomhphoist: roadclosures@corkcoco.ie