Bóithre Poiblí a Dhúnadh Go Sealadach

COMHAIRLE CONTAE CHORCAÍ
ACHT NA mBÓITHRE, 1993
BÓITHRE POIBLÍ A DHÚNADH GO SEALADACH

De bhun Alt 75 d’Acht na mBóithre 1993, agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre 1994, tugtar fógra leis seo go molann Comhairle Contae Chorcaí na bóithre seo a leanas a dhúnadh go sealadach don tréimhse agus leis an gcúis a shonraítear thíos: 

Bóithre a bheidh Faoi Réir an Dúnta Molta

R-584 Béal Átha an Ghaorthaidh, Co Chorcaí - ó Dhroichead Abha Bhun Sílinn go dtí an Chéarta.

Tréimhse an Dúnta Molta 

Ó 08:00 Dé Luain, 13 Bealtaine 2024 go dtí 17:00 Dé hAoine, 14 Meitheamh 2024 (Dúnadh 24 uair an chloig).

An Chúis atá leis an Dúnadh Molta

Chun éascaíocht a dhéanamh ar an obair chun séarach bréan agus príomhphíobán uisce a shuiteáil.

Bealaí Malartacha

Trácht ag dul soir: Sa Chaolchoill, lean an R-585 soir go dtí an Gleann.  Ag an nGleann, lean an R-587 ó thuaidh go Droichead na Toinne.  Ag Droichead na Toinne, lean an R-584 siar go Béal Átha an Ghaorthaidh.

Trácht ag dul siar: Ag Droichead na Toinne, lean an R-587 ó dheas go dtí an Gleann. Lean an R-585 siar go dtí an Chaolchoill.  Lean an R-584 soir go Béal Átha an Ghaorthaidh.

Ceadófar Rochtain Áitiúil ar feadh thréimhse an dúnta.

Agóidí

Ba cheart agóid ar bith i gcoinne an dúnta shealadaigh bóthair seo a dhéanamh i scríbhinn chuig an duine thíosluaite, agus an Uimhir Thagartha: TRC-32-2024 luaite sa litir, tráth nach déanaí ná 5pm Dé Céadaoin an 10 Aibreán, 2024. Ba cheart sonraí teagmhála teileafóin a lua san agóid freisin.

Stiúrthóir Seirbhísí,
Bóithre agus Iompar,
Comhairle Contae Chorcaí
Teach na Cúirte,
Sciobairín,
Contae Chorcaí

Seoladh ríomhphoist: roadclosures@corkcoco.ie