Cork County Council Announces New Culture and Creativity Strategy (Bilingual)

A group of people around a table with books

Cork County Council has launched its new 5-year Creative Ireland Culture and Creativity Strategy 2023-2027.  The Creative Ireland programme aims to create pathways to a wide range of creative and cultural possibilities, connecting individuals and communities and encouraging people of all ages to discover their personal creative potential. 

Launching the Strategy, Mayor of the County of Cork, Cllr. Danny Collins said,

“Since its introduction in 2017, the Creative Ireland programme has enriched the lives of many communities and individuals in Cork County. We are fortunate to have a rich and vibrant cultural and creative sector that contributes enormously to our sense of identity and to the quality of life we as citizens enjoy.  This can be seen in the many arts festivals that take place in every part of the county annually, in the extraordinary level of artistic production, the extensive cultural heritage that has been preserved and the level of individual and communal engagement in the arts. This new strategy aims to further enhance our understanding of the transformative power of culture and creativity and to set out various paths through which we can work for the betterment of the communities we live in.

Chief Executive of Cork County Council, Tim Lucey welcomed the new creative plan for the county,

Cork County Council has fully embraced the Creative Ireland Programme since its inception.  In doing so, we have seen how the Creative Ireland proposition connects to and complements the work that we do.  We are closely connected to the communities we serve through our Elected Members and the services we provide.  We have seen the value and returns generated by strategic investment in arts, culture, heritage, and community development.  Our goal as a local authority is to make Cork County an attractive place to live, work, visit and invest in, and a thriving cultural and creative ecosystem is a very important component in this work. The Council, in partnership with Creative Ireland, will fully support the implementation of this exciting new strategy over the next five years.

There will be many opportunities for the people of Cork to get involved with the Creative Ireland programme over the coming five years. Funding opportunities such as the Creative Community Project Scheme, the Creative Community Networks Scheme and the Creative Space Start-up scheme are now open for applications. 

The Creative Community Project Scheme 2023 will support local communities and the creative sector in developing and delivering an innovative project, event or initiative that will help stimulate creativity in the community. 

The Community Creative Networks Scheme will establish and work with Community Creative Networks (CCN) in Cork County towns. These networks will bring together interested parties such as community and voluntary groups, members of the business community, special interest groups, artists, makers and others who wish to develop and deliver on a shared, inclusive, cultural and creative vision for the betterment of their local areas.

The Creative Start-up Scheme supports artists, designers, and craftspeople to establish retail spaces in which to sell their work, while supporting the Council in revitalising commercial centres in towns and villages. 

Applications for the Community Creative Projects and Community Creative Networks schemes will close on the 26th of March 2023, while the deadline for the Creative Space Start-up scheme is the 14th of April 2023.

 

 


Straitéis Nua Cultúir agus Cruthaitheachta Fógartha ag Comhairle Contae Chorcaí

Tá Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta 2023-2027 seolta ag Comhairle Contae Chorcaí. Tá sé mar aidhm ag clár Éire Ildánach bealaí a chruthú chuig raon leathan féidearthachtaí cruthaitheacha agus cultúrtha, ag nascadh daoine aonair agus pobail agus ag spreagadh daoine de gach aois lena n-acmhainneacht chruthaitheach phearsanta a aimsiú.

Ag seoladh na Straitéise, dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Danny Collins,

Ó tugadh isteach in 2017 é, tá saibhriú déanta ag an gclár Éire Ildánach ar shaol go leor pobal agus daoine aonair i gContae Chorcaí. Tá an t-ádh orainn go bhfuil earnáil chultúrtha agus cruthaitheach againn atá saibhir agus bríomhar, agus a chuireann go mór lenár mbraistint féiniúlachta agus leis an gcaighdeán saoil ár saoránaigh. Tá sé seo le feiscint sna féilte ealaíon iomadúil a bhíonn ar siúl i ngach cearn den chontae gach bliain, sa leibhéal iontach léirithe ealaíonta, san oidhreacht chultúrtha fhairsing atá caomhnaithe agus i leibhéal na rannpháirtíochta aonair agus pobail sna healaíona. Tá sé mar aidhm ag an straitéis nua seo ár dtuiscint ar chumhacht bunathraithe an chultúir agus na cruthaitheachta a fheabhsú tuilleadh agus bealaí éagsúla a leagan amach trínar féidir linn oibriú ar mhaithe leis na pobail ina gcónaímid.

Chuir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey fáilte roimh an bplean cruthaitheach nua don chontae,

Tá Comhairle Contae Chorcaí tar éis glacadh go hiomlán le Clár Éire Ildánach ó cuireadh tús leis. Agus é sin á dhéanamh againn, chonaiceamar an chaoi a nascann tairiscint Éire Ildánach leis an obair a dhéanaimid agus comhlánaíonn sé leis. Táimid ceangailte go dlúth leis na pobail ar a bhfreastalaímid trínár mBall Tofa agus na seirbhísí a chuirimid ar fáil. Chonaiceamar an luach agus na torthaí a ghintear ó infheistíocht straitéiseach sna healaíona, sa chultúr, san oidhreacht agus i bhforbairt pobail. Is é an sprioc atá againn mar údarás áitiúil ná áit tharraingteach a dhéanamh de Chontae Chorcaí le maireachtáil ann, le hoibriú ann, le cuairt a thabhairt air agus le hinfheistíocht a dhéanamh ann, agus tá éiceachóras rathúil cultúrtha agus cruthaitheach ina chomhpháirt ana-thábhachtach den obair seo. Tacóidh an Chomhairle, i gcomhpháirtíocht le hÉire Ildánach, go hiomlán le cur i bhfeidhm na straitéise nua spreagúil seo thar na cúig bliana atá romhainn.

Beidh go leor deiseanna ann do mhuintir Chorcaí a bheith páirteach sa chlár Éire Ildánach sna cúig bliana amach romhainn. Tá deiseanna maoinithe ar nós Scéim na dTionscadal Pobail Cruthaitheach, Scéim na Líonraí Pobail Cruthaitheacha agus an scéim um Ghnólachtaí Nuathionscanta Cruthaitheacha ar oscailt anois le haghaidh iarratas.

Tacóidh Scéim na dTionscadal Pobail Cruthaitheach 2023 le pobail áitiúla agus leis an earnáil chruthaitheach chun tionscadal, imeacht nó tionscnamh nuálach a fhorbairt agus a sheachadadh a chuideoidh le cruthaitheacht a spreagadh sa phobal.

Bunóidh agus oibreoidh an Scéim Líonraí Cruthaitheacha Pobail le líonraí cruthaitheacha pobail (CCN) i mbailte Chontae Chorcaí. Tabharfaidh na líonraí seo páirtithe leasmhara le chéile, amhail grúpaí pobail agus deonacha, baill den phobal gnó, grúpaí sainleasa, ealaíontóirí, déantóirí agus daoine eile ar mian leo fís chomhroinnte, cuimsitheach, cultúrtha agus cruthaitheach a fhorbairt agus a sheachadadh ar mhaithe le leas na gceantar áitiúil.

Tacaíonn an Scéim um Ghnólachtaí Nuathionscanta Cruthaitheach le healaíontóirí, dearthóirí agus ceardaithe chun spásanna miondíola a bhunú chun a gcuid oibre a dhíol, agus ag an am céanna tugann sé tacaíocht don Chomhairle chun ionaid tráchtála a athbheochan ar fud na mbailte agus na sráidbhailte.

Dúnfar iarratais ar Scéim na dTionscadal Pobail Cruthaitheach agus an Scéim Líonraí Cruthaitheacha Pobail ar an 26 Márta 2023, agus is é an 14 Aibreán 2023 an spriocdháta do Scéim um Ghnólachtaí Nuathionscanta Cruthaitheach.